Na himreoirí is tábhachtaí i gcluiche ceannais Shraith Europa

Casfaidh Manchester United agus Ajax ar a chéile i gcluiche ceannais Shraith Europa anocht agus is fiú súil a choinneáil ar imreoirí áirithe

Na himreoirí is tábhachtaí i gcluiche ceannais Shraith Europa

Tabharfaidh Manchester United agus Jose Mourinho aghaidh ar Ajax i gcluiche ceannais Shraith Europa anocht agus iad ag súil le bua a chinnteodh go mbeadh luach saothair éigin acu ag deireadh an tséasúir. Ní fhéadfadh go bhfuil Mourinho sásta le taispeántais na foirne sa phríomhroinn agus iad sa séú háit tar éis a chéad bhliain mar bhainisteoir. Tá sé ríthábhachtach dóibh anois cluiche na hoíche anocht a bhuachan chun áit a bhaint amach i Sraith na gCuradh an séasúr seo chugainn.

Rompu anocht, tá Ajax na hÍsiltíre. Cé go bhfuil an-stair ag baint leis an gclub as Amstardam, is deacair dóibh na laethanta seo dul i gcomórtas le foirne móra na hEorpa ó thaobh airgid de. Tá os cionn €500 milliún caite ag United ar imreoirí nua le trí bliana anuas, bíonn Ajax ag brath ar imreoirí óga a fhorbairt don fhoireann shinsir.

Cé go bhfuil difríochtaí móra idir an dá chlub maidir le cothú foirne de, fós tá imreoirí ar an dá thaobh a bhfuil an mianach iontu dul i bhfeidhm go mór ar an gcluiche ceannais anocht.

Daley Blind (Manchester United)

Tá fadhb ag United anocht agus an bheirt chosantóirí láir is fearr atá acu, Eric Bailly agus Marcos Rojo, ar iarraidh. Agus gortú ag cur as do Chris Smalling le seachtain anuas chomh maith, beidh United ag brath go mór ar Daley Blind i lár an aonaid chosanta. Iarimreoir de chuid Ajax é Blind agus iar-imreoir  de chuid an chlub é a athair, Danny, a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh Corn na hEorpa i 1995. Ní mar chosantóir láir a thosaigh Daley amach, tá neart taithí aige agus beidh lucht leanta United ag súil go seasfaidh an taithí sin dó anocht.

Davy Klaassen (Ajax)

Captaen agus crann taca na foirne. Cé nach bhfuil Klaassen ach 24 bliain d’aois, tá sé ar dhuine de na himreoirí is sinsearaí ar an bhfoireann cheana féin. Imríonn sé i lár na páirce agus is é a chruthaíonn go leor de dheiseanna scórála Ajax. Beidh clubanna ar fud na hEorpa sa tóir air an samhradh seo agus más é seo an cluiche deireanach aige le Ajax, bí cinnte go mbeidh sé ag iarraidh a rian a fhágáil air.

Paul Pogba (Manchester United)

United a chaith an tsuim airgid ba mhó riamh ar aon imreoir nuair a d’íoc siad €105m ar Paul Pogba anuraidh. Tá lucht tacaíochta United fós ag fanacht go léireoidh an Francach an mianach atá ann, agus beidh siad ag súil go spreagfaidh ócáid mhór na hoíche anocht é. Tá an cumas ann an imirt a stiúradh i gcluiche mór mar seo.

Kasper Dolberg (Ajax)

Seo í an chéad bhliain ag Dolberg ag imirt le foireann shinsir Ajax ach tá ainm déanta aige dó féin cheana féin. Tá 23 cúl scóráilte aige an séasúr seo, sé cinn i Sraith Europa ina measc. Tá sé láidir, sciobtha agus cruinn agus dá bharr sin tá an Danmhargach óg á chur i gcomparáid cheana féin le Marco Van Basten, ceann de na tosaithe is fearr riamh agus laoch mór de chuid Ajax.

Marcus Rashford (Manchester United)

Tá Zlatan Ibramhimovic gortaithe, tá Wayne Rooney ag teip agus níl mórán muiníne ag Mourinho as Anthony Martial. Mar sin is faoin bhfear óg Marcus Rashford atá sé na cúil a scóráil do United. Tá an méid sin déanta cheana féin aige i Sraith Europa agus cúil chinniúnacha aimsithe aige i mbabhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais an chomórtais. Dá n-éireodh leis ceann nó péire eile a fháil anocht, chuirfeadh sé lena cháil mar dhuine de na himreoirí is mó a bhfuil gealladh fúthu san Eoraip faoi láthair.

Justin Kluivert (Ajax)

Duine eile de réaltaí óga Ajax agus mac le Patrick Kluivert, iarimreoir de chuid Ajax agus na hÍsiltíre. Is beag cosúlacht atá eatarthu mar imreoirí, áfach. Tosach láidir ab ea an t-athair ach is cliathánaí beag an mac, a mbíonn níos mó spéise aige cúl a chruthú ná cúl a aimsiú. Tá Justin an-tapa go deo agus beidh ar chosantóirí United súil ghéar a choinneáil ar an bhfear óg seo.

Fág freagra ar 'Na himreoirí is tábhachtaí i gcluiche ceannais Shraith Europa'

  • Pól Réamonn

    Bhreith Ajax ubh.