An cluiche idir Ciarraí agus An Cabhán a chuirfidh tús leis na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann agus an cluiche eatarthu socraithe do trháthnóna Dé Sathairn seo chugainn.
Is ag 3.30in a bheidh an cluiche i Staid an Ghearaltaigh i gCill Airne agus na foirne ag iarraidh áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais.
Rinneadh an tarraingt do na réamhbhabhtaí ar maidin agus na socruithe do na cluichí anois fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael. Tá na cluichí réamhbhabhta ar an Satharn agus an Domhnach le craoladh ar GAA+.
Is i bPáirc an Chócaigh a bheidh peileadóirí Chorcaí níos déanaí tráthnóna Dé Sathairn agus iad le haghaidh a thabhairt ar Áth Cliath ag 6.15in.
Beidh iománaithe Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh an tráthnóna céanna agus iad ag imirt in aghaidh Luimnigh i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann ag 4.00in.
I bPáirc na nGael i Luimneach a bheidh Tiobraid Árann agus Gaillimh agus iad ag imirt sa gcluiche ceathrú ceannais eile ag 6.15in. Beidh an dá chluiche iomána sin le feiceáil ar RTÉ.
Ar an nDomhnach, beidh An Dún agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i bPáirc Esler ar an Iúr. Tosóidh an cluiche sin ag 1.45in.
Is i bPáirc Mhic Cumhaill i mBealach Féich a bheidh an cluiche deireanach i réamhbhabhtaí na craoibhe peile agus Dún na nGall agus contae Lú le casadh ar a chéile ag 4.00in.
Imreofar an dá chluiche leathcheannais i gCorn Tailteann an tráthnóna céanna. Is i bPáirc an Chrócaigh a bheidh an péire acu agus Cill Mhantáin agus Luimneach le haghaidh a thabhairt ar a chéile ag 2.00in agus Cill Dara agus Fear Manach ag imirt ina ndiaidh ag 4.00in. Beidh na cluichí sin le feiceáil ar RTÉ.
Tá Ard Mhacha, An Mhí, Muineachán agus Tír Eoghain ag dul ar aghaidh díreach chuig babhtaí ceathrú ceannais Chraobh Peile na hÉireann tar éis dóibh críochnú ar bharr a ngrúpaí.
Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Réamhbhabhtaí Ceathrú Ceannais
Ciarraí v An Cabhán – Staid an Ghearaltaigh, 3.30in Craobh Shinsir Iomána na hÉireann – Babhtaí Ceathrú Ceannais
Áth Cliath v Luimneach – Páirc an Chrócaigh, 4.00in Dé Sathairn, 21 Meitheamh
Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Réamhbhabhtaí Ceathrú Ceannais
An Dún v Gaillimh – Páirc Esler, 1.45in
Dún na nGall v Contae Lú – Páirc Mhic Cumhaill, 4.00in
Corn Tailteann – Babhtaí Leathcheannais
Cill Mhantáin v Luimneach – Páirc an Chrócaigh, 2.00in
Áth Cliath v Corcaigh – Páirc an Chrócaigh, 6.15in
Tiobraid Árann v Gaillimh – Páirc na nGael, 6.15in
Cill Dara v Fear Manach – Páirc an Chrócaigh, 4.00in
Fág freagra ar 'Na socruithe déanta don chéad bhabhta eile i gCraobh Peile na hÉireann'