Ádh éisc ort a déarfá le duine a bheadh ag dul ag iascach.
Ní cheaptaí go mbeadh aon bhlas den ádh ort dá gcasfaí bean rua ort agus tú ar do bhealach chun na céibhe. Ní bheidh an t-ádh liom ó casadh an bhean rua liom, mar a dúirt an fear. Pisreog a bhí ansin agus atá fós.
Deirtear an té a mbíonn an t-ádh ar maidin air go mbíonn sé air maidin agus tráthnóna. Deirtear freisin gur fearr an t-ádh ná éirí go moch. Sea ach creideadh ina aghaidh sin an té a bhfuil an t-ádh air nár mhiste dhó codladh go headra. Is minic a bhí an t-ádh ar an bhfear a chodail a sháith.
Bíonn an t-ádh ina rith ar chuid de na daoine. Bíonn an t-ádh ag siúl leo. Bíonn eireaball, sciorta den ádh orthu.
Bhí an t-ádh i do chaipín a déarfaí le duine a tháinig slán as guais. Bhí an t-ádh dearg ort. Nach air a bhí an t-ádh, nach ámharach an mac é a déarfaí faoi dhuine a bhuafadh airgead sa gCrannchur Mór. Níl baol ar bith nach ndéarfaí faoin duine sin gur fearr a bheith beirthe leis an ádh ná le saibhreas.
Ina shilt a thigeas an t-ádh ach ina thuile mhór an mí-ádh. Ná raibh an t-ádh na an t-amhantar ort—eascaine.
Teach ard, bean bhreá agus buaile bhán, is minic a tharraing siad an mí-ádh ar dhuine.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Ádh éisc ort…'