Na Cait caithréimeach arís i mbliain mheasartha

Ní bliain iontach iomána a bhí againn ach bhí cuid mhaith cluichí agus taispeántais ann a chuir tine ar chraiceann ár gcolúnaí…

Henry Shefflin Press Conference, The Langton Hotel, Kilkenny 25/3/2015 Henry Shefflin during today's press conference to announce his inter-county retirement  Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
©INPHO/Morgan Treacy

Ní fhéadfá a rá go raibh bliain iontach iomána againn. Bhí buaicphointí ann cinnte ach i gcoitinne, ní raibh caighdeán na gcluichí go hiontach.

Ag tosach na bliana bhí go leor suime ag pobal na hiomána i gcúrsaí club agus an chuid is mó den tsuim sin dírithe ar Sheamróga Bhaile hÉil agus Rí na hiomána, Henry Shefflin.

Bhíomar go léir ag fanacht leis an scéala go raibh sé ag éirí as an iomáint idirchontae. Ach choiméad sé a chlab dúnta go raibh bonn eile na gclub buaite aige. Ansin d’fhógair se go raibh a dhóthain déanta aige leis an gcontae agus a dhóthain buaite aige.

Ar pháirc na himeartha, chuir Baile Átha Cliath tús spleodrach le ré mbainisteora nua Ger Cunningham. Mhúineadar ceacht do Thiobraid Árann sa chéad chluiche sraithe acu agus, go luath ina dhiaidh sin, thugadar léasadh go Chill Chainnigh ina ‘gcúlgháirdín féin’ os comhair lucht leanta dílis na gCat. Ina dhiaidh sin, ní dhearnadar mórán eile ar fiú trácht air. Beimid ag súil le i bhfad níos mó uathu i 2016.

Taobh amuigh de Chill Chainnigh, ba iad na Déise a rinne an dul chun cinn is mó. Tá sé ráite agus scríte agam cheana go ndearna siad éacht teacht ó Roinn 1B chun tabhairt faoi na foirne a bhí ag feidhmiú in 1A agus corn na sraithe a thabhairt leo. Bhí an-bhliain acu agus dul chun cinn suntasach déanta acu le foireann óg. Ach tá an rún scaoilte anois agus rachaidh sé dian orthu cur leis an gcéad séasúr eile. Ní bhuafaidh siad mórán gan níos mó tosaithe a chur i mbun ionsaí.

Bord Gais Energy Munster Under 21 Hurling Championship Final, Cusack Park, Ennis, Co. Clare 30/7/2015 Clare vs Limerick Clare's Shane O'Brien and Cian Lynch of Limerick Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
 ©INPHO/Ryan Byrne

I gcraobh na Mumhan, thosaigh Luimneach amach le bua tábhachtach i gcoinne a gcomharsana, an Clár.  Ba é an buaicphointe domsa sa chluiche sin ná taispeántas an ógánaigh Cian Lynch ina chéad chluiche craoibhe.

Ach chuir Tiobraid Árann deireadh fir Luimnigh sa chluiche leathcheannais de chraobh an Chúige.

Sa chluiche leathcheannais eile, thug na Déise léargas eile dúinn ar an bhfeabhas atá tagtha orthu. Ach faraor, ní rabhadar maith go leor dos na Tiobradaigh sa chraobh.

I gCúige Laighean léirigh an Ghaillimh go rabhadar dáiríre faoi chúrsaí i mbliana nuair a thugadar léasadh do Bhaile Átha Cliath san athimirt. Ach sheas Cill Chainnigh an fód arís sa chraobh.

Ina dhiaidh sin ar fad, is dócha nár sheas ach cluiche amháin eile amach ar an mbóthar go dtí an chéad deireadh seachtaine i Meán Fómhair agus b’shin bua na nGaillimheach ar na Tiobradaigh ar lá a scóráil Séamus Callinan trí chúl agus leath dosaen cúilíní ón imirt.

Bhí ar na Gaillimhigh teacht ar ais i ndiaidh na gcúl sin go léir a ghéilleadh, ach m’anam go ndearnadar amhlaidh.

Cill Chainnigh a bhí eatarthu agus Corn stairiúil Mhic Cárthaigh agus go dtí leath ama sa chluiche ceannais, bhí gach cuma ar an scéal gurb iad fir an iarthair a bheadh ag dreapadh choiscéimeanna Ardán Uí Ógáin.

Tar éis cúpla focal tomhaiste ó Jackie Tyrell agus ón mbainisteoir Cody, áfach, thángadar amach sa dara leath agus cuma níos díograisí ar fad orthu. Chuireadar Gaillimh go go droim seoil agus thugadar an corn don aonú uair déag uair faoi stiúir Cody.

Plus ça change ….

Fág freagra ar 'Na Cait caithréimeach arís i mbliain mheasartha'