Na cosa tugtha leo ag Corcaigh agus briseadh croí arís do Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann

An cúl a d'aimsigh Katrina Mackey sa dara leath agus na pointí a fuair mná ionaid Chorcaí a d'fhág go raibh an bua acu i bPáirc an Chrócaigh

Na cosa tugtha leo ag Corcaigh agus briseadh croí arís do Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann

Molly Lynch agus Sorcha McCartan le Corn Uí Dhufaigh. Pic: INPHO/Ben Brady

Tá Craobh Shinsir Camógaíochta na hÉireann 2024 buaite ag mná Chorcaí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh i gcluiche ceannais an lae inniu, 1-16 0-16. Is í an dara craobh as a chéile atá buaite ag na Corcaígh agus an 30ú ceann san iomlán, níos mó ná aon chontae eile.

Briseadh croí a bhí i ndán do mhuintir na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh don tríú Domhnach as a chéile agus cluichí ceannais na hÉireann caillte an samhradh seo freisin ag peileadóirí fir agus ban an chontae.

Bhí Corcaigh mar rogha láidir na coitiantachta roimh an cluiche ceannais ach bhí orthu obair go crua chun an lá a thabhairt leo agus taispeántas den scoth tugtha ag Gaillimh. Bhí na foirne ar comhscór ag druidim i dtreo dheireadh na himeartha ach ba iad mná ionaid Chorcaí a rinne an t-aicsean dóibh agus  pointí cinniúnacha faighte ag Clodagh Finn agus Sorcha McCartan, a d’aimsigh dhá phointe sa cheathrú uaire deireanach.

Pointe faighte ag Clodagh Finn. Pic: INPHO/Bryan Keane

Ní raibh tada idir na foirne sa chéad leath agus iad cothrom ocht n-uaire le linn an chéad 30 nóiméad. Cé nach raibh mórán ag tabhairt seans do Ghaillimh sa chluiche, bhíodar gach pioc chomh maith le Corcaigh sa chéad leath. Aoife Donohue a d’aimsigh an pointe deireanach den chéad leath a d’fhág go raibh Gaillimh pointe chun tosaigh agus na foirne ag déanamh ar na seomraí feistis. 0-10 in aghaidh 0-9 an scór.

Thosaigh Corcaigh an dara leath go láidir, áfach, agus d’éirigh leo bearna a chur idir na foirne den chéad uair. Tháinig scór tábhachtach sa 36ú nóiméad nuair a fuair  Katrina Mackey cúl do na Muimhnigh i ndiaidh  d’Amy O’Connor an deis a chruthú di. Bhí an chuma ar an scéal gur lena lámh a chur Mackey an sliotar isteach san eangach, áfach, agus muintir na Gaillimhe mí-shásta gur scaoileadh léi.

D’fhág pointí ag Saoirse McCarthy agus Amy O’Connor go raibh cuma na maitheasa ar Chorcaigh agus 20 nóiméad fágtha, iad sé phointe chun tosaigh – 1-13 in aghaidh 0-10.

Camán caite ag Ashling Thompson Chorcaí le Niamh Kilkenny na Gaillimhe. Pic: INPHO/Tom Maher

Rinne Gaillimh teacht aniar den scoth sa chéad deich nóiméad eile, áfach. Carrie Dolan a d’aimsigh an chéad scór den dara leath dóibh agus d’éirigh le foireann Cathal Murray cúig phointe eile as a chéile a fháil – Aoife Donohue a fuair péire acu – chun na foirne a chur ar comhscór agus deich nóiméad fágtha, 0-16 in aghaidh 1-13.

Chaith na Gaillimhigh go leor dua leis na na scóranna sin a fháil, áfach, agus bhíodar spíonta san am a bhí fágtha. Is ag Corcaigh agus na himreoirí a tháinig isteach ón mbinse a bhí an fuinneamh agus thugadar na cosa leo faoi dheireadh.

Fág freagra ar 'Na cosa tugtha leo ag Corcaigh agus briseadh croí arís do Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann'