Múinteoir óg ag iarraidh nach mbeadh Frankie Boyle ag Féile an Phobail

Tá Caitlín Ní Ruanaí, a bhfuil deirfiúr aici agus Siondróm Down uirthi, ag iarraidh ar lucht eagraithe na féile an cuireadh a tharraingt siar mar gheall ar rudaí atá ráite ag Boyle faoi dhaoine a bhfuil Siondróm Down orthu

Frankie Boyle performs at the Royal Albert Hall, London, in aid of the Teenage Cancer Trust. PRESS ASSOCIATION Photo. Picture date: Tuesday March 24, 2015. Photo credit should read: Dominic Lipinski/PA Wire

Tá múinteoir óg i gColáiste Feirste ag impí ar Fhéile an Phobail go dtarraingeodh siad siar an cuireadh a thug siad don fhear grinn Albanach, Frankie Boyle, seó a dhéanamh san fhéile i mí Lúnasa.

Tá Caitlín Ní Ruanaí, a bhfuil Siondróm Down ar dheirfiúr léi, ag iarraidh ar lucht eagraithe na féile in iarthar Bhéal Feirste an cuireadh a tharraingt siar mar gheall ar rudaí atá ráite ag Boyle faoi dhaoine a bhfuil Siondróm Down orthu.

Caitlín agus Niamh 2In 2010, rinne Boyle tagairt ina seó grinn d’ionchas saoil daoine a raibh Siondróm Down orthu, an dóigh a labhraíonn siad agus na héadaí a chaitheann siad.

Níorbh é sin an t-aon uair a chothaigh Boyle conspóid faoi labhairt le daoine a bhfuil míchumas orthu. D’inis sé scéal grinn faoin bpairilis cheirbreach a bheith ar dheartháir an tiománaí rásaíochta, Lewis Hamilton, agus faoi mhac an mhainicín, Katy Price, atá faoi bhac inleachta agus atá dall.

San achainí, deirtear gurb ionann cuireadh a thabhairt do Frankie Boyle chuig an fhéile i mBéal Feirste agus “a rá leis na daoine is leochailí sa tsochaí nach bhfuil an comhionannas céanna is atá ag an mhórphobal dlite dóibh.”

“Tá súil againn go ndéanfaidh Féile an Phobail athmhachnamh ar a gcinneadh,” a deirtear.

Dúirt Ní Ruanaí gur tosaíodh ar an achainí seo in éadan Frankie Boyle “chun tacú lena deirfiúr Niamh ar duine de chlann Dé í”.

“Is í Niamh croílár na cruinne i dTeach Uí Ruanaidh, glaotar an banphrionsa uirthi agus is cailín ríoga í go cinnte! Is beag duine nach dtéann Niamh i bhfeidhm orthu lena gáire agus lena greann.

“Ina ainneoin sin, d’fhulaing Niamh mar gheall go ndearna daoine idirdhealú idir í féin agus daoine eile ó rugadh í. Throid mo thuismitheoirí chun cearta a bhaint amach di ar feadh a saoil agus chosain a deirfiúracha í ó pháistí aineolacha ar an tsráid nuair a bhí muid óg.

Dúirt sí go raibh sé deacair a chreidbhéail mar sin de go gcaithfí a deirfiúr a chosaint “ónár ngrúpa pobail féin, Féile an Phobail”.

“Níl léamh ná scríobh ag Niamh, níl sise in ann troid in éadan mhaslaí Frankie Boyle, ach déanfaimid mar chlann gach rud is féidir linn chun guth a thabhairt di.”

“Chítear dúinn go bhfuil an saol seo cruálach go leor do pháistí Dé gan ár n-eagraíochtaí pobail féin bheith ag tacú leis an teanga ghránna seo.

“Má ligeann Féile an Phobail do Frankie Boyle, tá siad ag ceadú nó ag normalú ionsaithe ar na daoine is mó i mbaol inár bpobal, ar na daoine gan ghuth, gan chosaint.”

Deir Ruanaí nach bhfuil sí in éadan saoirse cainte.

“Níl cinsireacht uainn, tá cothromaíocht agus cosaint uainn do na daoine is mó atá i mbaol,” ar sí.

Tá achainí curtha ar an suíomh change.org aici ag iarraidh tacaíochta dá hiarratas.

Fág freagra ar 'Múinteoir óg ag iarraidh nach mbeadh Frankie Boyle ag Féile an Phobail'