Ní éireoidh le scoileanna Gaeltachta polasaí nua a chur i bhfeidhm d’uireasa seirbhísí Gaeilge ón stát – COGG

Dúirt Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach COGG i dTithe an Oireachtais tráthnóna gur chóir Aonad Seirbhísí Gaeilge a chur ar bun sa Roinn Oideachais agus Scileanna

Ní éireoidh le scoileanna Gaeltachta polasaí nua a chur i bhfeidhm d’uireasa seirbhísí Gaeilge ón stát – COGG

Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG

Ní féidir le scoileanna na Gaeltachta an Polasaí Oideachais Gaeltachta nua a chur i bhfeidhm mura gcuirtear gach seirbhís ar fáil i nGaeilge dóibh, a deir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Deir COGG gur chóir Aonad Seirbhísí Gaeilge a chur ar bun sa Roinn Oideachais agus Scileanna le freastal orthu siúd “ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge” nó go mbeidh dóthain ball foirne ann chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Dúirt Cathaoirleach COGG, Dónal Ó hAiniféin ag cruinniú de chuid choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTithe an Oireachtais tráthnóna gur gá féachaint go “fuarchúiseach” ar cheist na Gaeilge sa státchóras agus go gcaithfí a bheith “réalaíoch agus dáiríre” faoi sprioc an bhille teanga nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí. Dúirt Ó hAiniféin go raibh sé “go breá” a leithéid de sprioc a bheith ann ach go gcaithfí “spriocanna réadúla céimiúla” a leagan síos maidir lena bhaint amach.

Deir COGG go bhfuil sé “níos práinní ná riamh” seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta.

“Agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 á chur i bhfeidhm, tá sé níos práinní ná riamh gach seirbhís a bhaineann le scoileanna Gaeltachta a bheith ar fáil as Gaeilge. Mar chuid den Pholasaí, is gá do scoileanna feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge ach mura mbíonn foireann le Gaeilge ag na seirbhísí stáit amhail Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte, Tusla, an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais nó an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, ní féidir an fhoráil a chur i bhfeidhm.

“Is den riachtanas é go mbeadh gach seirbhís a chuirtear ar fáil trí na scoileanna ar fáil as Gaeilge agus, chuige sin, is gá do na seirbhísí foireann le Gaeilge a earcú,” a dúradh san aighneacht a chuir COGG faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna.

De réir na haighneachta is minic nach mbíonn “aon rogha” ag COGG féin ach “tiontú ar an mBéarla” agus a gcuid feidhmeanna reachtúla á gcomhlíonadh acu, de bharr nach mbíonn aon duine le Gaeilge ar fáil le plé leo.

Agus an bille nua a bhfuil faoi  leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha á phlé inniu ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, moladh an gheallúint i gceannteidil an Bhille gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse amach anseo.

Dúradh, áfach,  go raibh sé “riachtanach” go gcuirfí “am líne” leis an sprioc sin.

“Molaimid spriocanna ama do mhéadú an lín fostaithe le Gaeilge sa státseirbhís. Ní bhainfear amach an 20% i dtréimhse ghairid ama,” a deirtear in aighneacht COGG.

Chuir an eagraíocht sraith moltaí eile faoi bhráid an choiste Oireachtais inniu.

Dúradh gur chóir “plean comhordaithe” a fhorbairt chun cur leis an soláthar scoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre.

“Má táthar ag súil le 20% d’earcaigh a bheith líofa sa Ghaeilge, is ceart go mbeadh ar a laghad 20% de na scoileanna ag cur oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil, go háirithe agus 25% de thuismitheoirí na tíre á rá gur mian leo seo dá bpáistí,” a deirtear san aighneacht.

Moltar chomh maith go gcuirfí leis na hacmhainní a bheidh ar fáil do scoileanna Gaeltachta atá chun an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm agus go leasófaí mar ábhar “práinne” siollabas agus córas measúnaithe na Gaeilge san Ardteistiméireacht.

Moltar leis san aighneacht go gcuirfí ar fáil arís na scoláireachtaí a bhíodh ar fáil do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus go dtabharfaí ar ais freisin an deontas a bhíodh á íoc le hábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Deirtear gur chóir gur “caighdeán fágála” seachas “caighdeán iontrála” a bheadh i gceist le cáiliú mar mhúinteoir bunscoile nó mar mhúinteoir Gaeilge iar-bhunscoile.

Deir COGG go mbíonn moill go minic ar fhoilsiú leaganacha Gaeilge de cháipéisí stáit.

“Mar shampla, nuair a seoladh Plean Gnímh don Oideachas cúpla seachtain ó shin, ní raibh an leagan Gaeilge ar fáil go ceann coicíse ina dhiaidh sin.

“Bhí moill ar an leagan Gaeilge de na Treoirlínte um Chosaint Leanaí cé go bhfuil ar scoileanna cáipéisí a réiteach roimh 11 Márta. Níl an t-ábhar tacaíochta do na scoileanna ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí ar fáil as Gaeilge ach oiread. Dá bharr seo, níl rogha ag  scoileanna atá ag iarraidh An Polasaí don Oideachas Gaeltachta a fheidhmiú ach plé as Béarla leis,” a deirtear in aighneacht COGG.

Fág freagra ar 'Ní éireoidh le scoileanna Gaeltachta polasaí nua a chur i bhfeidhm d’uireasa seirbhísí Gaeilge ón stát – COGG'