Ní bheidh Whatsapp á aistriú go Gaeilge ‘ceal suime’

Thug Whatsapp le fios do Tuairisc.ie nach mbeidh leagan Gaeilge den aip cháiliúil á fhorbairt i láthair na huaire

whatsapp-logo-1024x1024

Ní bheidh leagan Gaeilge den teachtaire Whatsapp á fhorbairt ag an gcomhlacht. Tuairiscíodh ar an suíomh seo ag tús na bliana go raibh feachtas litreach curtha ar bun ag baill an ghrúpa Facebook ‘Gaeilge Amháin’ chun brú a chur ar Whatsapp an teachtaire a chur ar fáil i nGaeilge.

Thug urlabhraí Whatsapp le fios do Tuairisc.ie nach bhfuarthas mórán litreacha ón bpobal a d’éiligh leagan Gaeilge den aip, ar leis an gcomhlacht Facebook é. Dúirt sí go raibh sé i gceist ag Whatsapp an aip a chur ar fáil in an oiread teangacha agus is féidir ach go bhfuil teorainn le haistriú na haipe – ní féidir í a chur ar fáil i dteanga nach bhfuil ar fáil ar chóras oibriúcháin an fhóin.

“We have not received correspondence recently asking about an Irish translation – over the years I can remember only a handful of inquiries. So this particular translation is not something we are pursuing at this stage, but something we have in mind,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie

Is teachtaire don ghuthán cliste é Whatsapp a ligeann d’úsáideoir teachtaireachtaí a sheoladh saor in aisce. Tá sé ar fáil don iPhone, do ghutháin Android, Windows, Nokia agus Blackberry.

Féadtar idir théacs, fhíseán, fhuaim agus phictiúr a sheoladh ar Whatsapp agus réitíonn an méarchlár Gaeilge Adaptxt leis.

Fág freagra ar 'Ní bheidh Whatsapp á aistriú go Gaeilge ‘ceal suime’'

  • Shane

    Mar is eol d’aon duine le iPhone: athraíonn socruaithe teanga na bhfeidhmchlár ar an bhfón de réir socruaithe teamga an choras obeaide. Muna bhfuil teanga éigin ar fáil ar choras ibraid fóin (agus níl an GA ann ar earraí Apple), ní féidir na feidhmchlaur a chur sa teanga sin.

    Ní he sin mar atá le Android, tá fhios agam. Ach ar aon chaoí, fiú da naistreofar WhatsApp go GA, ní bheadh cuid mór an mharagidh (cuid Apple) an leagan aistrithe a úsáid.

    Mar sin de: bfheidir go raibh an feachtas seo ag cur an chairt os comhar an chapaill ar an chead dul síos? Nach fearr díriú i dtreo Apple le tús?