Na himreoirí ab fhearr, na sárfhoirne agus nótaí eile ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024

Seo iad rogha Tuairisc de na himreoirí ab fhearr ag Comórtas na bliana seo i gCill na Martra

Eoin McHugh. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Imreoir Chraobh Shinsir na bhFear – Eoin McHugh (Cill Chartha)

D’fhéadfá an gradam seo a thabhairt chomh héasca céanna dá leathbhádóir i lár páirce Chill Chartha, Ciarán McGinley, ach is é Eoin McHugh atá roghnaithe ag Tuairisc mar shárimreoir na bhfear sa chomórtas sinsir agus taispeántais den chéad scoth tugtha aige i rith an deireadh seachtaine.

Nuair a bhuaigh Cill Chartha Corn an Aire go deireanach, bhí McHugh, a bhí ina ógánach ag an am, cheana féin ina chuid thábhachtach den fhoireann ach ba é croí na foirne i mbliana é i gCill na Martra agus é i lár gach rud maith a rinne na Conallaigh.

Tá stíl álainn aige leis an liathróid, tá díocas ann, bíonn luas faoi agus fiú nuair nach é is airde, tá preab ollmhór ann agus é chomh maith san aer is a bhí aon duine eile a d’imir i bPáirc Uí Chuana le linn an Chomórtais.

Ag Dia amháin atá a fhios cá bhfuair McHugh an fuinneamh chun an ruathar a rinne sé chun cúl a fháil sa dara leath d’am breise den chluiche leathcheannais in aghaidh Chill na Martra tar éis dó iarracht ollmhór a chur isteach sa chéad 70 nóiméad agus bhí sé fós lán brí lá arna mhárach don chluiche ceannais.

Is beag de na naoi bpointe dhéag a d’aimsigh Cill Chartha in aghaidh Naomh Anna nach raibh baint dhíreach ag McHugh nó Ciarán McGinley leo agus cé go raibh Stephen McBrearty, Mark McHugh, Pauric Carr, agus tuilleadh nach iad, ar fheabhas do na seaimpíní, na fathaigh lár páirce a sheas amach.

Bhí Fionn agus Oisín Mac Donnacha, a rinne scrios in aghaidh an Daingin agus Bhulf Tón, i measc na n-imreoirí ab éifeachtaí ag Naomh Anna, mar a bhí Warren Seoighe, Colm Mac Donnacha agus Éamon Ó Loingsigh ach beidh ar fhir Cheantar na nOileán fanacht píosa eile sula n-éireoidh leo craobh shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhaint den chéad uair.

Andrea Trill (Baile Chláir na Gaillimhe). Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Imreoir Chraobh Shinsir na mBan – Andrea Trill (Baile Chláir na Gaillimhe)

Ní raibh Andrea Trill ach cúig bliana déag d’aois nuair a bháigh sí trí chúl san eangach i gcoinne Mhaigh Cuilinn sa chluiche ceannais agus Baile Chláir na Gaillimhe ag buachan craobh shinsir na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2017 agus, seacht mbliana ina dhiaidh sin, éacht scórála eile uaithi a d’fhág gur thug na Gaillimhigh leo an corn den dara huair.

Ar a coisíocht amháin a bhí Trill ag brath agus í ina déagóir ach léirigh sé buanna nirt agus ceannaireachta sa taispeántas a thug sí in aghaidh An Tearmainn i gcluiche ceannais na bliana seo.

Foireann láidir iad an Tearmainn ach thug Trill faoi chosantóirí aon uair a bhfuair sí an liathróid agus d’éirigh léi dul chun cinn a dhéanamh níos minice ná a mhalairt. 2-6 a d’aimsigh Trill agus 2-3 de sin ag teacht ón imirt agus nuair nach raibh sí in ann dul chun cinn a dhéanamh, is minic gur thóg sí an rogha cheart agus bhain comhimreoir léi amach le pas.

Tá moladh mór ag dul freisin do leithéidí Megan Flaherty, Éabha O’Riordan, Chellene Trill agus Deirde Ní Bhraonáin ar fhoireann Bhaile Chláir, agus ba iad Geraldine McLaughlin, Ciara McGarvey, Róisín McCafferty agus Róisín Friel rogha na n-imreoirí ag an Tearmann.

Grace Ní Mhurchú (Naomh Abán). Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Imreoir Chraobh Idirmheánach na mBan – Grace Ní Mhurchú (Naomh Abán)

Bhí Rosie Ní Chorcora, Aoife Ní Chríodáin agus Annie Ní Mheachair ina measc siúd a chaith cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na mBan Dé Domhnaigh ag rith ó thaobh amháin de Pháirc Uí Chuana go dtí an taobh eile agus iad ag tabhairt gach a raibh iontu  do Naomh Abán. Ach murach an cumas a léirigh Grace Ní Mhurchú scóranna a fháil, mheasfá go mbeadh coimhlint i bhfad níos géire ann idir cumann Bhaile Bhuirne agus Naomh Conaill.

Bhí Cora Doherty agus Danielle McDevitt chomh héifeachtach céanna le mná Naomh Abán ag tabhairt na liathróide chun cinn ach ní raibh aon toradh ar na hionsaithe sin mar nach raibh aon duine sásta tabhairt faoin sprioc.

D’aimsigh Ní Mhurchú 0-6 den 1-8 a scóráil Naomh Abán sa chluiche ceannais agus cúpla scór deas ón imirt ina measc ach bhí mí-ádh uirthi freisin nár scóráil sí cúl sa chéad leath.

Eoin Martin (Naomh Muire). Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Imreoir Chraobh Shóisir na bhFear – Eoin Martin (Naomh Muire)

Tar éis dóibh cluiche ceannais na bliana seo caite a chailliúint sa bhaile, ba léir go raibh Naomh Muire dírithe ar Chorn Gael Linn a thabhairt leo ó chomórtas na bliana seo agus bhíodar céim nó dhó chun tosaigh ar chuile fhoireann eile i ngrád na sóisear. Bhí an fhoireann seo acu chomh mór, chomh láidir agus chomh haclaí go samhlófá go dtabharfadh Naomh Muire dúshlán roinnt de na foirne sa chraobh shinsir ach duine de na himreoirí is lú acu, Eoin Martin, is minice a léirigh go bhfuil tallann nach beag aige.

Bhí Martin ina naoscaire ag Naomh Muire i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus an sprioc aimsithe aige arís agus arís eile lena dheasóg. Sa ghreadadh a thug siad do Chill Chomáin sna babhtaí leathcheannais, chríochnaigh sé le 0-7 agus is é a chruthaigh an chéad chúl. Bhí a chéad scór aige sa chluiche ceannais laistigh de 30 soicind agus chláraigh Martin seacht bpointe arís, 1-4 an uair seo, agus cúl eile cruthaithe aige. Bhí an fear mór láidir taobh leis, Daniel Devlin, an-fheiceálach le linn an deireadh seachtaine mar a bhí Conor Cannon, Paddy Mac Eachmharcaigh, Fintan Doherty, Jack Ó Dónaill agus Daniel Gallagher.

Molly Canny (Clann nGael). Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Imreoir Chraobh Shóisir na mBan – Molly Canny (Clann na nGael)

Cosúil le gradam sinsir na bhfear, d’fhéadfá an ceann seo a roinnt idir beirt ar an bhfoireann chéanna mar bhí Molly Canny agus Ali Sherlock nach mór chomh tábhachtach céanna i mbua Chlann na nGael ar Naomh Fionnbarra i gcluiche ceannais an Luain.

Tá Craobh Shinsir na hÉireann buaite ag Sherlock le contae na Mí agus bhí an taithí sin le feiceáil sa chaoi ar stiúir sí cuid mhaith den imirt in aghaidh mhná Chorcaí. Chuaigh go leor d’ionsaithe Chlann na nGael trí Sherlock agus chomh maith le deiseanna a chruthú dóibh siúd ina timpeall, d’aimsigh sé ceithre phointe, trí cinn acu ó chiceanna saora.

Bhí Molly Canny ar dhuine de na himreoirí a bhain leas as obair Sherlock agus 1-3 aimsithe aici sa chluiche ceannais. Bhí Canny amuigh chun tosaigh ar a céile comhraic go leor den am agus d’fhág an choisíocht atá aici go raibh sí in ann bearnaí a aimsiú agus deiseanna a thógáil. Níor stad sí den rith go dtí go raibh an fheadóg dheireanach séidte agus mná Chlann na nGael ag ceiliúradh.

Nótaí eile ó Pháirc Uí Chuana…

An ‘sweeper-keeper’ tagtha go dtí an Comórtas Peile

‘What’s ‘sweeper-keeper’ in Irish?’ a d’fhiafraigh duine de lucht tacaíochta Chill Chartha sa slua oíche Dé Domhnaigh. Ag faire ar chúl báire Chill na Martra, Micheál Ó Deasúna, agus é ag tabhairt faoi ruathar eile suas an pháirc a bhí an té ónar theastaigh an téarma.

Seans go rabhthas fós ag fanacht ar fhreagra tráthnóna Dé Luain nuair a bhí An Tearmann agus Baile Chláir na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na mban agus Róisín McCafferty ag imeacht as cúl na gConallach go minic agus í ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an imirt amach uaithi ar an bpáirc.

Tá an tseift sin imreoir ón bpáirc amuigh a imirt sa chúl le feiceáil sa chluiche idirchontae le blianta beaga anuas ach níor bhain sí Comórtas Peile na Gaeltachta a bhaint amach go dtí 2024. Beidh muid ag feiceáil níos mó di as seo amach más aon chomhartha iad taispeántais an Deasúnaigh agus McCafferty.

Seachtain roimh an gComórtas a d’imir Ó Deasúna a chéad chluiche riamh sa chúl ag Cill na Martra ach rinne an fear a bhfuil níos mó aithne air mar ghaiscíoch scórála dhá shábháil den scoth sa chluiche in aghaidh Chill Chartha.

B’amhlaidh an scéal ag McCafferty. Bhí sí ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ag an Tearmann agus í ag imirt mar leatosaí láir ar an bhfoireann a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta anuraidh ach is sa chúl a bhí sí i gCill na Martra agus sábháil iontach déanta aici trí huaire sa chluiche ceannais.

Uachtarán i measc a phobail

Is ba bhinne leat ná ceol na bpíob,

Gíoscán na maidí rámha.’

Ina ainneoin na n-eachtraí ar fad a tharla ar Pháirc Uí Chuana i rith an deireadh seachtaine fada, ar pháirc na himeartha i rith an lae nó san ollphuball san oíche, caithfidh gurb é ceann de na radharcanna ab iontaí ná Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ag gabháil fhoinn i nGaeilge ar an taobhlíne tráthnóna Dé Luain.

Agus leath ama ann sa chluiche ceannais sóisir idir Naomh Muire agus Lios Póil, bhí Buíon Phíobairí Bhéal Átha an Ghaorthaidh amuigh ar an bpáirc i mbun siamsaíochta nuair a tugadh chun cuimhne do Jarlath Burns, a bhí i láthair, an cúpla líne thuas ón amhrán aitheanta Cóilín Phádraig Shéamuis. Gan mórán spreagaidh, chas an tUachtarán amach an cúpla líne sin den amhrán, agus tuilleadh, dóibh siúd a bhí ina thimpeall.

Rinne Burns magadh faoin gcomparáid a rinneadh idir é agus Uachtarán CLG eile ar thaitin an amhránaíocht leis, Seosamh Mac Donncha, ach léiriú a bhí ann den nádúr agus den láíocht atá sa bhfear atá tar éis go leor daoine a mhealladh le linn a thréimhse go dtí seo mar Uachtarán.

Ba í an chuairt sin chuig Cill na Martra ar an Luan an chéad uair ag Burns ag Comórtas Peile na Gaeltachta ach d’fhear a bhfuil an oiread sin ceana aige ar an nGaeilge agus an cultúr Gaelach, déarfá go mbeadh sé ar ais arís sula i bhfad, go háirithe má bhíonn Buíon Píobairí Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag seinm. Bhí Burns chomh mór sin faoi gheasa ag an mbanna go raibh sé lánsásta seasamh leo ar an bpáirc i gcomhair grianghraf, fiú agus imreoirí Naomh Muire agus Lios Póil agus na mílte sa slua agus lucht féachana na teilifíse ag fanacht ar thús an dara leath sa chluiche ceannais.

Ciarán Murphy (An Seanphobal)

An dara captaen

Bíonn laethanta fada ag craoltóirí [agus scríbhneoirí] ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus iad ag iarraidh na cluichí ar fad a chlúdach ach seans nach raibh aon duine ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ná TG4 chomh traochta Dé Luain is a bhí craoltóir aitheanta amháin

Agus é ag imirt don Seanphobal, níor éirigh le fear na Second Captains, Ciarán Murphy, dul chomh fada le cluiche ceannais na craoibhe sóisir ach d’fhear a bhfuil an dá scór caite aige, ba mhór an brú a chuir an dá chluiche in imeacht 24 uair an chloig ar a chorp.

Fiú mura bhfuil na cosa chomh tapa ag Murphy is a bhíodh, tá an gliceas aige go fóill agus cumas peile nach beag. Agus é ina ógánach, bhí mac Uí Mhurchú sách maith chun imirt ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe agus bhí sé ag imirt sa ghrád Idirmheánach i mBaile Átha Cliath anuraidh, sular aistrigh go cumann dúchais a athar, Tony, i nGaeltacht na nDéise ag tús na bliana.

D’aimsigh Murphy 1-4 sa chluiche leathcheannais in aghaidh Lios Póil chun cur leis an 1-6 a fuair sé an lá roimhe sin in aghaidh na nGael Óg, cluiche nach mbeadh buaite ag na Déisigh gan eisean agus a gcúl báire Adam Ó Ríordáin.

“Tá sé tar éis cur go mór leis an bhfoireann,” a dúirt duine de lucht tacaíochta dílis an tSeanphobail a bhí i mBéal Átha an Ghaorthaidh tar éis do Murphy cúl breá a scóráil. “Faraor nár tháinig sé 20 bliain roimhe seo,” a dúradh go dubhach mar fhreagra.

Sárfhoireann na bhFear ag Tuairisc

 

Sárfhoireann na mBan ag Tuairisc

Fág freagra ar 'Na himreoirí ab fhearr, na sárfhoirne agus nótaí eile ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024'