‘Ní neart go cur le chéile’ – an dara tréimhse dianghlasála fógartha ag an Taoiseach

Dúirt an Taoiseach mura dtabharfaí na srianta Leibhéal 5 isteach anois go raibh an baol ann go mbeadh an scéal ‘an- tromchúiseach go deo' faoi cheann roinnt seachtainí

‘Ní neart go cur le chéile’ – an dara tréimhse dianghlasála fógartha ag an Taoiseach

Tá fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin go gcuirfear srianta dianghlasála Leibhéal 5 i bhfeidhm sa stát le scaipeadh an Covid-19 a cheansú sa tír.

Tiocfaidh na srianta isteach ag meán oíche Dé Céadaoin agus mairfidh siad ar feadh sé seachtaine go dtí an 1 Nollaig. Déanfar athbhreithniú orthu tar éis ceithre seachtaine.

Táthar ag súil go gciallóidh na srianta go mbeifear in ann an tír a oscailt cuid mhór do mhí na Nollag.

Dúirt an Taoiseach nach bhféadfadh an rialtas as féin an galar a chur faoi chois. “Ní neart go cur le chéile,” ar sé.

Coinneofar na scoileanna agus na hionaid cúram leanaí oscailte agus beidh cead craobhchomórtais CLG a imirt.

Cuirfear srianta taistil i bhfeidhm agus ní bheidh cead ag daoine taisteal níos faide ná cúig chiliméadar óna dteach, seachas i gcás eisceachtaí ar leith.

Faoi shrianta Leibhéal 5 caithfidh gach siopa agus gnó nach bhfuil riachtanach dúnadh. Beidh cead oscailte ag tithe tábhairne, caiféanna agus bialanna do sheirbhís beir leat amháin.

Agus na srianta á bhfógairt anocht aige, dúirt an Taoiseach gurbh léir go raibh an galar á scaipeadh níos tréine le tamall agus nárbh leor na srianta a bhí i bhfeidhm faoi láthair in ainneoin iad a bheith “ar na srianta is déine san Eoraip”.

Dúirt sé go gcaithfí dul i ngleic leis an ardú ar líon na gcásanna anois mar go raibh an baol ann go mbeadh an scéal “an- tromchúiseach go deo” faoi cheann roinnt seachtainí mura ndéanfaí gníomh.

Ba iad na srianta breise an t-aon rogha réadúil, a dúirt sé.

Go dtí go mbeadh vacsaín shábháilte ann ba é an t-aon rogha a bhí ann ná a bheith ag imeacht ó thréimhsí srianta go dtí tréimhsí athoscailte, a dúirt Micheál Martin.

An dóchas a bhí ann, arsa an Taoiseach, ná dá n-oibreodh daoine le chéile as seo ceann sé seachtaine go bhféadfaí na srianta a mhaolú don Nollaig.

Chinn an Rialtas níos túisce tráthnóna srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach, cinneadh a fhágann go gcuirfear tús an tseachtain seo leis an dara tréimhse dianghlasála.

Ní bheidh cead ag daoine cuairt a thabhairt ar dhaoine eile ina dtithe ná ina ngairdín agus ní bheidh aon teacht le chéile sóisialta ceadaithe.

Tabharfar isteach córas grúpa nó cuasnóige lena chinntiú nach bhfágfar daoine scoite ón saol agus ón gcomhluadar le linn na dianghlasála. Bhí córas dá leithéid i bhfeidhm sa Nua-Shéalainn faoina gcomhairfeadh teaghlach daoine eile mar chuid dá gcuasnóg nó dá dteaghlach féin – cúramóirí nó daoine a bhí ina gcónaí astu féin.

Faoi shrianta Leibhéal 5, ní cheadófar aon imeacht sóisialta a eagrú laistigh ná lasmuigh.

Ar na leasuithe atá déanta ar na srianta Leibhéal 5, beidh cead ag daoine bualadh le teaghlach amháin eile taobh amuigh chun aclaíocht a dhéanamh. Beidh cead 25 duine ag bainis agus 25 ag sochraid.

Dúnfar ionaid aclaíochta agus fóillíochta agus linnte snámha agus beidh cosc ar thraenáil spóirt.

Ní bheidh cead aon chluichí ná imeachtaí spóirt a imirt ach déanfar eisceacht i gcás na scothspórt, amhail CLG, agus beidh traenáil do pháistí ceadaithe chomh maith.

D’fhágfadh sin go mbeidh tús á chur leis na comórtais iománaíochta agus pheile an tseachtain seo chugainn.

Tá an PUP, an íocaíocht speisialta do dhaoine atá as obair de dheasca na paindéime, le hardú go dtí €350 arís do dhaoine a bhí ag tuilleamh €400 nó níos mó.

Táthar le plé a dhéanamh an tseachtain seo faoin gcosc ar dhíshealbhú a thabhairt ar ais fad a bheidh srianta ar an róthaisteal i bhfeidhm.

Fág freagra ar '‘Ní neart go cur le chéile’ – an dara tréimhse dianghlasála fógartha ag an Taoiseach'

  • An Teanga Bheo

    Téarma príosúnachta cúpla mí go Nollaig is dócha.