Na Muimhnigh ag déanamh a míle dhícheall teacht suas le na hÉireannaigh eile

Agus muid ag teacht ar ais ó dhíomá Pháras an deireadh seachtaine seo caite, beidh Cúige Mumhan ag iarraidh teacht suas le Cúige Uladh, Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean, atá ar bharr tábla an Pro12 faoi láthair

Imreoir na Mumhan, Keith Earls. INPHO/Dan Sheridan
Imreoir na Mumhan, Keith Earls. INPHO/Dan Sheridan

Theip ar an bhfoireann idirnáisiúnta an lá a thabhairt leo i bPáras an Satharn seo caite – pointe amháin a bhí idir iad féin agus na Francaigh tar éis cluiche an-chrua agus an-fhisiciúil agus ceann inar íoc na Gaeil go daor as ó thaobh gortuithe de. Tá coicís anois ag Joe Schmidt le rudaí a chur ina gceart ó thaobh na n-imreoirí gortaithe de, ach tá sé do-dhéanta anois againn greim a fháil ar Chorn na Sé Náisiún don tríú huair as a chéile.

Fágann sin gurb iad na Connachtaigh, foireann atá i mbabhta ceathrú ceannais Chorn an Dúshláin, agus an ceithre chúige na hÉireann ag imirt i gcomórtas an Pro 12, an t-aon splanc nó cúis cainte atá ag lucht leanta rugbaí na hÉireann an tseachtain seo.

Ní fiú bheith ag caint faoi Chúige Chonnacht a bheith ar bharr Chomórtas an Dúshláin ach déarfaidh mé tuilleadh faoi sin amach anseo.


Idir an dá linn leanann comórtas an Pro 12 ar aghaidh agus creidim nach bhfuil sé pioc mí-réalaíoch go mbeimid ag súil le foireann ón tír seo nó dhá fhoireann fiú a bheith san iomaíocht sa gcluiche craoibhe a bheidh á imirt i nDún Éideann ag deireadh mhí na Bealtaine.


Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair agus foirne ag réiteach do bhabhta 15 den chomórtas an deireadh seachtaine seo, tá trí chúige ón tír seo ar bharr an tábla. Is iad na Muimhnigh an t-aon fhoireann Éireannach nach bhfuil i measc na bhfoirne ar bharr an tábla. Is cinnte, tar éis bua na Ospreys orthu i gCorcaigh an Domhnach seo caite, go mbeidh Cúige Mumhan ar an míle dhícheall ag iarraidh sin a cheartú thar an seacht mbabhta atá fós le n-imirt acu. Tabharfaidh siad faoi na Warriors thall i nGlaschú an Aoine seo. Athimirt é seo de chluiche craoibhe an Pro 12 anuraidh, ócáid ina bhfuair na Warriors an lámh in uachtar ar na Muimhnigh. Ní ró-iontach atá ag éirí le curaidh an Phro 12 faoi láthair, iad san 8ú háit ar an tábla, thíos i measc na nIodálach. Is deis do na Muimhnigh é seo go cinnte, ach an mbeidh siad in ann leas a bhaint as?


Ar an Satharn beidh na Laighnigh, dream atá sa tríú háit ar an tábla, sa mBreatain Bheag le tabhairt faoi Chaerdydd, foireann atá sa 9ú háit agus a bhfuil ag éirí go holc leo faoi láthair. Is deacair bua do na Breathnaigh a thuar sa gcluiche seo, go háirithe má bhíonn leithéidí Cian Healy agus Mike Ross ag imirt do na Laighnigh, iad ag fáil cleachtadh imeartha tar éis tréimhse fada gortaithe.


Ar an Satharn freisin beidh na Connachtaigh, foireann atá sa dara háit ar an tábla, ag imirt san Iodáil i gcoinne Zebre, foireann atá san 11ú háit. Ní bheidh lucht leanta Chonnacht sásta mura n-éiríonn leo bua, agus pointe bónais fiú, a fháil ón gcluiche seo. Seans maith go mbeidh an lá, agus an pointe bónais, leo.

Is sa mbaile ar an Domhnach a bheas an fhoireann atá ar bharr an tábla, Cuige Uladh, ag tabhairt faoi Scarlets na Breataine Bige, foireann atá sa gceathrú háit. Seans gurb é seo rogha chluichí an deireadh seachtaine seo. Cheapfainn go mbeidh an lá leis na hUltaigh tar éis géarchoimhlinte.

Fág freagra ar 'Na Muimhnigh ag déanamh a míle dhícheall teacht suas le na hÉireannaigh eile'