Ní chuirfidh Aire Stáit na Gaeltachta isteach ar ar an bpróiseas tairisceana do sheirbhís aeir go hÁrainn

D’ainneoin éileamh ó oileánaigh agus ó ionadaithe poiblí atá míshásta lena bhfuil molta, ní chuirfidh an tAire Stáit, Joe McHugh, aon leasú ar théarmaí an chonartha atá ar tairiscint do sheirbhís aeir go hOileáin Árann

Joe McHugh screen shot

Tá sé tugtha le fios ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., nach bhfuil sé i gceist aige cur isteach ar an bpróiseas foirmiúil tairisceana atá ar siúl faoi láthair i dtaca leis an tseirbhís aeir go hOileáin Árann d’ainneoin éileamh ó oileánaigh atá míshásta lena bhfuil molta.

Tá amhras léirithe ag oileánaigh agus ag ionadaithe poiblí go bhfuil ciorruithe i gceist sa chonradh don tseirbhís aeir atá á thairiscint faoi láthair.

Agus é ag freagairt ceisteanna ó urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, Mícheál Kitt, sa Dáil ar maidin, dúirt an tAire Stáit go raibh sé ar an eolas faoi thábhacht na seirbhíse aeir do mhuintir na n-oileán féin agus do thurasóirí, sa bhreis ar a tábhacht le freastal ar chúrsaí sláinte agus oideachais.

Dhearbhaigh an tAire Stáit Joe McHugh go mbeadh tacaíocht le tabhairt don tseirbhís aeir go dtí an bhliain 2019 ach nach raibh faoi cur isteach ar an “próiseas beo foirmiúil” atá ar siúl faoi láthair le conradh a aontú i leith na seirbhíse sin.

Thug an tAire Stáit le fios gur dhá eitilt fillte in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, móide seirbhís iompair bóthair chun freastal ar na heitiltí sin a bheas i gceist sa chonradh nua. “Mar atá i gceist faoin chonradh reatha, ní bheidh bac ar an chuideachta ar a mbronnfar an conradh níos mó seirbhísí ná an t-íosleibhéal sin a chur ar fáil”, a dúirt sé.

Dúirt an tAire Stáit gur léirigh tuarascáil anuraidh go raibh méadú 136% i gcaiteachas a Roinne ar an tseirbhís aeir sna deich mbliana idir 2003 agus 2013, ó €800,000 go €1.9 milliún, cé gur fhan líon na bpaisinéirí mórán mar a chéile le linn na tréimhse sin. Thart ar 40,000 paisinéir in aghaidh na bliana a bhain úsáid as an tseirbhís, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Ní chuirfidh Aire Stáit na Gaeltachta isteach ar ar an bpróiseas tairisceana do sheirbhís aeir go hÁrainn'