‘Neamhord ceangail’ is bun le húsáid mhíchuí Facebook

De réir taighde nua a rinneadh in OÉ, Gaillimh daoine nach bhfuil a lán féinmhuiníne acu nó a bhfuil buaireamh síceolaíochta éigin ag cur isteach orthu is mó a bhraitheann ar Facebook chun déileáil lena neamhord ceangail

‘Neamhord ceangail’ is bun le húsáid mhíchuí Facebook

D’fhéadfadh daoine fásta a bhfuil fadhbanna acu ceangal a dhéanamh le daoine eile a bheith ag tarraingt ar Facebook chun na riachtanais cheangail atá acu a shásamh, de réir taighde nua.

De réir an taighde nua, atá déanta ag Roinn na Síceolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, daoine nach bhfuil a lán féinmhuiníne acu nó a bhfuil buaireamh síceolaíochta éigin ag cur isteach orthu is mó a bhraitheann ar Facebook chun déileáil lena neamhord ceangail.

Maíonn na taighdeoirí, Sally Flynn, Chris Noone agus Kiran M. Sarma, chomh maith gur ag na daoine sin is mó a bhíonn fadhbanna maidir leis an úsáid a bhaineann siad as na meáin shóisialta.

Ar na deacrachtaí a thagann as an úsáid sin a luaitear sa taighde nua seo, tá comparáidí sóisialta a bheith á ndéanamh go síoraí le próifílí daoine eile, an iomarca eolas pearsanta a bheith á roinnt agus an úsáid a bhaintear as Facebook a bheith ag cur isteach ar an obair nó ar ghnáthchúraimí an tsaoil.

Deirtear go bhfuil síceolaithe ar aon intinn gurb é nádúr an duine ceangal grámhar a dhéanamh le daoine eile agus go maireann an dúil sin go lá ár mbáis. Bíonn an páistín óg ag caoineadh, ag gáire nó ag síneadh amach a lámha leis an gceangal sin a chothú agus léiríonn an taighde seo gurb é an ceangal nádúrtha daonna sin a bhíonn á lorg ag daoine ar Facebook. 

An páiste a mbíonn caidreamh maith aige leis an té atá ag tabhairt aire dó agus a dhéanann ceangal láidir leis, bíonn muinín aige as an saol agus meas aige air féin agus é lán le féinmhuinín, a deirtear.

Ach maítear gur a mhalairt a tharlaíonn don pháistín nach féidir leis brath ar an té atá ina chúram.

Creidtear go leanann an patrún sin ar aghaidh agus muid inár ndaoine fásta.

Rinneadh an suirbhé seo in ollscoil na Gaillimhe ar 1,275 duine agus chríochnaigh 717 duine nó 65.5% an suirbhé ar fad.

Tugadh faoi deara gur mhó cairde ar Facebook a bhí ag an dream nár chríochnaigh é, agus deirtear gur easpa nó brú ama míniú amháin a d’fhéadfadh a bheith ar a neamhchríochnú. 

137 fear agus 578 bean a chríochnaigh é, Éireannaigh ab ea 79% acu agus bhí cúrsa tríú leibhéal críochnaithe nó ar siúl ag 89% acu.

Dúirt údair an taighde gurb é seo an chéad uair, chomh fada agus ab eol dóibh féin, gur ceanglaíodh teoiric an cheangail sa tsíceolaíocht le húsáid mhíchuí Facebook.

Dar leo gurbh fhiú go mór an teoiric chéanna a chur i bhfeidhm ar an bhfadhb a bhíonn coitianta ar na meáin shóisialta maidir le daoine a fhágann teachtaireachtaí mailíseacha gránna ar na meáin sin faoi dhaoine nach bhfuil aon aithne phearsanta acu orthu.

Deirtear sa taighde go mb’fhéidir gur bealach atá sna teachtaireachtaí gránna sin ag daoine aird a tharraingt orthu féin. D’fhéadfadh, a deirtear, go mbíonn easpa féinmhuiníne agus deacrachtaí déileáil le mothúcháin ag cur as do na daoine sin de bharr neamhord ceangail. 

Admhaíonn na húdair go bhfaigheann daoine mar sin compord ón gcaidreamh ar an suíomh ach gur gearr a mhaireann an faoiseamh sin agus nach aon chúnamh fadtéarmach é don té a bhfuil dearcadh diúltach aige air féin agus ar an saol.

Go deimhin maíonn siad gur amhlaidh a chuireann an úsáid mhíchuí as na meáin shóisialta lena gcuid buartha agus a gcuid fadhbanna ceangail.

Admhaíonn na húdair go bhfuil an-fhiúntas leis na meáin shóisialta féin agus gurb í an úsáid a bhaineann roinnt daoine a bhfuil deacrachtaí acu ceangal a dhéanamh le daoine eile agus atá buartha faoin gcaidreamh pearsanta is údar imní.

Maíonn na húdair gurbh fhiú go mór tuilleadh taighde a dhéanamh ar ghné na síceolaíochta den iompar gránna a bhíonn ag daoine ar na meáin shóisialta. 

Fág freagra ar '‘Neamhord ceangail’ is bun le húsáid mhíchuí Facebook'

  • leitheoir!?

    An míniú é an staidéar sin ar an mbulaíocht, ar an urchóid, ar an íomhá
    a ‘speáin fear ag satailt ar leanbh srl? Má tá cuntas F.book agat tugann tú tacaíocht dó sin uile. Tá tú ciontach!!