Conas a cheapfaí comhaltaí ar bhord Údarás na Gaeltachta an t-ábhar plé is mó a bhí ag Teachtaí Dála agus bille an Údaráis os comhair na Dála aréir.
Mhair an seisiún trí uair an chloig ach ní dhearnadh plé ach ar chúig cinn den 65 leasú atá molta ar An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 a bhfuil athbhunú an toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta mar phríomhsprioc aige.
Faoin struchtúr atá leagtha amach ag an Rialtas sa mbille, 16 comhalta a bheadh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus dhéanfadh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófaí an seisear eile a bheadh ar an mbord trí chomórtas poiblí.
Ní raibh Aire na Gaeltachta sásta glacadh le moltaí ón bhfreasúra faoi chomhdhéanamh an bhoird nua, faoi cén cumas teanga a bheadh ag comhaltaí ná faoi chead a bheith ag comhairleoirí contae seasamh i dtoghchán an Údaráis.
Chuir Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin go láidir i gcoinne na forála sa dréachtreachtaíocht gurb é Aire na Gaeltachta féin a cheapfadh seisear de na comhaltaí ar an mbord nua. Dúradh go bhfágfadh sin nach mbeadh an bord neamhspleách ón Rialtas agus go rachadh sé glan in aghaidh an mhaímh go mbeadh an daonlathas agus guth an phobail le brath ar an mbord.
Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur cheart gurb é “an gnáthphobal” a dhéanfadh rogha maidir le cé a bheadh ar bhord an Údaráis, mar a dhéantar i gcás na n-údarás áitiúil agus na Dála féin.
Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary nach ionann bord Údarás na Gaeltachta agus comhairle contae, áfach, agus gur bord stáit a bhí ann freisin. Dúirt sé go bhfuil “scileanna áirithe riachtanach do bhord stáit agus go deimhin do bhord Údarás na Gaeltachta”. I measc na scileanna sin, luaigh an tAire cáilíochtaí maidir leis an bpleanáil teanga, cur chun cinn na Gaeilge, cúrsaí bainistíochta agus cúrsaí corparáideacha.
Is beag glacadh a bhí le freagra an Aire, áfach, agus dúirt an freasúra go bhféadfaí teacht ar an saineolas sin ó dhaoine lasmuigh den bhord a thabharfaí isteach chun a saineolas a roinnt le comhaltaí.
“Ní gá dúinn ailtirí nó tógálaithe a bheith againn ar bhord Údarás na Gaeltachta ionas go dtabharfaidh muid faoi chúrsaí tithíochta,” a dúirt an Teachta Dála, Conor D McGuinness.
Níor ghlac an tAire ach an oiread le moladh go mbeadh ionadaí ó gach ceantar Gaeltachta ar an mbord. Faoi mholadh an rialtais, as Gaeltacht na Gaillimhe a bheadh triúr de na comhaltaí a thoghfaí ar an mbord, beirt a thiocfadh ó Ghaeltacht Dhún na nGall agus duine amháin a thoghfaí ó gach ceann de na chúig chontae Gaeltachta eile. Bhí Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh 26 comhalta ar an mbord ionas go mbeadh ionadaíocht ag gach ceantar Gaeltachta.
Ní raibh an tAire Calleary sásta go gcuirfí comhairleoirí contae as an áireamh do shuíochán ar bhord an Údaráis ach an oiread. Mhaígh Aengus Ó Snodaigh go mbeadh an t-ualach oibre a bhainfeadh leis an dá ról chomh mór sin nach bhféadfaí an dá thrá a fhreastal.
Dúirt leascheannaire Shinn Féin Pearse Doherty go ndéanfadh sé níos deacra é do ghnáthdhuine ón bpobal suíochán a bhuachan i dtoghchán an Údaráis dá mbeadh siad san iomaíocht le comhairleoirí a bhí tar éis blianta fada a chaitheamh ar an gcomhairle áitiúil.
Níor ghéill an tAire don chaint sin agus dúirt sé gur cheart go mbeadh cead ag comhairleoirí contae seasamh sa toghchán nua mar go bhfuil “siad san áireamh ar an mbord reatha agus bhí roimhe seo”. Dúirt an tAire Calleary go mbíonn taithí ag comhairleoirí contae ar a bheith ag plé ceisteanna áitiúla.
D’aontaigh an Rialtas agus an freasúra gur gá go mbeadh cumas Gaeilge ar leibhéal B2 faoin gChomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha ag baill de bhord an Údaráis, ach dhiúltaigh an tAire an caighdeán sin a leagan síos i bhforáil sa reachtaíocht. Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh “solúbthacht” ann faoi chumas teanga na mball. Dúirt sé go mbeadh cumhacht ag an Aire an leibhéal líofachta a bheadh ag teastáil do chomhaltaí a fho-ordú. Dúirt sé cúpla uair gur leibhéal B2 a bheadh ag teastáil, áfach.
Dúirt an Teachta Dála Conor D McGuinness go raibh sé “scannalach” gur chuir comhairlí contae áirithe ionadaithe chun cinn don bhord nach raibh a ndóthain Gaeilge acu chun “na díospóireachtaí a bhí ag dul ar aghaidh a thuiscint”.
Bhí leibhéal B2 luaite mar bhunchaighdeán Gaeilge do chomhaltaí ar an mbord nuair a foilsíodh ceannteidil an bhille dhá bhliain ó shin ach níl sé luaite sa dréachtreachtaíocht.
Nuair a bhí plé á dhéanamh ar an mbille, maíodh go mbeadh sé maslach go n-iarrfaí ar chainteoirí dúchais Gaeltachta scrúdú Gaeilge a dhéanamh agus go gcuirfí iarrthóirí ó dhoras.
D’fhág an méid ama a caitheadh ar na leasuithe faoi leagan amach an bhoird nach ndearnadh aon phlé aréir ar leasuithe eile a mholann cumhachtaí breise a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta. Pléifear cuid de na leasuithe sin nuair a thiocfaidh an bille os comhair na Dála arís.
Máirín
Céard faoi socheolaithe agus teangeolaithe.
zCeist chonspóideach an scrúdú TEG atá dìrithe ar an gcaighdèán.
Níl muintir na Gaeltachta ar s gcompord leis.
Cillian
“…formhór na ndaoine atá ag fanacht – ina gcónaí – sa nGaeltacht limistéireach, seachas sa nGaeltacht Ghaelach, is cainteoirí gníomhach Béarla atá iontu. So mar sin, an soláthar Stáit, le cúnamh a thabhairt don Ghaeltacht, tá formhór an airgid sin dhá chaitheamh go limistéireach ar tromlach an Bhéarla a bhfuil cónaí orthu ann.
Na Gaeil atá fágtha sa nGaeltacht, is mionlach atá iontu sin, agus i ngeall ar an gcur chuige limistéireach, níl na meicníochtaí anois ag Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, le díriú isteach ar an bpobal Gaelach atá fágtha againn.”
Conchúr Ó Giollagáin
“Is é an rud is mó atá ag goilliúint fós orm ná nach bhain muid údarás iomlán Gaeltacht amach”
Joe Steve Ó Neachtain
“an díomá is mó atá orm i ndáiríre ná an chaoi a leag siad amach Údarás na Gaeltachta, bhí muid ag iarraidh údarás a mbeadh údarás agus airgead agus cumhacht aige, agus cheap mise go raibh sé sin bainte amach againn sular fhágadh mé féin Connemara… agus tá mé díomách fós agus sílim go gcaithfear na cearta agus na cumhachtaí sin a thabhairt dhúinn insan nGaeltacht”
Treasa Ní Cheannabháin
(liomsa aon dearúdaí thuas).
Teastaíonn ó phobal Gaelach na Gaeltachta údarás áitiúil dá gcuid féin, le cumhachtaí comhairle contae ar a laghad, le freastal ar a riachtanais féin (agus bealach leis an túdarás sin a maoiniú). Tá daoine fíor-dhíograiseacha ag obair le ÚnaG ach níl ÚnaG mar atá oiriúnach le freastal ar phobal Gaeilge na Gaeltachta (eagraíocht forbairt tuaithe atá ann i ndáiríre, ní údarás). Ní mhaireann mionteanga gan teoirainn ón mórtheanga, is fíric é sin nach féidir cur ina choinne. An mbeadh sé chomh dona sin daonlathas áitiúil a thabhairt do Ghaeil na Gaeltachta, i nGaeltachtaí cat A/B mar shampla, áiteanna ina bhfuil dlús áirithe fós acu?