Ná dearmad do dhearbhán

Scrúdú á dhéanamh ag Richard Bruton ar reachtaíocht a bhaineann le dátaí éagtha agus gnéithe eile de chúrsaí dearbháin a rialáil.

Siopadóireacht na Nollag. Pictiúr: Photocall Ireland
Siopadóireacht na Nollag. Pictiúr: Photocall Ireland

Dearbhán bronntanais ag bailiú deannaigh faoi charn páipéar i dtarraiceán agus an dáta sleamhnaithe tharainn i ngan fhios dúinn. Tharla sé dúinn ar fad, nár tharla?

Ach d’fhéadfadh go mbeadh leigheas ar an scéal chugainn.

Thug an tAire Poist, Fiontair agus Nuálaíochta, Richard Bruton, le fios sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil scrúdú á dhéanamh aige ar reachtaíocht a bhaineann le dátaí éagtha agus gnéithe eile de chúrsaí dearbháin a rialáil.

Bhí an tAire Bruton ag freagairt ceiste a chuir Teachta Dála Fhine Gael, Olivia Mitchell air maidir leis an bhfad a mhairfidh na mílte dearbhán bronntanais a cheannófar idir seo agus an Nollaig.

Deir an Teachta Dála Mitchell nach dtuigtear do go leor daoine go bhfuil srian ama ag baint leis na dearbháin seo agus nach féidir leas a bhaint astu ach ar feadh tréimhse áirithe. Tá go leor daoine dall ar an dáta éagtha a roinneann leo agus iad á gceannach, ar sí.

Ní fios cé mhéad airgid a cuireadh amú ar dhearbháin a bhfuil a dtréimhse istigh ach gach seans go bhfuil na milliúin i gceist agus is é an rud a tharlaíonn go minic ná go bhfaigheann gnónna airgead bog as na dearbháin a dhíol in ainneoin nach n-úsáidtear iad, a dúirt sí.

“Ní mór do dhaoine a thuiscint nach ionann dearbhán agus airgead. Agus tomhaltóirí ag ceannach dearbhán i siopaí clúiteacha mar Marks and Spencer, mar shampla, ní fheictear domsa go bhfuil cúis bhailí ann le dáta éagtha a bheith i gceist, go háirithe dáta nach fada uainn é.”

“Fiú na siopaí a bhfuil an-teist orthu, ní gnách leo dearbháin a dhíol a mhaireann níos mó ná ná dhá bhliain,” a dúirt Olivia Mitchell.

Dúirt sí gur rud amháin é gan aon luach a bheith ar dhearbhán toisc go bhfuil deireadh leis an ngnó ónar ceannaíodh é, ach rud eile ar fad is ea dearbhán €100 a cheannach ó ghnó atá i mbarr a mhaitheasa i gcónaí ach nach fiú faic an dearbhán céanna “an taca seo amárach”.

“Bíodh idir lucht ceannaigh agus lucht faighte dearbhán san airdeall ar an gcló beag,” a dúirt an Teachta Dála Olivia Mitchell.

 

Fág freagra ar 'Ná dearmad do dhearbhán'