Stiúrthóir: Ridley Scott
Cliar: Paul Mescal, Denzel Washington, Connie Nielsen, Pedro Pascal, Yuval Gonen
Le scéal fada a dhéanamh gairid, freagróidh mé do cheist ar dtús. An freagra ná níl. Níl an Gladiator leantach chomh maith lena réamhtheachtaí, níl ná baol air. Go deimhin ba shaothar in aisce é iarracht a dhéanamh lorg an scannáin iontaigh sin a leanúint. Tá cúis ann gur thóg sé breis agus fiche bliain ar Ridley Scott filleadh ar ghaineamh an Cholasaeim.
In ainneoin gur thug sé leis cúig dhuais Oscar, an ceann don scannán is fearr san áireamh, ní haon Citizen Kane é Gladiator bhliain an dá mhíle. Ina dhiaidh sin féin ba scannán eachtraíochta iontach ar an seandéanamh é. An cantam ceart de charachtair shuaithinseacha, scéal simplí mealltach, aisteoireacht bhreá agus radharcanna aicsin nótáilte. Lena chois sin bhí Russell Crowe, Joaquin Phoenix agus Oliver Reed agat sa chliar mar aon le Hans Zimmer i mbun an cheoil. Saothar ar leith a neadaigh é féin i scioból samhlaíochta an phobail.
Bhí an dara gála go hiomlán faoi scáil a réamhtheachtaí. Ní fhéadfadh sé éalú uaidh agus níor theastaigh uaidh éalú uaidh. Bhíothas ag snámh in aghaidh easa ón tús. Tosnaíonn an scéal seo sé bliana déag i ndiaidh eachtraí an chéad ghála. Tá Lucius (Mescal), a bhí lárnach go maith mar bhuachaill óg sa chéad scannán, ag maireachtaint go sona sásta lena bhean Arishat (Gonen) i Numidia i dtuaisceart na hAfraice. Léirítear dúinn gur seoladh ar deoraíocht é díreach i ndiaidh bhás Maximus (ní dhéantar mórán cíortha eile ar an gcuid sin den scéal). Ag tús an scannáin déanann na Rómhánaigh ionsaí ar an gcathair, maraítear Arishat agus déantar príosúnach de Lucius. Vae linn ansin.
An chéad fhadhb ná go bhfuil cuid mhaith de na tréithe céanna sa scannán nua: an trodaí calma, cumasach feargach ar thóir díoltais agus ag baint cáil amach dó féin sa Cholasaem, an t-impire buile agus camastaíl is uisce faoi thalamh na Róimhe. An dara fadhb ná gur imíodh amach ón gcairt ar fad le carachtair agus radharcanna áirithe.
Beirt impirí anois againn agus duine acu níos measa ná a chéile, Macrina (Washington) i mbun cúblála gan dealramh agus ba chuma ann ná as iad Acacius (Pedro Pascal) agus Lucilla (Nielsen). Bhí na radharcanna sa Cholasaem áiféiseach ar uairibh; siorcanna ag snámh agus gliaire ar mhuin srónbheannaigh. I radharc amháin bhíothas ag comhrac i gcoinne moncaithe a raibh an chuma orthu gur ón spás amuigh a tháinig siad seachas ón tSean-Róimh. Fiú nuair ná rabhthas i muinín na háiféise bhí na radharcanna comhraic (bunchloch an chéad scannáin) neafaiseach agus liobarnach.
Cad faoi Mescal Chill Dara mar sin? Deacair dó lorg Crowe a leanúint i saothar den saghas seo. Sin ráite déanann sé a chúram go paiteanta. Tugann sé faoi na radharcanna troda le fonn agus éiríonn leis fearúlacht agus calmacht a charachtair a léiriú. Lena chois sin tugann sé doimhneacht don charachtar nach raibh i gceist le Maximus. Réalt cheart anois é Mescal agus tá buille an ghliaire tugtha.
Fág freagra ar 'Ní fhéadfadh an tintreach bualadh faoi dhó le Gladiator'