Ná déanaimis dearmad nach ionann ‘aimsir’ agus ‘aeráid’

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Agus an Saoithín Aeráide i lár na stoirme samhraidh ba mheasa le cuimhne na ndaoine sa cheantar inar rugadh é, shíl sé gurbh é athrú na haeráide ba chúis léi – ach bhí dul amú air

Ná déanaimis dearmad nach ionann ‘aimsir’ agus ‘aeráid’

Maidin Dé Céadaoin seo caite, shéid an stoirm shamhraidh ba mheasa le cuimhne na ndaoine san áit a bhfuil an Saoithín Aeráide ag fanacht faoi láthair, teach a mháthar in iarthuaisceart na hÍsiltíre.

Fórsa 11 a bhí leis an ngaoth agus bhí séideáin 145 chiliméadair san uair ann.

Bhí radharc breá ar chúrsaí ag an Saoithín ó fhuinneog an tseomra ina raibh sé ceaptha a bheith ag obair ar leabhar atá á scríobh aige. Díreach taobh amuigh den fhuinneog, bhí fearnóg ard a bhí leathmharaithe ag an eidhneán á lúbadh go fíochmhar ag an ngaoth. An chéad rud eile bhris sí agus ba bheag nár bhuail sí an teach.

Amach leis an Saoithín nuair a bhí an stoirm thart. Bhí na céadta crann leagtha ar fud an bhaile mhóir, poibleoga, saileacha, beitheanna agus fearnóga den chuid is mó. Bhí a gcuid fréamhacha san aer agus bhí a gcuid corónacha ina luí ar thithe agus ar charranna.

Bhí cúrsaí níos measa fós sa choill. Ní fhéadfaí dul isteach inti, fiú amháin; bhí sí dúnta ag na húdaráis toisc go bhféadfadh craobhacha titim ar dhaoine go ceann cúpla lá i ndiaidh na stoirme. Ach bhí an scrios le feiceáil i bhfad ón láthair: tá spéirlíne mhantach ag an gcoill anois, na mílte crann leagtha nó briste ina dhá leath.

Anois, seachtain i ndiaidh na stoirme, tá cuma an fhómhair ar na crainn atá fós ina seasamh, cé nach bhfuilimid ach i dtús mhí Iúil: thar oíche, tháinig dath donn ar na duilleoga.

An rud is aistí faoi stoirm Poly, mar a tugadh uirthi, ná nár buaileadh ach ceantar measartha beag: an Ollainn Thuaidh, an leithinis úd taobh ó thuaidh de chathair Amsterdam, idir an Mhuir Thuaidh agus Loch IJsselmeer. An lá céanna, bhí an ghrian ag leá an tarmaic sa chuid ó dheas den tír.

Ach ós rud é go bhfuil daonra dlúth sa cheantar a buaileadh (rinneadh go leor dochair i gcathair Amsterdam féin agus maraíodh bean i gcathair Haarlem nuair a thit crann ar a carr) fuair an stoirm aird go leor ó na meáin agus gan mhoill bhí na saineolaithe agus na polaiteoirí ag titim i mullach a chéile ar an nuacht.

Ní minic a tharlaíonn stoirmeacha sa samhradh, a mhínigh an fear aimsire Peter Kuipers Munneke. Bíonn siad níos áitiúla ná na cinn a tharlaíonn sa chuid eile den bhliain, ach bíonn tionchar níos measa acu toisc go mbíonn duilleoga ar na crainn agus greim níos láidre ag an ngaoth ar na crainn dá bharr. Níor chabhraigh triomach leanúnach sa cheantar a buaileadh le cúrsaí ach oiread, a mhínigh Kuipers Munneke: bhí an ithir chomh tirim sin go raibh sé furasta ag an ngaoth an oiread sin crann a leagadh go talamh, fréamhacha san aer agus chuile shórt.

Athrú aeráide ba chúis leis an stoirm, a dúirt Coimisinéir na hEorpa um chúrsaí aeráide, Frans Timmermans, arb as an Ísiltír dó féin, agus go deimhin bhí an dá fhocal céanna sin i mbarr a aigne ag an Saoithín Aeráide, leis.

Ach níorbh fhada nó gur bhréagnaigh na heolaithe aimsire na polaiteoirí agus na saoithíní.

Ar ndóigh is ann don athrú aeráide agus is fíor gurb é ba chúis leis an triomach a d’fhág an ithir níos scaoilte, ach ná déanaimis dearmad nach ionann aimsir agus aeráid, a dúirt siad. Dá dtiocfadh ardú ar líon na stoirmeacha sa samhradh, a dúirt siad, bheadh tionchar athrú na haeráide i gceist. Ach tá stoirmeacha samhraidh gann mar atá (bhí 50 bliain ann ó tharla a leithéid sa cheantar céanna) agus go deimhin tá fianaise sna staidéir faoin athrú aeráide gur i laghad a bheidh a líon ag dul feasta.

Cá bhfios, mar sin, nárbh í seo an chéad stoirm shamhraidh agus an ceann deireanach a chonaic an Saoithín Aeráide le linn a shaoil. Agus go deimhin ba chuma leis mura bhfeicfeadh sé ceann eile. Aimsir nó aeráid – ba leor an scrios a chonaic sé ina thimpeall le linn agus i ndiaidh stoirm Poly le heagla a chraicinn a chur air roimh dhéithe na haimsire agus na haeráide.

Fág freagra ar 'Ná déanaimis dearmad nach ionann ‘aimsir’ agus ‘aeráid’'