Na neamhspleáigh chun cinn ach seans maith ag Fianna Fáil ar an suíochán deireanach

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Na neamhspleáigh chun cinn ach seans maith ag Fianna Fáil ar an suíochán deireanach

Dáilcheantar: Ros Comáin-Gaillimh

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae Ros Comáin ar fad, seachas póca thart ar Mhainistir na Búille, mar aon le coirnéal d’oirthear na Gaillimhe ag síneadh ó Bhéal Átha a Sluaighe go Dún Mór.

Teachtaí Dála ag seasamh: Denis Naughten (NS), Michael Fitzmaurice (NS) agus Eugene Murphy (FF).

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 19.3 31
Fine Gael 14.9 18
Sinn Féin 6.7 8
Nspl 52.5 43

Anailís: Níor cheart go mbeadh stró ar bith ar na neamhspleáigh Michael Fitzmaurice (NS) ná ar Denis Naughten (NS) a suíocháin a choinneáil. Bhí Naughten ina aire cumarsáide agus athrú aeráide ach d’éirigh sé as an rialtas de bharr conspóid a bhain le cruinnithe a bhí aige le fear gnó a bhí istigh ar an gcomórtas don conradh le córas leathanbhanda náisiúnta a chur ar fáil. Toghadh i ndiaidh an chéad chomhairimh é in 2016 agus 2,500 vóta thar an gcuóta aige. Aistríodh leath dá fharasbarr chuig Fitzmaurice (NS), fear a bhíonn go minic ar na meáin náisiúnta.

Ag glacadh leis go dtógfaidh Naughten agus Fitzmaurice péire de na trí shuíochán, fágann sin Fianna Fáil agus Fine Gael san iomaíocht don tríú ceann. Tá níos mó tacaíochta ag Fianna Fáil sa Dáilcheantar, mar a léiríodh sna toghcháin áitiúla anuraidh (féach an tábla thuas) agus buaileadh buille trom ar Fhine Gael tar éis na Nollag nuair a shocraigh an Seanadóir Maura Hopkins (FG), a bhí roghnaithe mar iarrthóir, a hainm a tharraingt siar. Ní raibh idir Maura Hopkins (FG) agus Eugene Murphy (FF) ach vóta amháin sa gcéad chomhaireamh in 2016.

Rugadh a céad pháiste do Hopkins roimh an Nollaig agus dúirt sí nach mbeadh sí in ann an dá thrá a fhreastal. Roghnaíodh an Comhairleoir Aisling Dolan (FG), iarrthóir nach bhfuil i bhFine Gael ach le cúpla mí, le seasamh ina háit. Is mar chomhairleoir neamhspleách a toghadh Dolan, nach bhfuil mórán taithí aici, anuraidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus 1,082 vóta aici. Cabhróidh sé léi nach bhfuil aon iarrthóir ag Fianna Fáil as contae na Gaillimhe, áit a bhfuil an tríú cuid den toghlach.

Tá a chuid deacrachtaí féin ag Fianna Fáil sa dáilcheantar. Ardoifig Fhianna Fáil a chuir an Comhairleoir Orla Leyden (FF) ó bhaile Ros Comáin ar an ticéad cúpla seachtain ó shin. Iarrthóir láidir í agus taithí 15 bliain aici ar an gComhairle Contae. Is iníon í leis an Seanadóir Terry Leyden (FF), a bhí ina Theachta Dála do Ros Comáin tráth. Ní mó na sásta atá an Teachta Dála Eugene Murphy (FF) leis an scéal. Is idir Eugene Murphy (FF) agus Orla Leyden (FF) a bheas an troid don tríú suíochán sa Dáilcheantar. Ní chabhraíonn sé le Murphy (FF) go bhfuil cuid den cheantar is mó a bhfuil tacaíocht aige ann, thart ar Mhainistir na Búille, curtha le Sligeach-Liatroim. Tá seans maith ann gur Orla Leyden a thógfaidh an suíochán deireanach d’Fhianna Fáil.

Tá Claire Kerrane ag seasamh an fhóid do Shinn Féin aríst. Níor sheas sí sna toghcháin áitiúla anuraidh, ach rinne sí go maith in olltoghchán 2016 nuair a d’éirigh léi 7% den vóta a fháil. Mar sin féin, theastódh uaithi an sciar sin a dhúbailt le bheith san iomaíocht. I measc na n-iarrthóirí eile, tá Julie O Donoghue ag Comhaontas Glas, Glen Campbell atá ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialta agus James Hope atá san iomaíocht do Aontú.

Tuar: Naughten (NS), Fitzmaurice (NS), Leyden (FF)

Fág freagra ar 'Na neamhspleáigh chun cinn ach seans maith ag Fianna Fáil ar an suíochán deireanach'