‘Ná déan aingeal ná diabhailín den dalta’ – comhairle curtha ar mhúinteoirí Ardteiste faoi chlaontacht

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil naoi mbealach ann a bhféadfadh claontacht múinteoirí dul i bhfeidhm ar ghrád réamh-mheasta, fiú go neamh-chomhfhiosach

‘Ná déan aingeal ná diabhailín den dalta’ – comhairle curtha ar mhúinteoirí Ardteiste faoi chlaontacht

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá rabhadh tugtha ag an Roinn Oideachais do mhúinteoirí Ardteiste faoi naoi mbealach a bhféadfadh claontacht oidí dul i bhfeidhm ar an measúnú grád, fiú go neamh-chomhfhiosach.

I gcáipéis ón Roinn cuirtear eolas ar fáil do mhúinteoirí faoi conas a bheith san airdeall gan a bheith claonta i leith nó in aghaidh daltaí ar leith, fiú más i ngan fios duit féin atá an chlaontacht sin.

‘An Chlaontacht Dheimhnithe’, an chéad chlaontacht a d’fhéadfadh teacht salach ar oibiachtúlacht an mhúinteora. Sa chás sin d’fhéadfadh múinteoir a bheith ag cuardach fianaise lena dhearcadh féin faoin dalta sin a dheimhniú.

Luaitear chomh maith sa chomhairle bhreise atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do scoileanna ‘Éifeacht an luain’. Thiocfadh a leithéid i gceist dá gceapfadh múinteoir gur aingeal ceart an dalta agus dá rachadh sin i bhfeidhm ar an measúnú.

Tagraítear chomh maith sa cháipéis faoi bhronnadh na ngrád réamh-mheasta do ‘Éifeacht na n-adharc’. Malairt scéil leis an aingeal é cás an diabhailín. Sa gcás seo d’fhéadfadh iompar nó tréith dhiúltach éigin dalta a chuir as don oide an oibiachtúlacht a chur as a riocht.

Moltar do mhúinteoirí ‘Éifeacht an ama roimhe seo’ a sheachaint freisin. Tharlódh seo dá mbeadh tionchar ag an gcéad aithne a chuir oide ar dhalta nó a chuid oibre ar an measúnú. Chomh maith leis sin, tá ‘Éifeacht an ama is déanaí’ ann, malairt na chéad taithí ar dhalta agus iomarca tionchair ag an saothar is déanaí a rinne dalta ar an measúnú. Ní ceadmhach aon obair ón dalta ón 12 Márta a chur sa gcomhaireamh.

Deirtear go bhféadfadh ‘Éifeacht na codarsnachta’ a bheith i gceist agus grúpa mór daltaí á measúnú. Sa chás sin d’fhéadfaí a bheith ag cur daltaí a bhfuil caighdeáin éagsúla oibre agus ábaltachta acu i gcodarsnacht lena chéile.

Moltar ar deireadh ‘An Chlaontacht roghnaitheach’ a sheachaint. Iomarca béime ar phíosa amháin oibre seachas ar an saothar iomlán a rinne an dalta atá i gceist leis an gclaontacht sin.

An oibiachtúlacht an sprioc sa mheasúnú scoile, a deirtear, agus comhairlítear do scoileanna aon chlaontacht maidir le haon ghné a luaitear san Acht um Stádas Comhionann a sheachaint.

Fág freagra ar '‘Ná déan aingeal ná diabhailín den dalta’ – comhairle curtha ar mhúinteoirí Ardteiste faoi chlaontacht'