Nach Deas É? I bhfad uainn an urchóid agus an anachain…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach Deas É? I bhfad uainn an urchóid agus an anachain…

D’fhéadfá é a chur ar bhealach eile freisin: i bhfad uainn gach olc agus gach urchóid. Dá mba duine níos naofa ná sin thú d’athrófá an leagan cainte thuas go dtí Dia idir sinn agus an anachain.  Go deimhin d’ordaigh Dia an anachain a sheachaint.  Ach níl aon mhaith a bheith ag seanchas nuair a bhíonn an anachain déanta.

Ní ceart an anachain a chomhaireamh ach an oiread. Mar a dúirt fear Dhúiche Sheoigheach: “Chaill mé trí cinn de chaoirigh le mí, ní ag comhaireamh na hanachana é, ná ag ceasacht ar Dhia.”

Focal úsáideach é an ceasacht sin chomh maith.  Duine a bheith ag casaoid, ag clamhsán, ag banrán, ag canrán, ag ciarsán nó ag cnáimhseáil a chiallaíonn sé. Ag ceasacht agus ag tormas ar an mbia. Ag ceasacht ar a chuid den airgead.  Glac a bhfaighidh tú is ná bí ag ceasacht. Ach cuimhnigh i gcónaí gur  mairg a bháitear in am na hanachaine, is go scairteann an ghrian i ndiaidh na fearthainne.

Thabharfaí anachain freisin ar dhuine; anachain é sin. Duine oilbhéasach a bheadh ann a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh. Ní bhíonn anachain ar bith i ndaoine eile; ní raibh aon anachain ann a déarfaí faoi dhuine acu ach an oiread leis an naíonán a bhéarfaí.

Fág freagra ar 'Nach Deas É? I bhfad uainn an urchóid agus an anachain…'