‘Ní throidfinn toghchán ar an mBreatimeacht gan mhargadh’ – Boris Johnson

Tuairiscítear chomh maith gur gheall sé nach ndéanfaidh sé aon socrú toghchánaíochta go deo le Nigel Farage agus nach dtabharfadh sé a bheannacht do Bhreatimeacht gan mhargadh sa chás go gcuirfí moill eile ar an mBreatimeacht

‘Ní throidfinn toghchán ar an mBreatimeacht gan mhargadh’ – Boris Johnson

Tuairiscítear go bhfuil ráite ag Boris Johnson le grúpa d’ochtó feisire óna pháirtí nach dtroidfidh sé olltoghchán ar Bhreatimeacht gan mhargadh sa chás go gcuirtear moill ar an mBreatimeacht.

Tuairiscítear chomh maith gur gheall sé nach ndéanfaidh sé aon socrú toghchánaíochta go deo le Nigel Farage, ceannaire an Brexit Party atá ar son an tAE a fhágáil gan aon mhargadh a bheith déanta.

Dúirt Damian Greenceannaire One Nation, an grúpa d’fheisirí de chuid na dTóraithe, leis an Guardian gur fhéach Johnson “idir an dá shúil air” agus gur gheall sé nach dtabharfadh sé a bheannacht do Bhreatimeacht gan mhargadh.

Tagann an scéal seo sna sála ar ráiteas láidir ó phríomh-idirbheartaí Breatimeachta an AE Michel Barnier ina ndúirt sé nach “féidir” leis an Aontas teacht ar shocrú leis an Ríocht Aontaithe faoi láthair.

“Le bheith fírinneach faoi chúrsaí, agus iarracht á dhéanamh againn a bheith oibiachtúil faoi, ag an tráth seo ní féidir linn dáiríre teacht ar chomhaontú.

“…Is é an rud faoi, áfach, go bhfuil brú ama orainn. Níl ach seachtain againn go dtí cruinniú mullaigh na Comhairle Eorpaí,” arsa Barnier.

Ar chruinniú a cheaptar a bheidh ag an Taoiseach Leo Varadkar le Johnson amárach a bheifear ag faire anois d’aon chomhartha dóchais i dtaobh socraithe.

Dúirt Barnier go raibh “údar mór imní” i moltaí na Breataine faoi cheist na teorann in Éirinn.

“I dtús báire, tá ceist na teorann agus na seiceálacha ar earraí in Éirinn ann. Bhí an Príomh-Aire Johnson an-soiléir riamh nach nglacann sé leis an gcúlstop, ar sórt árachas atá ann, eangach shábhála a shocraigh muid le Rialtas Theresa May. Sin pointe amháin,” a dúirt príomh-idirbheartaí Breatimeachta an AE Michel Barnier.

Idir an dá linn, dúirt Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh nach gcuirfeadh sé socrú as an áireamh ach nach mbeadh aon ghlacadh le “cluiche an mhilleáin ó [dhream] Londan”.

“Ní in Westminster amháin atá parlaimint, tá ceann anseo chomh maith, agus ní dhéanfar aon socrú gan a beannacht siúd,” arsa Jean-Claude Juncker.

Tuairiscíodh níos túisce inniu gur tháinig deireadh tobann leis na cainteanna is déanaí faoin mBreatimeacht.

Dúradh le taidhleoirí ón 27 ballstát eile ar maidin nach raibh aon athrú ar mholtaí na Ríochta Aontaithe a thabharfadh misneach duit go dtiocfar ar mhargadh.

Trí seachtaine atá fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta, an 31 Deireadh Fómhair.

Lá corrach ceart i scéal an Bhreatimeachta ab ea an lá inné, nuair a chuir foinse anaithnid i Sráid Downing i leith sheansailéir na Gearmáine Angela Merkel go raibh veto á bhagairt aici chun an Ríocht Aontaithe a stopadh ón aontas custam a fhágáil.

Chuir Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, i leith Boris Johnson nach raibh bun ná barr lena chur chuige.

Dúirt Michel Barnier inniu go mbeadh an tAE “dearfach” agus “stuama” maidir le margadh a dhéanamh.

Dúirt sé go bhféadfaí margadh a dhéanamh más deacair féin é.

Fág freagra ar '‘Ní throidfinn toghchán ar an mBreatimeacht gan mhargadh’ – Boris Johnson'