Ní lorgóidh Ó Cuív ainmniúchán don uachtaránacht – tuairiscí

Tá an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív ar dhuine de thriúr ón nGaeltacht atá á lua le toghchán na huachtaránachta

Ní lorgóidh Ó Cuív ainmniúchán don uachtaránacht – tuairiscí

Tuairiscítear go bhfuil ráite ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív lena chomhghleacaithe nach bhfuil sé i gceist aige ainmniúchán a lorg ón bpáirtí do thoghchán na huachtaránachta.

Tá iarrachtaí ar bun le tamall ag comrádaithe de chuid an iar-aire Gaeltachta i bhFianna Fáil tacaíocht a fháil dó mar iarrthóir sa toghchán.

Níor éirigh leis na hiarrachtaí atá déanta ag Tuairisc.ie teacht ar Ó Cuív chun ráiteas a fháil uaidh faoin scéal.

De réir tuairisc ar an Irish Times inniu, áfach, tá sé curtha in iúl ag an Teachta Dála dá chomhghleacaithe i dTeach Laighean nach bhfuil faoi ainmniúchán a lorg agus nach bhfuil sé ag iarraidh go bpléifí seasamh Fhianna Fáil i leith an toghcháin ag seisiún cainte de chuid an pháirtí an mhí seo chugainn.

Roghnaigh páirtí parlaiminte Fhianna Fáil, a bhfuil Éamon Ó Cuív ina bhall de, nach mbeadh aon iarrthóir sa toghchán acu agus tá ráite ag ceannaire an pháirtí Micheál Martin go bhfuil sé ag tacú leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn a bhfuil an dara téarma san Áras á lorg aige.

Idir an dá linn, níl aon chinneadh déanta fós ag polaiteoir Gaeltachta eile a bhfuil suim léirithe aige sa toghchán, an Seanadóir neamhspleách agus fiontraí as an Spideál, Pádraig Ó Céidigh.

Tá ráite ag Ó Céidigh go ndéanfaidh sé fógra faoin scéal go luath agus go mbeidh a chinneadh bunaithe ar leas a theaghlaigh a dhéanamh agus faoi cé acu an mbeadh seans “dáiríre” aige an toghchán a bhuachan nó nach mbeadh.

Fiú mura mbeadh Ó Céidigh ná Ó Cuív ag seasamh sa toghchán, d’fhéadfadh iarrthóir Gaeltachta a bheith san iomaíocht.

Níl sé curtha as an áireamh ag an fheisire Eorpach as Múscraí, Liadh Ní Riada, nach seasfadh sí don uachtaránacht agus í á lua mar iarrthóir de chuid Shinn Féin ar an uachtaránacht.

Idir an dá linn, tá an Teachta Dála neamhspleách as Ros Comáin, Michael Fitzmaurice, ag iarraidh 20 ball den Oireachtas a mhealladh chun tacú le hiarrthóir sa toghchán.

Fág freagra ar 'Ní lorgóidh Ó Cuív ainmniúchán don uachtaránacht – tuairiscí'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    B’fhéidir nach mbeidh Éamon ‘ag lorr ainmniúcháin’ ach dá n-éireodh lena lucht tacaíochta ar 4 údarás áitiúil an ainmniúchán a fháil dhó, an nglacfadh sé leis? Sin í an cheist.