‘Ná creid duine ar bith go hiomlán’ – 20 nod don iriseoir óg

Cuireann ceachtanna crua le caighdeán na hiriseoireachta ach foghlaim uathu

‘Ná creid duine ar bith go hiomlán’ – 20 nod don iriseoir óg

Simon Harris faoi agallamh. Pic: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

“Má léann siad an t-alt iomlán, tuigfidh siad an scéal.” 

 Bhí an t-iriseoir óg ag caint lena heagarthóir tar éis dó a rá léi go raibh tús an ailt a scríobh sí chomh casta leadránach nach mbeadh fonn ar mhórán léitheoirí an chuid eile a léamh. 

 Ba le drogall follasach a thoiligh sí é a athscríobh ach ní raibh aon rogha eile aici. Bhí foilsiú a saothair ag brath ar thoil an eagarthóra. 

 Cuimhníonn an t-iar-eagarthóir atá ag scríobh an cholúin seo fós ar an gcomhrá sin ar chúis amháin thar aon chúis eile. 

Bhí taighde breá déanta ag an iriseoir óg agus tuairisc fhiúntach scríofa aici ar ábhar nár fhiosraigh iriseoirí go dtí sin. Ní raibh buncheacht iriseoireachta foghlamtha fós aici áfach. Ní leor fiúntas ailt chun spéis léitheora a dhúiseacht agus a choimeád.  

Is de réir a chéile a fhaigheann go leor iriseoirí amach nach bhfuil dualgas ar léitheoir ar bith a saothar a léamh. Ná é a léamh go hiomlán, ná é a athléamh toisc go bhfuil a bhrí doiléir nó dothuigthe.  

Spreagann cuimhne ar leithéid an chomhrá thuas, inar pléadh bunriachtanais iriseoireachta atá chomh soiléir go ndéantar dearmad rómhinic orthu, machnamh ar an gceird. 

 Seo a leanas mar sin achoimre ar thoradh an mhachnaimh. Tá na pointí agus na ceisteanna seo leagtha amach mar chomhairle a rachadh chun tairbhe d’iriseoirí dá ndéanfaidís dá réir i gcónaí.  

 Ar ndóigh d’fhéadfaí iad a úsáid freisin mar shlat tomhais a chuideodh b’fhéidir le léitheoirí agus ár saothar á bhreithniú acu. 

Baineann an fhoclaíocht le scríobh ach tá an caighdeán a mholtar bailí freisin i gcás saothair chraolta. 

 Ní foláir a admháil láithreach nach n-éiríonn lenár bhformhór (an t-iriseoir seo san áireamh) an caighdeán a mholtar thíos a shroichint i gcónaí. 

Má theipeann orainn freagra sásúil a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas agus caighdeán mar a mholtar a bhaint amach, bíonn léirmheas géar tuillte againn. 

1. Ní foláir d’iriseoir trí cheist a chur sula gcríochnaítear tuairisc nó alt nó colún. An bhfuil an t-ábhar atá á chíoradh fírinneach? An bhfuil sé suimiúil? An bhfuil sé fiúntach? Murar féidir freagra sásúil a tabhairt ar gach ceist, beidh toradh na hoibre lochtach.

2. Ní foláir aghaidh a thabhairt ar cheist níos bunúsaí sula dtosaíonn saothar iriseoireachta ar bith, go háirithe i gcás saothair saor-iriseoireachta: cé a bheidh toilteanach íoc as?

3. Má bhíonn tuairisc le scríobh ar chaint polaiteora, nó ar chaint ar bith, ní foláir an cheist is tábhachtaí a chur faoi thathag na bhfocal: ní hé sin céard a dúradh ach céard a dúradh dáiríre? Is tábhachtaí go minic fíorbhrí, fíor-aidhm agus fíor-éifeacht ráitis ná na focail a dúradh.

4. Is fiú cuimhneamh ar bhuncheisteanna agus scéal á phlé ag iriseoir le duine ar bith. Cén rud? Cén duine nó daoine? Cén áit? Cathain? Conas? Cén costas? Cén dochar nó tairbhe? Cén fáth? Cuireann ceisteanna nár cuireadh d’uireasa bunfhaisnéise cantal sothuigthe ar léitheoirí.

5. Ná creid duine ar bith go hiomlán. Is fiú féinfhiafraí agus scéal á phlé an bhfuil cur síos cothrom á dhéanamh ag an té atá ag caint? Ní bhíonn mórán daoine mímhacánta agus scéal á inseacht acu ach bíonn a leagan féin den scéal ag gach duine.

6. Bí san airdeall agus tuairimí nó fianaise á meá roimh dhul ag scríobh. Bíonn tuairimí réasúnta á nochtadh go minic ag daoine nach n-aontaíonn lena chéile. Is féidir (agus ba chóir) a bheith géar agus cothrom san alt céanna.

7. Ná bunaigh ráiteas ná conclúid ar fhaisnéis a bhfuiltear beagnach cinnte, nó nócha naoi faoin gcéad cinnte go bhfuil sí fírinneach. Seiceáil ionas gur féidir a bheith lánchinnte. Murar féidir a bheith cinnte, admhaigh nach bhfuil.

8. Ná bí ag brath (más féidir) ar do chuimhne ná ar bhuille faoi thuairim amháin agus tú ag dul i mbun comhrá ar a mbunófar tuairisc nó alt a fhoilseofar. Leag amach na ceisteanna ba chóir a chur roimh ré, arís más féidir. Beidh toradh níos fearr ar an gcomhrá dá bharr.

9. Cuimhnigh ar an gceist nár chuir tú. Déanann ár bhformhór dearmad ar cheist thábhachtach éigin uair éigin. Ná bíodh náire ort labhairt arís (más féidir) leis an té a labhair leat, ar mhaithe le heolas iomlán a fháil.

10. Bítear mar a shíltear de ghnáth ach is dlúthchuid de shaothar an iriseora a bheith amhrasach ar fhaitíos nach léir fós an fhírinne nó an scéal iomlán agus tuairisc á scríobh. Uaireanta, mar a deir an seanfhocal, ní mar a shíltear a bhítear.

11. Ós ag caint ar sheanfhocail atáimid, ná bain ró-úsáid astu. Ná ró-úsáid ach oiread as clichéanna nó leaganacha cainte nó nathanna seanchaite (‘neosfaidh an aimsir’ agus a leithéid), de chineál ar bith. Ní éireoidh leat iad a sheachaint i gcónaí ach is fiú do dhícheall a dhéanamh.

12. Bíodh nós agat brath ar bhunfhoinsí chomh mór agus is féidir. Coinnigh súil ar shaothar foilsithe/craolta iriseoirí eile ach ní ar mhaithe le hathrá ná achoimre. Is fearr agus is fiúntaí do scéal féin ná scéal scéil.

13. Ná bíodh faitíos ort agus tú i mbun taighde ceist shimplí a chur nó ceist a chur a léiríonn nach dtuigeann tú an méid a dúradh leat go hiomlán, nó in aon chor. An leigheas is fearr ar aineolas: eolas.

14. Is fiú gach saothar a léamh agus a athléamh go cúramach sula seoltar chuig eagarthóir é. B’fhiú do gach iriseoir cuimhneamh i gcónaí nach mbíonn eagarthóir ar domhan chomh cineálta leat féin.

15. Seachain leadrán a chuireann am an léitheora amú. Fiafraigh díot féin go fuarchúiseach an bhféadfaí fad abairte a chiorrú, nó an bhféadfaí í a chaitheamh amach?

16. Ciorraigh alt más féidir. Más féidir é a chiorrú arís, ciorraigh. Is annamh a chuireann léitheoirí róghontacht i leith scríbhneoirí, iriseoirí go háirithe.

17. Déanfaidh tú botún luath nó nuair a dhéanann, admhaigh agus ceartaigh gan mhoill.

18. Cuir feabhas ar chaighdeán do chuid oibre ó bheith ag léamh, ag éisteacht le/ag breathnú ar shaothar iriseoirí maithe. Ná bíodh leisce ort aithris theoranta a dhéanamh ar a stíl agus a gcur chuige.

19. Is treise an riachtanas a bhaineann leis an gcomhairle thuasluaite i gcás iriseoirí Gaeilge. Fúibhse atá sé an teanga a labhairt agus a scríobh go líofa agus go cruinn – aidhm nach gcomhlíonfar gan tabhairt faoi d’aon ghnó.

20. Ná scríobh alt mar seo murar mian leat slat a bhaint lena sciúrfar tú féin. Má scríobhann, admhaigh láithreach gur theip ort uaireanta do threoir bhreá a chur i bhfeidhm i gcónaí.

Mar a admhaíonn scríbhneoir an cholúin seo anois. Mea culpa. 

Fág freagra ar '‘Ná creid duine ar bith go hiomlán’ – 20 nod don iriseoir óg'