Chuir marú barbartha an déagóra, Keane Mulready-Woods as Droichead Átha alltacht ar dhaoine sna ceithre harda. Bhí an t-uafás fós ar bhéal gach éinne ó thuaidh nuair a eisíodh tuairisc scanrúil faoi líon na ndaoine i dTuaisceart Éireann a cailleadh de bharr úsáid drugaí.
Fir óga ab ea go leor den 189 duine a cailleadh in aon bhliain amháin agus fir ab ea seachtar as gach deichniúr díobh.
Ba léir don dall go raibh gá le feachtas ilghníomhaireachtaí i ngach ceard chun plá na ndrugaí a cheansú. Cibé aindlí a raibh aon bhaint ag Keane Mulready-Woods leis is léir ón íde a tugadh air go bhfuil práinn le lucht gnó na ndrugaí a smachtú, stop a chur lena bhforéigean agus le dáileadh a gcuid nimhe. Ní mór na coirpigh eagraithe a chúiseamh, a chiontú agus a chur as gnó. Ní mór freisin tarrtháil a dhéanamh ar na daoine goilliúnacha a bhfaigheann na coirpigh agus na drugaí greim orthu.
Nocht tuairisc NISRA, áisíneacht staidrimh is taighde oifigiúil an Tuaiscirt, maidir leis na figiúirí is deireanaí faoi líon na ndaoine a cailleadh go raibh baint ag drugaí le bás 189 in 2018. Ba é sin an líon ba mhó ariamh in aon bhliain amháin agus a dhá oiread is a fuair bás ó dhrugaí in 2010. B’fhada gníomhaithe in aghaidh drugaí ag maíomh go raibh an fhadhb ag dul in olcas go sciobtha ach bhain an dearbhú seo siar as daoine.
Bhí méadú mór i gcaitheamh bliana ar líon na marbh de bharr drugaí. 136 bás a cláraíodh in 2017 agus bhí ardú 40% air sin in 2018. 56 duine sa bhreis a bhí i gceist in 2018. Den 189 duine in 2018 bhí a bhformhór idir 25 agus 44 bliain d’aois, 72 duine idir 25 agus 34 bliain d’aois agus 50 duine idir 35 agus 44.
Ba é sainmhíniú NISRA ar bhás a raibh baint aige le drugaí gur nimhiú ó dhruga, andúil nó mí-úsáid ar shubstaint rialaithe ba chúis le bás an duine. Toisc gur staidreamh faoi chlár na marbh amháin a bhí i gceist níl aon tagairt sa tuairisc don choiriúlacht eagraithe ná d’aon ionsaithe, gortuithe nó imeaglú i dtaca le fiacha as drugaí.
Údar mór imní é go raibh meascán de dhrugaí tógtha ag go leor díobh sin a cailleadh.
Ba mhinic alcól chomh maith le manglam de shubstaintí rialaithe agus drugaí a cheadaítear ar oideas leighis úsáidte ag na mairbh. Tugann seirbhísí d’andúiligh foláirimh go seasta gan drugaí a mheascadh ach bhí sé fánach acu sna cásanna seo.
Bhí trí dhruga nó níos mó tógtha ag breis is leath na ndaoine a cailleadh. Hearóin agus moirfín ba chúis le bás 40 duine agus bhí cócaon i gceist i gcás 28 duine – méadú mór. Ina dteannta sin bhí diazepam (valium) tógtha ag cuid mhaith agus pregabalin, cógas a úsáidtear in aghaidh an titimis tógtha ag 54 duine de na mairbh.
Is minic a chloistear go bhfuil cócaon chomh coitianta le gloine fíona ag cóisirí deireadh seachtaine ag lucht rachmais nó fiú an meánaicme. Séanaidís é nó ná déanadh, cothaíonn an nós sin gnó na gcoirpeach eagraithe.
Is léir ón staidreamh nua seo go bhfuil drugaí ar nós cócaon agus hearóin le fáil go héasca i gceantair lucht oibre agus i measc na mbocht. De réir fhigiúirí NISRA faigheann a cúig oiread daoine bás ó dhrugaí sna ceantair faoi mhíbhuntáiste is a chailltear sna háiteanna is saibhre.
Tá na figiúirí sin ar dheasc Robin Swann, Aire Sláinte Stormont a chuaigh i mbun oibre seachtain ó shin, faisnéis scanrúil ach eolas luachmhar chun polasaí agus cur chuige nua a dhearadh. Is airsean atá an t-ualach is mó oibre de na hairí nuacheaptha sa bhfeidhmeannas, an-chuid fadhbanna sláinte le fuascailt gan mhoill. Rinne sé tús maith nuair a d’éirigh leis dóthain a thairiscint do na hoibrithe sláinte chun stop a chur le stailc eile ach is dúshlán mór dó réiteach a fháil ar fhadhb na ndrugaí maille leis an bhféinmharú, rud a bhfuil dlúthbhaint aige le húsáid drugaí.
I gceantar Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste bhí an sagart aitheanta, an tAthair Gary Donegan, an-chorraithe faoin ábhar ag Aifreann sochraide le déanaí. Dúirt se leis na hógánaigh a bhí ag freastal ar shochraid carad a fuair bás de bharr drugaí in aois a 22 bliain gurb é sin an 20ú duine d’iarscoláirí Bhunscoil na Croise Naofa a cailleadh de bharr drugaí nó féinmharaithe. B’in 20 i gcomharsanacht aon mhíle cearnach, a dúirt sé.
Ní hiontas go bhfuil tascfhórsa frithdhrugaí á éileamh agus beart éigeandála maidir le seirbhísí meabhairshláinte. Tá an aicíd seo ag imeacht ó smacht. Plá a bheidh ann mura ndéanfar gníomh go haibéil.
Fág freagra ar 'Ní fada go mbeidh fadhb na ndrugaí ina plá ó thuaidh'