Naomh Anna agus Cill Chartha le dul chun catha i gcomhair Chorn an Aire ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Beidh foirne ó Chorcaigh, Ciarraí, Gaillimh, Dún na nGall agus an Mhí san iomaíocht sna ceithre cluichí ceannais atá le himirt ar Pháirc Uí Chuana i gCill na Martra inniu

Naomh Anna agus Cill Chartha le dul chun catha i gcomhair Chorn an Aire ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Foireann bhuacach Naomh Anna Leitir Móír agus gártha molta ag a lucht leanta i ndiadh chluiche leathcheannais Chomórtas Peile na Gaeltachta. PIctiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Dún na nGall in aghaidh na Gaillimhe a bheidh i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024 tráthnóna agus Cill Chartha agus Naomh Anna Leitir Móir in aghaidh a chéile i gCill na Martra.

Bhí briseadh croí ann don fhoireann baile agus an ceann is fearr faighte ag Cill Chartha orthu théis am breise sa chluiche leathcheannais drámatúil a bhí eatarthu aréir, 2-15 in aghaidh 0-18. I gcoimhlint a bhí chomh géar sin, ba léir go mbeadh cúl an-chinniúnach agus fuair Cill Chartha péire acu  in am breise.

Ba é Eoin McHugh a d’aimsigh an chéad cheann tar éis píosa comhimeartha deas idir é féin agus a chol ceathrair Mark. Tháinig Cill na Martra ar ais chun na foirne a fhágáil cothrom arís ach d’aimsigh Pauric McShane an dara cúl do Chill Chartha tasr éis 78 nóiméad chun áit sa chluiche ceannais a chinntiú do Chill Chartha den chéad uair ó 2019.

Ba dheacair a thuiscint cad as a tháinig an fuinneamh a léirigh Cill Chartha chun na cúil sin a scóráil in am breise. Bhí cluiche crua buaite ag na Conallaigh an oíche roimhe in aghaidh Bhéal Átha an Ghaorthaidh, cumann áitiúil eile, ach sheas leithéidí Mark McHugh, Eoin McHugh, Stephen McBrearty agus Ciarán McGinley an fód chun an beart a dhéanamh sa deireadh.

Cill Chartha in aghadh Chill na Martra. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Ní fhéadfá ach trua a bheith agat do Chill na Martra, a thug a raibh iontu sa chluiche. Bhíodar trí phointe chun deiridh, 0-7 in aghaidh 0-4, théis an chéad 30 nóiméad ach ba iad ab fhearr i bhfad sa dara leath. D’aimsigh Cill na Martra cúig phointe as a chéile i dtreo dheireadh an chluiche, a bhuíochas le cúilíní ag Cian Ó Fóiréidh, Shane Ó Duinnín (2), Dan Ó Duinnín agus Tadhg Ó Corcora, scóranna a d’fhág an fhoireann baile trí phointe chun tosaigh, 0-13 in aghaidh 0-10. Ach throid Cill Chartha go damanta chun teacht ar ais ar comhscór, rud a rinneadar nuair a shlánaigh Matthew McClean cic saor deacair leis an gcic deireanach nach mór.

Bíodh gur gaisce a bhí ann ag Cill Chartha teacht slán, d’fhéadfadh an 20 nóiméad breise sin a bheith cinniúnach sa chluiche ceannais amárach. Bhí sos i bhfad níos mó ag Naomh Anna, Leitir Móir, a bheidh ag imirt ina gcéad chluiche ceannais le breis is 30 bliain, théis a mbua níos luaithe sa tráthnóna ar Bhulf Tón.

Ní raibh tada éasca, mar sin féin, faoi bhua na nGaillimheach, 1-15 in aghaidh 2-9. Chuir fir Chonamara, a rinne scrios ar an nDaingean Dé Sathairn, drochthús leis an gcluiche ach léirigh siad an-mhisneach agus mianach chun teacht ar ais agus bhí an bua tuillte go maith acu ar deireadh.

Bhí 1-2 cláraithe ag Bhulf Tón sular aimsigh Leitir Móir a gcéad phointe. Fuair Caolán Ward an chéad scór den chluiche le cúl iontach théis trí nóiméad agus fuair Stephen Mac an Aoire agus Eoin Ó Dúnagáin pointe an duine chun tús den scoth a thabhairt d’fhoireann na Mí.

Shocraigh Naomh Anna isteach sa chluiche ina dhiaidh sin, áfach, agus thosaigh Fionn agus Oisín Mac Donnacha ag aimsiú na scóranna dóibh. D’fhág trí phointe ag Fionn agus péire eile ag Oisín nach raibh Naomh Anna ach pointe chun deiridh théis 20 nóiméad.

Buaileadh buille ar fhir Chonamara ansin nuair a bhris Eoin Ó Dúnagáin tríd lár na cosanta ag Leitir Móir chun an dara cúl a aimsiú do Bhulf Tón. Dhá phointe idir na foirne ag leath ama agus an dá scór deireanach faighte ag Myles agus Oísín Mac Donnacha.

Tháinig scór cinniúnach ag tús an dara leath nuair a d’éalaigh Fionn Mac Donnacha isteach chun cúl a fháil do Leitir Móir théis 33 nóiméad. D’fhág sin na foirne cothrom agus cé go bhfuair Bhulf Tón an chéad dá scór eile, thóg Leitir Móir ceannas ar an gcluiche leath bealaigh tríd an dara leath nuair a d’aimsíodar sé phointe as a chéile, trí cinn ó bhróg Dylan Seoighe, péire ag Oisín Mac Donnacha agus ceann eile ag Fionn Mac Donnacha.

D’fhág sin go raibh Naomh Anna ceithre phointe chun cinn, 1-13 in aghaidh 2-6, agus deich nóiméad fágtha agus cé go bhfuair Bhulf Tón cúpla scór as sin go deireadh, d’fhreagair Fionn Mac Donnacha iad le dhá phointe iontacha chun an bua a chinntiú do Naomh Anna.

Naomh Anna Leitir Móír in aghaidh Bhulf Tón na Mí. PIctiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

I gCraobh Shóisir na bhFear, casfaidh Naomh Muire agus Lios Póil ar a chéile i gcluiche ceannais an lae inniu tar éis dóibh buanna cuimsitheacha a bheith acu ina gcluichí leathcheannais inné.

Bhí Lios Póil i bhfad róláidir don Seanphobal sa chéad chluiche leathcheannais a imríodh ar Pháirc Uí Chuana agus bua 4-18 in aghaidh 1-7 ag fir Chiarraí.

Bhí sé soiléir théis cúig nóiméad gur ag Lios Póil a bheadh an bua agus iad ocht bpointe chun tosaigh théis seacht nóiméad, 1-5 cláraithe ag na Ciarraígh agus gan scór ar bith ag na Déisigh.

Ba é Pól Breathnach a d’aimsigh an cúl do Lios Póil ach ba é Cormac Ó Cinnéide sárimreoir na foirne sa chéad leath agus ceithre cinn de phointí aimsithe aige roimh an mbriseadh. D’aimsigh Cian Ó Cinnéide an dara cúl do Lios Póil leathshlí tríd an chéad leath chun an farasbarr a mhéadú agus ceithre cinn déag de phointí a bhí idir na foirne agus iad ag déanamh i dtreo na seomraí feistis – 2-11 in aghaidh 0-3.

Bhí an bua ag an Seanphobal ar na Gaeil Óga i ndianchoimlint ar an Satharn agus an craoltóir aitheanta, Ciarán Murphy, ina phríomhscórálaí ag na buaiteoirí. D’aimsigh Murphy, a d’aistrigh go cumann dúchais a athar ag tús na bliana, 1-4 sa chluiche leathcheannais in aghaidh Lios Póil ach níorbh leor a chuid gaiscí.

D’aimsigh Cian Ó Cinnéide agus Aodán Mac Gearailt cúl an duine i dtréimhse 60 soicind deich nóiméad isteach sa dara leath agus bhí an choimhlint thart i bhfad sular séideadh an fheadóg dheireanach.

Cé go raibh an bua ollmhór sin ag Lios Póil, beidh obair le déanamh acu chun Naomh Muire Dhún na nGall a shárú sa chluiche ceannais. Bhí farasbarr chomh mór céanna nach mór ag Naomh Muire ar Chill Chomáin Mhaigh Eo is a bhí ag Lios Póil ar an Seanphobal ach níl aon amhras ann ach go raibh an freasúra níos láidre ag Naomh Muire.

Is léir gur fhág an iarracht a bhí curtha isteach ag Cill Chomáin ar an Satharn, nuair a bhuadar dhá chluiche i gcoinne Chlann na nGall agus Naomh Abán, nach raibh mórán fágtha iontu ar an Domhnach agus  bhí Naomh Muire chun tosaigh orthu ó thús go deireadh.

Ní raibh nóiméad imeartha nuair a scóráil na Conallaigh an chéad phointe agus bhí siad imithe as radharc taobh istigh den chéad 15 nóiméad. Dónal Ó Duibhlinn a d’aimsigh an chéad chúl den chluiche théis ocht nóiméad tar éis dó gearradh isteach ón gcliathán agus d’aimsigh sé an sprioc arís seacht nóiméad ina dhiaidh sin agus bhí tosaithe Naomh Muire níos airdeallaí tar éis don liathróid an cuaille a bhualadh.

D’fhág an dá chúl ag an nDuibhlinneach go raibh Naomh Muire 2-4 in aghaidh 0-1 chun tosaigh agus mhéadaigh siad an bhearna go dtí cúig phointe déag faoi leatham. Fuair Seosamh Mac Giolla Easbuig agus Eoin Ó Máirtín scóranna breátha dóibh.

Chomh maith leis an gcluiche breise a bhí le himirt acu an lá roimhe, bhí Cill Chomáin fágtha faoi mhíbhuntáiste agus sárthosach na foirne, Justin Healy, díreach tagtha ar ais ó dhrochghortú glúine a bhain dó nuair a bhuaigh an fhoireann craobh shóisir an Chomórtais anuraidh. D’aimsigh Healy dhá phointe sa chluiche, ach ba léir nach raibh sé go hiomlán ar a sheanléim go fóill.

Bhí Naomh Muire an-chruinn sa chéad leath agus lean siad orthu ar an gcaoi chéanna sa dara leath agus Eoin Ó Máirtín, a chríochnaigh le seacht bpointe, ag aimsiú formhór na scóranna.

Naomh Abán a thug leo an chéad chorn i gcomórtas na bliana seo agus iad buacach ar Naomh Conaill i gcluiche ceannais chraobh Idirmheánach na mban. Is beag a bhí idir na foirne le linn na coimhlinte ach d’fhág an gearradh agus an cruinneas breise a bhí ag mná Mhúscraí gurb iad a thug an lá leo, 1-8 in aghaidh 1-3.

Mná Naomh Abán ag ceiliúradh. Pic: Seán Ø Maiinnín/Tuairisc

Bhí na sé phointe a d’aimsigh Grace Ní Mhurchú le linn na huaire cinniúnach agus í lárnach in an-chuid d’imirt mhaith Naomh Abán. Bhí Naomh Conaill in ann an liathróid a thabhairt chun tosaigh gan stró ach, d’fhág dianchosaint Naomh Abán agus easpa muiníne thosaithe na gConallach go raibh sé deacair orthu scóranna a fháil.

Bhí cúl acu théis 14 nóiméad nuair a thit iarracht faoi na postaí gearr ach bhí Colleen Cearnaigh san áit cheart chun an liathróid a bhá san eangach. Fuair Róisín Ní Chorcora cúl do Naomh Abán roimh dheireadh an chéad leatha chun na Corcaígh a fhágáil trí phointe chun cinn ag an mbriseadh agus d’fhág trí phointe ag Grace Ní Mhurchú agus ceann eile ag Annie Ní Mheachair sa dara leath nach raibh Naomh Conaill in ann breith orthu.

I gCraobh Shóisir na mBan, tabharfaidh Clann na nGael aghaidh ar Naomh Fionnbarra sa chluiche ceannais inniu tar éis don dá fhoireann a gcuid cluichí leathcheannais a bhuachan.

Craobh Shóisear na mBan

Clann v nGael (An Mhí) v Naomh Fionnbarra (Corcaigh) – 10.00rn  (Beo ar Youtube Spórt TG4)

Craobh Shinsear na mBan

An Tearmann (Dún na nGall) v Baile Chláir na Gaillimhe (Gaillimh) – 12.00in  (Beo ar TG4)

Craobh Shóisear na bhFear

Lios Póil (Ciarraí) v Naomh Muire (Dún na nGall) – 2.00in  (Beo ar TG4)

Craobh Shinsear na bhFear

Naomh Anna (Gaillimh) v Cill Chartha (Dún na nGall) – 4.00in (Beo ar TG4)

 

 

Fág freagra ar 'Naomh Anna agus Cill Chartha le dul chun catha i gcomhair Chorn an Aire ag Comórtas Peile na Gaeltachta'