‘Ná dearmad do shanitiser agus fan i do phod beag féin!’

‘Pod’ focal nua shamhradh 2020 agus sula mbeidh an bhliain caite beidh daoine óga na tíre uilig ina bpodanna

‘Ná dearmad do shanitiser agus fan i do phod beag féin!’

‘An bhfuil an sanitiser agat?’ a d’fhiafraigh mé  de Bheainín na Naíonáin Bheaga agus muid ag réiteach le dul go dtí an chéad lá den Cúlcamp. 

‘Tá!’ a dúirt sí, ‘agus tá an cheist sin curtha agat orm trí huaire cheana féin!’

‘Ó, an bhfuil,’ a dúirt mé agus leathaird agam uirthi, ‘is an bhfuil sé agat?’

‘Nach bhfuil mé théis a rá leat go bhfuil sé agam,’ a dúirt sí agus a foighid caillte aici. ‘Ó sea,’ a dúirt mé.

‘An bhfuil muid in ann imeacht anois, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí ansin agus díocas uirthi a ghabháil amach an doras go dtí an campa.

‘Caithfidh tú fanacht le do phod féin freisin,’ a dúirt mé go himníoch agus muid sa gcarr.

‘Mo céard?’ a d’fhiafraigh sí. ‘Beidh sibh uilig leis an ngrúpa céanna ar feadh na seachtaine,’ a mhínigh mé, ‘agus ‘pod’ atá ar na grúpaí sin.’

‘Pod’ focal nua shamhradh 2020 agus sula mbeidh an bhliain caite beidh daoine óga na tíre uilig ina bpodanna.

Roimhe seo, b’fhéidir go gcuimhneofá ar mhíolta móra nuair a chloisfeá an focal ‘pod’. Mar a scríobh John Spillane ina amhrán Orca Orca Killer Whale.

Pod that was the word for a load of whales

You had to have the word, pod

Orca Orca Killer Whale

Seo iad treabhanna nua an tsaoil iar-Chovid. Samhlaím páistí na linne seo sna blianta amach romhainn ag dul siar ar bhóithrín na smaointe, ‘ar cuimhin leat an chraic a bhíodh againn sa bpod!’

Tá sé in am againn cloigeann a shá amach an doras arís agus aghaidh a thabhairt ar an saol, cé go bhfuil an víreas fós thart. Glacfaidh muid leis na podanna má chiallaíonn sé gur féidir linn filleadh ar chuid den ghnáthshaol.

An chéad chéim ná na campaí samhraidh, an dara céim na clubanna spóirt agus an tríú céim ná filleadh ar an scoil sa bhfómhar.

Glacfaidh muid le díghalrán láimhe agus scoitheadh sóisialta agus mascanna agus chuile shórt ach bíodh cead amach arís againn.

‘Tá’s a’d céard é scoitheadh sóisialta nach bhfuil a fhios?’ a d’fhiafraigh mé di agus muid ag siúl i dtreo an gheata.

Níor fhreagair sí mé.

Bhí sí imithe trí nó ceithre chéim romham ar an gcosán agus í tosaithe ag bogshodar le teann díocais le dul isteach ag an gcampa. Chuir mé luas faoi mo chuid siúil. ‘Agus bí ag ní do chuid lámha go rialta,’ a dúirt mé.

Chonaic sí a cara ag teacht ina treo agus thosaigh an bheirt acu ag rith i dtreo an gheata.

‘Seo chugainn an anachain,’ a deir fear an gheata agus fásc-chlár ina láimh aige.

Rith siad isteach thairis.

‘Fan, fanaigí soicind,’ a bhéic sé ina ndiaidh. Chas siad ar ais agus sheas lenár dtaobh ag imeacht ó chos go cos le teann bíse.

‘An bhfuil an fhoirm sláinte líonta isteach agaibh?’ a d’fhiafraigh sé.

‘Tá,’ a deir mé. Chuir sé tic leis an liosta ar an mbileog.

‘Ok, coinnígí oraibh,’ a deir sé agus bhí siad rite.

Fág freagra ar '‘Ná dearmad do shanitiser agus fan i do phod beag féin!’'