Nach gránna é? Sin é allas an diabhail…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach gránna é? Sin é allas an diabhail…

Sin é allas an diabhail. Is beag duine a thuigfeadh an leagan cainte sin sa lá atá inniu ann.

Gasúr dána a bhíodh i gceist, sotlach millte. Níorbh iontas go mbeadh allas leis an diabhal ar ndóigh. Chaithfeadh sé go mbeadh sé ag barcadh allais ó tharla é a bheith chomh gar sin don tine i gcónaí. A chead a bheith aige ach nár ghránna an t-ainm ar an ngasúirín é? Ansin arís bhítí ag caint ar mhac an diabhail agus ar an mac mallachta.

Is cuid den duine é an t-allas ó dúirt Dia le hÁdhamh i nGairdín Pharthais ‘le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin’.

Deirtear gur chuir Críost allas i ngairdín eile. Seo mar a chuir Lúcas síos air:

‘Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta móra fola ag sileadh go talamh.’

Tharlódh sé gur macalla a bhí ansin ar rud a dúirt an fáidh Íseáia seacht gcéad bliain roimhe sin… ‘Bhí sé chomh loite sin ina chuma, ní raibh cruth duine daonna air níos mó’.

Bhíodh fonn ar na soiscéalaithe a thabhairt le tuiscint i gcónaí gur chomhlíon Críost tairngreachtaí a rinne na fáithe.

Maidir leis an diabhal seo leaganacha cainte a bhfuil sé luaite iontu:

Chomh dána leis an diabhal.

Is dána muc ná gabhar, is sháraigh bean an diabhal.

Sháraigh na mná Harry Stattle, is sháraigh Harry Stattle an diabhal.

Tá an diabhal i do sciorta – ag cur cathaithe ort.

Ná beannaigh don diabhal go mbeannaí sé dhuit – ná téigh ar thóir trioblóide.

An rud a thig thar dhroim an diabhail imíonn sé faoina bholg – an rud a fhaightear go dona imíonn sé go dona.

Saoire a thabhairt don diabhal – éirí as an eascainí.

Tá lámh ag an diabhal ann –drochobair.

An diabhal a thabhairt le n-ithe do dhuine – neart don teanga a thabhairt dó.

Tá diabhal éigin á spriocadh.

Tá an diabhal ina bholg.

Tá an diabhal ina sheasamh idir a dhá shúil –drochfhéachaint.

Go dtuga an diabhal leis iad.

Go dtuga an diabhal le fána aille thú.

Go dtachta an diabhal é.

Is láidre ná an diabhal an té a chuirfeadh fad siar ar a theach.

Is é an diabhal athair na mbréag.

‘Go mbuaile an diabhal i gcuinc a mhuiníl an té a thabharfadh a chuid go léir dá mhac ná dá iníon.’

(Tá an leagan sin bunaithe ar chomhairle atá sa mBíobla: ‘Ná tabhair ceannasaíocht ort féin do do mhac, do do bhean,

Do do bhráthair ná do do chara fad is beo dhuit.

Ná tabhair do chuid de dhuine eile,

Le heagla go dtiocfá ar mhalairt aigne agus é a lorg ar ais.’

Is fearr an diabhal a bhfuil cleachtadh agat air ná an diabhal nach bhfuil.

Is minic cuma aingil ar an diabhal féin.

Bhí an diabhal is a mháthair daoine ann.

Cailín óg cráifeach, seandiabhal ceart.

Seachain an t-ól agus an mí-ádh mór, ach tá an diabhal ar na baintreacha.

Glac as éadan iad mar a ghlacann an diabhal na Gaill.

Ag tarraingt an diabhail de ghreim iorbaill.

Chomh dubh leis an diabhal.

Chomh tobann agus a chuirfeadh an diabhal a cheirteacha air.

Nár bheire an diabhal ina gharraí fataí ort.

Is measa droch-chomharsa ná an diabhal.

Oiread gránach is atá ag diabhal ar uisce coisreacain.

Ag cur dlí ar an diabhal is an chúirt in Ifreann.

Tabhair an srian don diabhal is tiomáinfidh sé go hIfreann.

Dá mbeadh an diabhal ar an gcarn aoiligh chaithfeadh fear na pingine a bheith amuigh – ní mór dó a bheith amuigh ag obair, fliuch nó tirim

Labhair faoin diabhal is tiocfaidh sé.

Trí ní nach gcodlaíonn:

An Diabhal,

Eas aibhne,

Fíormhada uisce.

Sin é allas an diabhail. Nach gránna é?

Fág freagra ar 'Nach gránna é? Sin é allas an diabhail…'

  • Pól Ó Braoin

    Is diabhaltaí an mac thú, a Sheosaimh is nár lagaí Dia go deo thú…
    Bainim an-taitneamh as na hailt uait.