NACH GRÁNNA É? Nach mór an tubaiste a bhí orm an lá ar phós mé thú

NACH GRÁNNA É?

NACH GRÁNNA É? Nach mór an tubaiste a bhí orm an lá ar phós mé thú

Nach gránna é? 

D’fhéadfadh fear nó bean ráiteas den tsórt sin a dhéanamh. Chuir fear amháin in amhrán mar seo é:

Ó, níl sé ach seachtain ó phós mé

‘Gus is faide liom é ná bliain,

Round the world for sporting

‘Gus faraor má phós mé riamh,
Ó, gealladh eallach go leor dhom

‘S ní bhfuair mé ach an bhó agus an lao,

Ó, cailleadh an lao orm sa ngeimhreadh

‘Gus an bhó san earrach dár gcionn.

Chaithfeadh sé nach fear maith cleamhnais a bhí acu. Bhíodh tábhacht mhór leis an spré i gcónaí.

Is iomaí bealach a n-úsáidtí an focal tubaiste. Ba mhinic gur eascaine a bhíodh ann:

Tubaiste an tí leat.

Tubaiste na muc is na madraí leat.

Tubaiste an pharóiste ort.

Tubaiste na bliana leat, a deirtí nuair a bhítí ag caitheamh amach bó nó capall nó cearc nó aon rud mar sin a cailleadh nó a briseadh.

Mo chuid den tubaiste leat, a deirtí uaireanta eile.

Tuilleadh tubaiste chugaibh arsa an gabhar lena chosa.

Do thubaiste i do shlogaide, a deirtí le gadhar a bheadh ag tafann.

Tuilleadh tubaiste chucu—is maith an oidhe orthu é.

Deirtí paidir in aghaidh na tubaiste go minic freisin. I bhfad uainn an tubaiste a chloisfeá.

Ní ag áireamh na tubaiste é ach níor fhan bó ná gamhain agam anuraidh, a dúirt fear uair. Ní ag comhaireamh na hanachana é a bhí i gceist aige.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal tubaiste iontu:

Tá an tubaiste anuas orthu.

Rinne an t-ól tubaiste air.

Bhí an tubaiste críochnaithe ar an bhfear sin.

Mar bharr ar gach tubaiste tharla an méid seo dhom.

Buille na tubaiste—an iarraidh a mharaigh an mhuc. Buille maraithe na muice, mar a deir siad i gCúige Mumhan.

D’imigh an tubaiste ort – tá an diabhal i do chaipín.

Is cuma liom sa tubaiste céard a déarfar faoi.

Tá an aimsir seo tubaisteach do na feirmeoirí.

Bhuailfeadh an tubaiste le duine i lár an bhóthair—go mbíonn an t-olc i ngach uile áit.

Ní bhíonn an tubaiste ach mar a mbíonn an spré – nach ndéantar dochar ach san áit a bhfuil saibhreas.

Níl a fhios agam céard a cheapfadh an fear nach bhfuair ach an bhó agus an lao faoi sin.

Tá sé seo san amhrán An Droighneán Donn:

Séard deir gach duine acu a bhíos ag iomardadh, níl ann ach réic,

Ach tús gach tubaiste go raibh uilig orthu ach mo mhúirnín féin.

Fág freagra ar 'NACH GRÁNNA É? Nach mór an tubaiste a bhí orm an lá ar phós mé thú'

  • Giolla na tubaiste

    ‘Nach mór an tubaiste do aon duine á dtearnadh riamh,
    Oiread a chruinniú agus a choinneodh as Párthas é’ – Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn (amhrán)

  • Seosamh Ó Cuaig

    An-deas ar fad.