‘Ná géillimis do dhioscúrsa an éadóchais maidir le tógáil clainne le Gaeilge’ – Gearóid Denvir

Tá freagra tugtha ag an Ollamh Gearóid Denvir ar an ráiteas conspóideach a rinne an sochtheangeolaí Seosamh Mac Donnacha le déanaí faoi thógáil clainne le Gaeilge

‘Ná géillimis do dhioscúrsa an éadóchais maidir le tógáil clainne le Gaeilge’ – Gearóid Denvir

Tá freagra tugtha ag an Ollamh Gearóid Denvir ar an sochtheangeolaí Seosamh Mac Donnacha a dúirt le déanaí go mbeadh “drogall” air a mholadh d’aon duine “clann a thógáil le Gaeilge” agus go mb’fhéidir go mbeadh sé níos “simplí” agus níos “fearr” Béarla a labhairt le gasúir na Gaeltachta.

Ag labhairt dó ar an gclár 7 Lá ar TG4 aréir, dúirt Gearóid Denvir, an tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go raibh “dioscúrsa an éadóchais tar éis fás timpeall” ar an taighde atá déanta le deich mbliana anuas faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Tá dioscúrsa an éadóchais théis fás timpeall ar an taighde agus tá difríocht idir an taighde fhéin agus an t-eolas fhéin agus an chaoi a gcuirtear é sin i láthair agus na tuiscintí, idé-eolaíochta in amanna, a bhaineann daoine as sin. Sé an rud a deirimse – an buidéilín, níl sí triomaithe fós.

“Tá pobal Gaeltachta beo againn a bhfuil teanga dhúchasach dá labhairt inti, dá sealbhú inti i dtithe príobháideacha daoine. Ina theannta sin, tá rudaí eile, tá saibhreas cainte ag na cainteoirí óga Gaeltachta inniu nach bhfaighidh tú sna Gaelscoileanna, nach bhfaighidh tú lasmuigh den Ghaeltacht.”

Dúirt an tOllamh go gcaithfí aird a thabhairt ar thaighde leithéidí Sheosaimh Mhic Dhonnacha agus “foghlaim” ó na moltaí fiúntacha agus “thar a bheith praiticiúil” atá sa taighde sin.

Dúirt sé, áfach, nach ndeirtear sa taighde céanna nár cheart clann a thógáil le Gaeilge de bharr na ndeacrachtaí a bhaineann lena leithéid.

“Níl sé ráite in aon áit sa taighde gur cheart do thuismitheoirí éirí as Gaeilge a labhairt lena gcuid gasúr. Is feall ar a gcuid gasúr é sin a dhéanamh, dar liom, mar go gceileann tú an Ghaeilge orthu – beidh an Béarla acu ar aon nós – go gceileann tú orthu an tús ceart, agus tá sé seo aitheanta sa gcóras oideachais, tá sé aitheanta sa bpolasaí oideachais don Ghaeltacht.”

Dúirt sé go mbréagnaíonn a thaithí féin ar chumas teanga daoine óga i paróiste an Chnoic i gConamara “cuid de na tátail “i ndioscúrsa seo an éadóchais”.

Caithfear a thuiscint, a dúirt sé, go bhfuil an saol “athraithe go mór” ag an domhandú agus go bhfuil “cumhacht an Bhéarla chuile áit” agus go mbeidh Béarla ag daoine “trí osmosis beagnach, i ngan fhios”.

“Mar sin caithfimid an rud a bhí i gceist ag Seosamh agus taighdeoirí eile – na buntáistí breise – a thabhairt don té a bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh Gaeilge acu.”

Luaigh sé mar chomharthaí dóchais don teanga an polasaí oideachais nua don Ghaeltacht agus an bhéim atá anois á leagan ar an bpleanáil teanga.

Dúirt Seosamh Mac Donnacha, duine d’údair an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, coicís ó shin go raibh amhras air an raibh sé “indéanta” sa lá atá inniu gasúr a thógáil sa Ghaeltacht sa chaoi go mbeadh “caighdeán [Gaeilge] an chainteora dúchais” aige.

“Caithfidh mé a rá, ag an bpointe seo, leis na tuiscintí atá agam féin ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí Gaeltachta, go mbeadh drogall orm moladh d’aon duine a gclann a thógáil le Gaeilge, mar níl a fhios agam an bhfuil sé indéanta níos mó do chlann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht agus a bheith ag súil nuair a bheas do ghasúr sé bliana déag d’aois go mbeadh caighdeán an chainteora dúchais aige sa teanga sin.”

Dúirt Mac Donnacha go molfadh sé do thuismitheoirí clann a thógáil le Gaeilge ach “tacaíochtaí” áirithe a bheith ar fáil dóibh.

Dúirt Gearóid Denvir go raibh “an-chiall leis na coinníollacha” a leag Mac Donnacha síos agus gur thaispeáin An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taighde eile “go gléineach” cuid de na dúshláin atá ann maidir le hinmharthanacht na teanga sa Ghaeltacht.

“Ach san am céanna mura mbeidh an baile mar thús ag an teanga seo codlóidh sí amuigh,” a dúirt sé.