‘Ní chun leas na ndaltaí Ardteiste é a bheith ag caint ar cén fáth nár roghnaigh siad scrúdú Gaeilge’ – An Roinn Oideachais

Tá sé ina imní faoina laghad daltaí Ardteiste a roghnaigh scrúdú Gaeilge a dhéanamh i mbliana, ach deir an Roinn Oideachais nach aon mhaith a bheith ‘ag tuairimíocht’ faoin scéal

‘Ní chun leas na ndaltaí Ardteiste é a bheith ag caint ar cén fáth nár roghnaigh siad scrúdú Gaeilge’ – An Roinn Oideachais

Tá sé “an-tábhachtach” go léireofaí “meas” ar chinneadh daltaí Ardteiste gan aon scrúdú Gaeilge a dhéanamh i mbliana, a deir an Roinn Oideachais.

Dúirt urlabhraí ón Roinn le Tuairisc.ie go raibh sé tábhachtach freisin nach dtabharfaí aon bhuille faoi thuairim faoin bhfáth gur roghnaigh 50% de na daltaí gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh. Ní chun leas na ndaltaí a bheadh tuairimíocht dá leithéid, a dúradh.

Ní raibh aon mhíniú ag an Roinn faoi cén fáth gur roghnaigh céatadán níos airde daltaí gan scrúdú traidisiúnta á dhéanamh sa Ghaeilge ná mar a tharla in aon ábhar eile.

Níl sé i gceist ag an Roinn ach oiread aon anailís ar leith a dhéanamh ar na cúiseanna arb í an Ghaeilge is lú a mheall daoine chun scrúdú traidisiúnta a dhéanamh, ach dúirt an t-urlabhraí go mb’fhéidir go bhféachfaí amach anseo ar na roghanna eagsúla a rinne daltaí Ardteiste 2021.

Tá imní léirithe ag Conradh na Gaeilge agus urlabhraithe oideachais an fhreasúra faoina laghad daltaí Ardteiste a roghnaigh grád ríofa a fháil don Ghaeilge agus scrúdú a dhéanamh freisin.

Dúirt urlabhraí oideachais Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire go gcaithfí a fháil amach cén fáth nár bhac oiread sin daoine leis an scrúdú Gaeilge agus cén fáth go “bhfaigheann daoine an Ghaeilge deacair”.

De réir staitisticí atá curtha ar fáil ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC), tá céatadán na ndaltaí atá ag fáil grád ríofa agus ag déanamh scrúdú traidisiúnta chomh maith d’Ardteist na bliana seo níos ísle i gcás na Gaeilge ná mar atá i gcás aon ábhar eile.

Den 50,708 a rinne cúrsa Gaeilge na hArdteiste i mbliana, roghnaigh 24,106 díobh, nó 48%, gan an scrúdú a dhéanamh agus dul i muinín an mharc a bhronnfaidh a múinteoir Gaeilge orthu.

Chinn 68% de na daltaí Ardteiste atá ag déanamh an Bhéarla an scrúdú a dhéanamh agus grád ríofa a fháil, 73% a bhí i gceist sa mhatamaitic agus 63% sa Fhraincis.

Léiriú é an líon íseal daltaí a roghnaigh tabhairt faoin scrúdú Ardteiste Gaeilge ar fhadhb “i bhfad níos leithne” sa chóras oideachais, a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

“Is léir go bhfuil fadhb ollmhór sa chóras mura bhfuil ach leath de na daltaí sásta tabhairt faoin scrúdú. Ach ní chuireann sé aon iontas orainn go bhfuil an fhadhb seo ag leibhéal na hArdteiste maidir leis an nGaeilge. Féach ar an méid díolúintí ón scrúdú Gaeilge a bhíonn ann.”

Gheall an Rialtas go mbreathnódh siad ar pholasaí nua a thabhairt isteach don Ghaeilge sa chóras oideachais go léir agus léiriú eile scéal Ardteist na bliana seo ar an ghá lena leithéid, a deir Julian de Spáinn.

Údar “díomá” é, ar sé nach bhfuil an polasaí nua, atá geallta i gclár an rialtais, luaite ar chor ar bith i straitéis na Roinne Oideachais a foilsíodh le déanaí.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin an tseachtain seo, dúirt Aodhán Ó Ríordáin gur cheart a bheith “macánta” faoi stádas na Gaeilge i measc daoine óga na tíre.

“Tá leath de na daltaí sásta an páipéar scríofa a dhéanamh agus leath eile nach bhfuil. Léiríonn sin go bhfuil fadhb ann ó thaobh an mhuinín atá ag dalta as a gcuid scileanna féin agus léiríonn sé go bhfuil fadhb ann ó thaobh múineadh na Gaeilge agus foghlaim na Gaeilge ní hamháin sa mheánscoil ach sa bhunscoil chomh maith”.

Dúirt urlabhraí Oideachais Pháirtí an Lucht Oibre gur cheart do pholaiteoirí a bheith “imníoch” agus “míshásta” faoi na figiúirí nua.

Fág freagra ar '‘Ní chun leas na ndaltaí Ardteiste é a bheith ag caint ar cén fáth nár roghnaigh siad scrúdú Gaeilge’ – An Roinn Oideachais'

  • Seán ÓM

    Cén fáth nach bhfuil dhá ábhar ann sa Ghaeilge?
    1) Litríocht na Gaeilge (le haghaidh na Gaeltachta Gaelcholáistí agus daltaí ardaidhmeannach) agus
    2) Gaeilge mar Dara Teanga le le haghaidh mórphobail an Bhéarla?

    Tá an cur chuige “one size fits all” uafásach dar liomsa. Tá an Ardteistiméireacht linn le timpeallú thart ar 50 bliain, bunaíodh am stát 100 bliain ó shin … agus bhí an Piarsach (mar shampla) ag caint faoin bpointe seo roimhe sin.

    N’fheadar cén tuaraim atá ag an Uasal Donnchadh Ó Laoghaire agus cén polasaí atá ag Sinn Féin faoin gceist seo? An mbeadh dhá ábhar Ghaeilge ann faoi rialtas Shinn Féin?

  • BM

    “léiríonn sé go bhfuil fadhb ann ó thaobh múineadh na Gaeilge agus foghlaim na Gaeilge ní hamháin sa mheánscoil ach sa bhunscoil chomh maith”.

    Cinnte tá fadhb ollmhór ann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa bhunscoil. Is údar mór imní é caighdeán Gaeilge na mbunmhúinteoirí. I ndáiríre, cén chaoi gur féidir leo an teanga a mhúineadh muna bhfuil ardchumas sa teanga acu féin? Ní gá ach H4 sa Ghaeilge a fháil san Ardteist chun áit a fháil i gcoláiste oiliúna – rud atá scannallach ar fad! Caithfear rud éigin a athrú ansin má táimid ag súil le feabhas ar an scéal.

  • Aonghus

    Ba mhaith liom mo bharúil faoin scéal seo a chur in iúl ach caithfidh mé cead a fháil ón Roinn Oideachais ar dtús. Nach deas go bhfui siad tógtha le leas na ndaltaí!

  • Séamas Mac Coitir

    Is leasmháthair a thógfadh ar na daltaí Ardteiste atá i gceist thuas gan an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar san Ardteist i mbliana. Is dócha, go bhfeictear dóibh nach fiú an tairbhe an trioblóid.

    Bhí aithne agan ar dhlíodór uair amháin. Nuair a d’fhógair sé sna nuachtáin áitiúla go raibh folúntas do chléireach ina oifig. Cibé iarratasóir don bpost a fuair marc níos airde i nGaeilge ná i mBéarla san Ardteist cuireadh as an áireamh é láithreach.

    Rinne mé féin iarratas ar cheapachán áirithe tamall de bhlianta ó shin i nGaeilge. Dála an scéil, bhí Gaeilge agus Béarla riachtanach don gceapachán sin. Nuair a chuir mé ceist ar an duine a bhí i bhfeighil na hoifige roinnt seachtainí sin conas a d’éirigh liom, d’fhreagair sé agus dúirt sé go tur, ‘You said you didn’t want it in the application!!’

    Bhí aithne agam ar fhear eile fós a bhí faoi agallamh do phost. Nuair a bhí an clabhsúr ionann is curtha ar an agallamh, dúirt an t-agallóir leis – ‘Of course, Mr. D……. I hope you understand that you must have a knowledge of Irish for this job.’ D’fhreagair mo dhuine é go gasta, agus dúirt sé – ‘A dhuine uasail, dá mbeadh an oiread airgid agam agus atá Gaeilge, ní bheinn ag iarraidh job ortsa.

    Ná bíodh eagla oraibh faoin todhchaí, ná bígí ag caoineadh faoin saol atá caite.