Tráthnóna Satharn Cincíse 1995 tharla dom a bheith i mo sheasamh taobh thiar de phostaí an bhóthair ar Pháirc na Coille Bige ar an bhFairche i nDúiche Sheoigeach, ag breathnú ar bhabhta ceathrú ceannais i gComórtas Peile na Gaeltachta idir Corca Dhuibhne agus an Cheathrú Rua.
Bhí leoithne láidir ghaoithe ag séideadh trasna na páirce agus níos minicí ná a chéile, í ag cur na liathroíde ar mhíthreo agus na himreoirí ag tabhairt faoi scóranna.
Bhí aithne réasunta mhaith agam ar an dá fhoireann, muintir Chonamara feicthe go mion minic agam i gcraobhacha agus i sraithchomórtais na Gaillimhe, na Deisceartaigh sna háiteacha ar reáchtáladh an comórtas a bhí ar siúl ar m’aghaidh amach agus ar an bhfód le ionann is deich mbliana fichead faoi seo.
Ba bheag a bhí idir na foirne, ach isteach san imirt fuair na Ciarraígh cic saor 50 slat agus rinne ógánach nár aithin mé a bhealach ón line lántosaigh lena thógáil.
Nuair a d’fhág an liathróid a bhróg, ba ar bhratach an chúinne a bhí sí ag déanamh. Ach, ní fhéadfadh amharc níos fearr a bheith agam ná a bhí ar an gcaoi ina dhiaidh sin ar thosaigh sí ag déanamh a bealaigh i dtreo na bpostaí, nó le cabhair na gaoithe agus na guairneála a bhí curtha ag an tógálaí uirthi, gur thit sí thar an trasnán agus an spota dubh a bhí ina cheartlár díreach fuithi.
Ardphíosa scile, léirithe ag ceardaí a mbeinn sa tóir ar a ainm a luaithe agus a gheobhainn amharc ar chlár an chluiche a bhí fágtha i mo dhiaidh agam i mbosca tráchtaireachta Raidió na Gaeltachta.
Níor theastaigh sin uaim mar go raibh leathama sroichte nuair a bhain mé an áit sin amach agus deis agam an tráchtaire Mícheál Ó Sé a cheistiú faoin ainm a bhí ar an té óna chlub féin a raibh an gaisce déanta aige.
“Dara Ó Cinnéide atá air”, arsa Micheál. “D’imir sé do mhionúir Chiarraí arú anuraidh, bhí sé ar an bhfoireann faoi 21 a bhuaigh Craobh na Mumhan cúpla seachtain ó shin agus d’imir sé a chéad chluiche i gCraobh Shinsear na Mumhan in aghaidh Luimnigh Dé Domhnaigh seo caite.
“Ach coinnigh cuimhne ar an ainm, mar is minic a chloisfidh tú é as seo amach, déarfainn.”
Is beag duine atá chomh grinn ar chúrsaí peile le Mac Uí Shé agus uair amháin eile bhí iomlán an chirt aige. As sin go ceann deich mbliana chaith an Cinnéideach geansaí na Ríochta i 53 cluiche craoibhe eile; bhí ar dhuine de na tosaithe ab éirimiúla a bhí ann agus bhain buaic amach nuair a chroch sé Sam Maguire in airde ar chéimeanna Ardáin an Ógánaigh i 2004.
Ba i gComórtas Peile na Gaeltachta, atá ar bun ar Pháirc an Phiarsaigh in Ard a’ Rátha an deireadh seachtaine seo a leag mise agus go leor de lucht leanta na peile sa nGaeltacht súil den chéad uair air.
Ní hé Dara amháin a bhfuil an scéal sin fíor ina thaobh.
Inniu, is de bharr a chuir bainistíochta ar fhoirne Chiarraí a bhuaigh Craobhacha na hÉireann i 2006, ’06 agu ’09 is mó atá clú ar Jack O’ Connor. Chuir siad siúd a fhreastalaíonn ar an gComórtas Peile aithne air mar imreoir de chuid Phiarsaigh na Dromad a bhuaigh ceithre Chraobh Shóisear idir 1994 agus 2001.
Bhuaigh Willie Joe Padden gradaim All Stars i 1985 agus ’89. Go ceann fada, mairfidh cuimhne a chuid éachtaí in aghaidh Thír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh an dara bliain acu sin agus an bindealán a bhí timpeall a chinn. Ach faoin tráth sin bhí ceithre chluiche ceannais as a chéile de chuid an Chomórtais Peile curtha trí lasadh ag cumas ‘eitilte’ Willie Joe – dhá chliseadh i Machaire Gathláin in aghaidh Naomh Abán agus na nDúnaibh agus dhá bhua in aghaidh Ard a’ Rátha agus Chorca Dhuibhe i Rinn Ua gCuanach agus i nGallarus.
Níl luaite ansin ach triúr den liosta fada imreoirí iomráiteacha a facthas, atá le feiceáil agus a fheicfear ag ceann de na hócáidí spóirt is taitnimhí agus is tábhachtaí sa saol Gaelach.
Ó am go chéile, gointear Comórtas Peile na Gaeltachta nuair a dhiúltaíonn bainisteoirí contae cead imeartha ann do na peileadóirí a bhíonn faoina gcúram, nó, mar a tharla arís i mbliana, nuair a loiceann foirne a bhfuil áiteacha bainte amach acu ann. Mura mbíonn fonn taistil orthu, cén fáth a séanann siad áit ar dhreamanna a bhfuil?
Glacaim leis nach le mailís a tharlaíonn sé, ach is masla i gconaí é.
Ach, buíochas le Dia, is cuid chomh mór sin den saol é Comórtas Peile na Gaeltachta faoi seo agus oiread den neart agus den teacht aniar ann go mbíonn sé in ann a leithéidí sin a shárú.
Táim ag súil go mór leis.
P.S. An tseachtain seo caite, bhí mé ag cuartú leagan Gaeilge ar an bplá seo sa spórt ar a dtugtar ‘sledging’. Cuireadh cúpla iarracht i mo bhealach agus cé gur dóigh nach dtugann sé léargas ar chomh tútach agus atá an cleachtas, seo é an ceann is mó a thaithnigh go dtí seo liom: ‘liopaireacht’.
Fág freagra ar 'Neart agus teacht aniar Chomórtas Peile na Gaeltachta'