‘Ní raibh táirgí Aldi á moladh agam le linn Aifreann an Domhnaigh!’ – an tAthair Brian Ó Fearraigh

Thriail córas Facebook Live focail Bhéarla a aithint le linn an Aifrinn a bhí á léamh i nGaeilge i nGaeltacht Dhún naGall

‘Ní raibh táirgí Aldi á moladh agam le linn Aifreann an Domhnaigh!’ – an tAthair Brian Ó Fearraigh

Chuir fotheidealú a rinne Facebook ar Aifreann Gaeilge a craoladh beo ar líne mearbhall ar an lucht féachana sa bhaile ag an deireadh seachtaine.

An sagart aitheanta Brian Ó Fearraigh a bhí i mbun an chraolta beo ó Theach Pobail an Chroí Ró-Naofa, i nDún Lúiche i nGaeltacht Dhún na nGall agus an chuma ar na fotheidil go raibh táirgí Aldi agus earraí eile á moladh aige le linn an Aifrinn.

An teicneolaíocht aitheanta gutha ar Facebook Live ba chúis leis an mearbhall nuair a thriail córas Facebook focail Bhéarla a aithint le linn an Aifrinn a bhí á léamh i nGaeilge.

Roinn an tAthair Ó Fearraigh na pictiúir ar a leathanach Facebook agus tá go leor gáire spreagtha aige.

Agus na pictiúir á roinnt aige dúirt an tAthair Ó Fearraigh go raibh na fotheidil “craiceáilte” a cuireadh lena Facebook Live “aisteach ach greannmhar”. Dheimhnigh sé chomh maith nach raibh táirgí Aldi ná rothair Brompton á moladh aige le linn an Aifrinn.

Fág freagra ar '‘Ní raibh táirgí Aldi á moladh agam le linn Aifreann an Domhnaigh!’ – an tAthair Brian Ó Fearraigh'