Ní raibh fear ab fhearr a léirigh nádúr agus dúchas ar leith Thoraí ná Rí an oileáin

Amárach a chuirfear i gcré na cille Peatsaí Dan Mag Ruaidhrí Rí ildánach ilghnéitheach Thoraí, a bhásaigh ag an deireadh seachtaine

Ní raibh fear ab fhearr a léirigh nádúr agus dúchas ar leith Thoraí ná Rí an oileáin

Tá nádúr agus dúchas ar leith in Oileán Thoraí agus níl fear is fearr a léirigh na tréithe a bhaineann leis an traidisiún sin ná Peatsaí Dan Mag Ruaidhrí. B’fhear ildánach, ilghnéitheach é Peatsaí agus thiocfaí a rá gan bhréag gan áibhéil gur trína dhúchas oileánach a bhain sé amach barr a chumais mar dhuine agus mar ionadaí dílis éifeachtach dá phobal.

I mBaile Átha Cliath a rugadh é agus, in aois a cheithre bliana dó nó mar sin, d’altramaigh Dan Dhonnchaidh Mag Ruaidhrí agus a bhean Bríd Ní Fhuaruisce (Bidí Eoin Bhig) an tachrán agus thóg siad é mar mhac uchta dílis dá gcuid féin.

Blianta a bhí iontu sin ina raibh muintir an oileáin ag déanamh cúis iontu féin, nó i mbéarlagair an lae inniu, bhí siad beo i sochaí fhéinchothaitheach cuid mhór. Cinnte bhí airgead na hAlban agus airgead Mheiriceá ag teacht mar thaca, ach b’as talamh agus farraige a thuill na daoine a mbeatha an t-am sin chomh maith le beagán den chúnamh Stáit.

D’ainneoin nuálacha áirithe a tháinig le gach glúin, ba mhodh maireachtála a bhí ann nach dtáinig oiread sin athruithe air leis na cianta agus bhí a shliocht sin ar chaint na ndaoine, téarmaíocht leathan dhúchasach a rinne cur síos ar gach gné d’obair na feirmeoireachta, na hiascaireachta agus an dúlra muirí a bhí ina dtimpeall.

Chaithfí an curach a ‘chosnú’ in éadan na gaoithe agus na farraige, is é sin í a láimhdeachas sa dóigh agus nach dtógfadh sí uisce agus nach n-imeodh sí ó smacht go tóin poill. Chaithfí an seol a roiseadh agus a chornadh, chaithfeadh fear na binne a shúil a choinneáil ar na scadáin ag déanamh srotha. Bhí deargóga, glasáin, liúdair, garbhánaigh agus troisc acu gan trácht ar bhalláin agus an iomataí iasc eile. Chaithfeadh achan duine a gcuid ranna a dhéanamh lena mbeatha a thabhairt i dtír. Théití go Cnoc Fola leis an mhóin a bhaint, a shrathnú, a chróigeadh agus a thriomú le grian is le gaoth, le connadh an gheimhridh a chinntiú.

Ní raibh an obair throm ann léi féin gan sos. Chomh maith leis an streachailt, bhí am ann don cheol, don damhsa agus do na hamhráin. Leag béas an oileáin tábhacht riamh ar scéalaíocht, ar sheanchas, agus ar shiamsaíocht agus bhí meas ar leith orthu siúd a raibh lámh mhaith acu ar na suáilcí sin. Tuigeadh gan cheist, agus ní raibh feidhm a dhul níb’ fhaide leis, gur chuidigh an caitheamh aimsire an tuirse agus an masla a dhéanamh níb éadroime. Mhair an ceol agus an caitheamh aimsire go láidir agus maireann go fóill. Bhí Peatsaí ar dhuine acu sin a bhí i gcroílár gach coirme agus a rinne cinnte de nach rachadh an lasóg as, nó go mbeadh a seacht sáith ag achan duine den ghreann.

Chonaic Peatsaí a sciar den seansaol sin ach bhí athrú ag teacht agus é ina fhear óg sna seascaidí agus an saol ag bisiú ar bhealaí éagsúla le teacht na heacnamaíochta nua-aimseartha. Mhair na sean-nósanna i dToraigh i gcónaí mar sin féin, agus má mhair, ní i ngan fhios don rialtas é. Bhí daoine áirithe den tuairim gurbh fhearr pobal an oileáin a athsheadú ar tír mór agus ó na seachtóidí amach bhí an soiscéal sin á bhrú gan stad ar na daoine. Bhí Peatsaí ar dhuine acu sin a sheas an fód.

Ba dheacair an cinneadh é ag lánúin nua-phósta agus iad ag smaoineamh amach rompu ar an saol a bhí i ndán dóibh féin is dá gclann. Idir é féin agus a bhean, Caitlín Ní Dhúchon, Caitlín an Chnocáin, lena hainm oileánda a thabhairt uirthi, shocair siad fanacht. Thóg siad ceathrar clainne istigh agus tá a sliocht sin anois ag teacht i méadaíocht ar a seal féin, le Táin Thoraí a chur ar aghaidh cúpla coiscéim eile. Blianta corracha a bhí iontu agus hobair go mbrisfeadh an scaifte a d’imigh i 1981 spiorad daingean an mhuintir a d’fhan, ach ní mar sin a tharla agus tá glórtha na n-óg le cluinstin istigh go dtí an lá inniu agus na glórthaí céanna ag dul i líonmhaire. 

Bhíodh Derek Hill ag tarraingt go rialta ar an chreag a dhéanamh pictiúr agus péintéireachtaí. Bhí a chró beag féin aige in Ard Lár Thoinn os cionn Phoirtín Ghlais agus radharc aige amach ó thuaidh. Spreag seisean muintir Dixon agus fear eile de chloinn Mhic Ruaidhrí le dhul i mbun scuaba an ealaíontóra agus spreag sé an dara glúin a tháinig ina ndiaidh fosta. Bhí Peatsaí ar dhuine acu sin agus choinnigh sé suas an phéintéireacht i gcónaí. Bhí taispeántas aige níos luaithe i mbliana a ghearr marc ar leathchéad bliain dó i gceann na dathadóireachta. Is iomaí pictiúr a rinne sé féin agus ealaíontóirí eile idir an dá linn agus is iomaí taispeántas a bhí acu.

Bhí lámh aige féin agus acusan i bhfoscailt Ghailearaí Dixon ar an oileán ina dhiaidh sin.

As a ghníomhaíocht sa Chomharchumann agus as na cumais eile a bhí aige shaothraigh sé ainm mar urlabhraí cumasach ar son chearta an oileáin. B’fhear caidreamh poiblí é chomh maith agus is líonmhar iad na scéalta atá ag cuairteoirí go Toraigh ar an chineáltas a roinn sé leo agus iad istigh, cé acu a bhí siad ag fanacht cúpla uair an chloig nó cúpla seachtain. Gar ar bith a thiocfadh leis a dhéanamh dhéanfadh sé é don chuairteoir fá chroí mhór mhaith, de gheall ar a chinntiú go n-imeodh an duine sin agus dea-bharúil aige den oileán agus dá phobal.

Is cuimhin liom go ndeachaigh grúpa as Toraigh go hInis Oírr i dtrátha na bliana 2008 nó mar sin agus go raibh Peatsaí mar ba ghnách ar thús cadhnaíochta. Bhí an bosca ceoil ar iompar leis agus an gáire rógánta sin ar a bhéal nuair a chuathas go teach an tábhairne le tús a chur leis an ghreann. Gan scéal mór a dhéanamh de, thosaigh Peatsaí ar an cheol agus d’athraigh sé an spás fuar folamh ina ghríosach cuideachta mar bhuailfeá do dhá bhos ar a chéile.

Bhí an bhua sin leis de bharr na tuisceana a bhí leis óna oileán dúchais, agus ní ligfeadh sé do thuisle ar bith an lasair a chur i gcontúirt. Bhíodh sé i láthair ag gach ócáid ar an oileán agus choinneodh sé ag gabháil chomh fada agus a mhairfeadh an spraoi. Mar a dúirt a bheathaisnéiseoir Art Hughes ar an chlár Barrscéalta, ba dhuine é a raibh fuinneamh eisceachtúil ag baint leis, agus chuir sé an fuinneamh céanna sin ag obair i dtreo leas fadtéarmach an oileáin i gcónaí. Bhí an chéim oinigh máistreachta a bhronn Ollscoil Uladh air sa bhliain 1997 tuillte go maith aige.

Nuair a bhuail an tinneas é ar dtús fuair sé an ghnáthchóir leighis agus fuair sé faoiseamh gairid mar a fhaigheann go leor daoine. Ní fhaca duine ar bith in ísle brí é ná an drochshreang riamh air lena linn. Choinnigh sé an aoibh gheal ar a bhéal de shíor agus níor eitigh sé don dúshlán. Déanaimid comhbhrón lena bhean Caitlín, lena chlann, Breda, Majella, Seán Dónall agus Christina, lena chliamhain Daniel agus lena ó, Dean. Gura ceolmhaire agus cuideachtúla na Flaithis agus é i measc na bhFíréan.

Fág freagra ar 'Ní raibh fear ab fhearr a léirigh nádúr agus dúchas ar leith Thoraí ná Rí an oileáin'

  • Pól Ó Braoin

    Go ndéana Dia grásta ar Pheatsaí Dan!

  • Annette Ní Chearbhaill

    Píosa galánta a Lillis. Ar dheis Dé go raibh a anam usual.

  • Pádraig Ó Baoill

    Is trua linn go léir bris Oileán Thoraí agus Peatsaí Dan ar shlí na fírinne.

  • Nóirín Ní Nuadháin

    Beannacht Dé le Peatsaí Dan!
    Go maire tú féin an céad, a Lillis! Nach maith mar a thug tú leat an foclóir leathan a bhí ag Peatsaí.