Na Piarsaigh ag prapáil do dhúshlán na nDéise

Ba cheart go mbeadh an bua ag foireann Luimnigh i gcluiche ceannais na gclub i gCúige Mumhan amárach ach ní bheidh sé éasca acu

Pictiúr: INPHO/Ken Sutton
Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Tá iomáint na nDéise fós i mBéal an Phobail i ndiaidh bliain fhada agus mórán bainte amach ar pháirc na himeartha acu. Rinne foireann sinsear an chontae éacht ag teacht ó roinn B na sraithe chun an phríomhdhuais a thabhairt leo.

Amárach is iad Baile Mhic Gonair atá ag imirt ar son an chontae i gcluiche ceannais  sinsear na gclub i gCúige Mumhan, an chéad uair ag an gclub sa chluiche ceannais ceann ó 2009. Agus má imríonn siad mar a rinneadar sa dara leath sa chlucihe leathcheannais tá gach seans acu. Bhíodar thar barr sa dara leath sin agus iad d’uireasa duine de phríomhimreoirí na foirne, Philip Mahony, ar tugadh cárta dearg dó roimh leath ama. Faraor beidh siad gan an laoch sin arís amárach chomh maith lena dheartháir Pauric, atá fós gortaithe. Is buille an-mhór é d’aon club imirt gan dhá imreoir contae a bheith acu, agus bí cinnte de go bhfágann sé Baile Mhic Gonair faoi mhíbhuntáiste.

Thaispéanadar tréithe iontacha sa dara leath sa chluiche leath ceannais i gcoinne Fhánaithe an Ghleanna agus iad cúig chúilín chun deireadh. Baineadh tosaí cumasach eile, Peter Hogan, den pháirc de bharr gortú ar an lá céanna. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur séideadh an fheadóg den uair dheireanach.

Rompu amárach tá foireann a bhfuil ualach taithí acu agus atá lán le himreoirí cumasacha. Seo an tríú bliain in imeacht cúig bliana do Phiarsaigh Luimnigh a bheith ag imirt sa chluiche ceannais. 

Tá meascán deas imreoirí acu. Bhuaigh David Dempsey agus Peter Casey bonn Uile-Éireann faoi fiche a haon ag tosach an fhómhair agus tá Shane Dowling, Kevin Downes agus an captaen Cathal King ar phainéal sinsear Luimnigh le tamall. Tá taithí ag an leibhéal sin ag Alan Dempsey freisin.

Bhí cuid mhaith báistí ann i rith na seachtaine agus is cinnte go mbeidh páirc bhog againn. Dar ndóigh, cuireann aimsir mar sin isteach go mór ar chaighdeán na hiomána. Bíodh sin mar atá, beidh ar an dá fhoireann cur suas leis. Ag an bpointe seo, is iad na Piarsaigh rogha na coitiantiachta ag na geallghlacadóirí do Chraobh na hÉireann o ar Lá ’le Pádraig.

Dar ndóigh, tá siad mar rogha acu amárach agus is dócha go mbeidh an bua acu ach ní bheidh sé éasca.

Tá cuid mhaith ráite ón Luan faoi Anthony Cunningham agus imreoirí na Gaillimhe. Tá trua agam dó. I mo thuairim féin, ní raibh aon dul as aige ach éirí as a phost mar bhainisteoir. Is trua gur tharla an chonspóid ach tharla sé agus tarlóidh sé arís mura mbeidh athrú ar an gcóras faoina roghnaítear bainisteoirí contae agus club.

Caithfidh imreoirí a bheith ina mbaill d’aon choiste atá ag roghnú bainisteoirí nó ag déanamh meastóireachta ar bhainisteoirí. Ta an t-uafás ama agus iarrachta á gcur isteach ag formhór na ndaoine atá ag plé lenár gcluichí Gaelacha nó á n-imirt. Ó thaobh na n-imreoirí de, uaireanta ní bhíonn siad sásta bliain, nó bliain eile, a chaitheamh ag imirt faoi stiúir lucht bainistíochta nach bhfuil meas acu orthu. 

Má bhíonn na himreoirí bainteach leis an bpróiseas faoina roghnaítear bainisteoir ó thús, tá seans ann dul chun cinn a dhéanamh. Mura bhfuil, beidh eachtraí eile ar nós cheann na Gaillimhe ann gach bliain.

Fág freagra ar 'Na Piarsaigh ag prapáil do dhúshlán na nDéise'