Múinteoir agus sárghníomhaí pobail agus teanga ar lár agus Aingeal Ní Chonghaola ar shlí na fírinne

Ba bhean í Aingeal Ní Chonghaola a chuir spéis mhór i ngach gné den saol agus a sheas an fód dá pobal i gcónaí

Múinteoir agus sárghníomhaí pobail agus teanga ar lár agus Aingeal Ní Chonghaola ar shlí na fírinne

Ar an Máirt seo caite, bhásaigh Aingeal Ní Chonghaola, múinteoir scoile as Cill Bhriocáin, Ros Muc a raibh cónaí uirthi ar an mBaile Dóite, Maigh Cuilinn le fada an lá.

Ba bhean í Aingeal a raibh spéis mhór aici i ngach gné den saol i nGaillimh agus i gConamara agus sheas sí an fód dá pobal i gcónaí

Ba chainteoir breá Gaeilge í nach ndearna dearmad riamh ar an áit arb as í agus ar an gcultúr dúchais as ar fáisceadh í.

Ag múineadh scoile i Leitir Mucú, ghlac sí páirt ghníomhach sa bhfeachtas a bhí ar bun ag an eagraíocht Cumhacht sna 1980dí i gcoinne cáin bhóthair a íoc mar gheall ar an drochbhail a bhí ar bhóithre Chonamara. Bhí sí ar dhuine den chúigear a rinne príosún mar chuid den fheachtas sin, nuair a dhiúltaigh sí an fhíneáil a cuireadh uirthi a íoc, agus chaith sí oíche amháin i bPríosún Mhuinseo, ar an 1 Nollaig 1986. Scaoileadh amach í nuair a d’íoc duine anaithnid an fhíneáil.

Bhí Aingeal páirteach i Meitheal Theilifís na Gaeltachta, an grúpa a bhí i mbun feachtais i gConamara ag iarraidh go mbunófaí stáisiún teilifíse sa Ghaeltacht. Bhí sí an-bhródúil gur i Ros Muc, a baile dúchais, a cuireadh an stáisiún bradach, Teilifís na Gaeltachta, ar bun mí Dheireadh Fómhair 1987.

Bhí an-spéis ag Aingeal i gcúrsaí timpeallachta agus in éindí le Leo Hallissey agus Clare Ní Thuathail, bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an Connemara Environmental and Cultural Centre i Leitir Fraic sa bhliain 1984, eagraíocht atá gníomhach i gcónaí ag plé le himeachtaí cultúrtha is timpeallachta.

Ba mhinic í ina moltóir ag díospóireachtaí Gael Linn agus bhíodh a cuid moltóireachta meáite ina spreagadh i gcónaí do na daoine óga a ghlac páirt iontu.

Fuair Aingeal a céad bhlaiseadh den oideachas i Ros Muc. Ina dhiaidh sin fuair sí a cuid meánscolaíochta i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus i gColáiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh. Tar éis na hArdteiste chuaigh sí ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimh áit ar bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Tíreolas. Tar éis na céime rinne sí cúrsa i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, le traenáil mar bhunmhúinteoir.  Ar theacht amach di bhíodh sí ag déanamh ionadaíochta i roinnt scoileanna i gConamara sula bhfuair sí a céad phost buan i Scoil Leitir Mucú. Mar gur thit na huimhreacha sa scoil bheag sin, cuireadh Aingeal ar an bpainéal agus ghlac sí le folúntas i Scoil Mhuire, Maigh Cuilinn. Bhí sí ina leas-phríomhoide sa scoil sin nuair a buaileadh tinn í.

Cheannaigh sí teach ceann tuí ar an mBaile Dóite, an teach inar rugadh agus a tógadh an scríbhneoir iomráiteach gearrscéalta, Tomás Bairéad, údar An Geall a Briseadh. Rinne sí an teach a réiteach amach go hálainn. Chuir sí síneadh, nár bhain in aon bhealach ó stíl thraidisiúnta an tí.  Is ann a chaith sí go fial, go fáiltiúil is go flaithiúil leis an iliomard cairde, ó gach cearn den tír, a raibh sé d’ádh orthu aithne a chur uirthi. 

Ba bhreá le hAingeal bheith ag taisteal. Chaith sí tréimhsí san Astráil agus san India. Chaith sí tréimhse sa Spáinn chomh maith chun Spáinnis a fhoghlaim agus bhí an teanga ar a toil aici nuair a tháinig sí ar ais go Maigh Cuilinn.

Ba iníon í Aingeal le Máire Bean Uí Chonghaola, nó Mary Kelly mar a tugadh uirthi i Ros Muc, bean a bhí thar a bheith gníomhach i bhforbairt pobail ar feadh a saoil go dtí gur bhásaigh sí sa bhliain 2013. Aingeal an duine ab óige den cheathrar páistí a thóg Mary Kelly aisti féin nuair a fuair a fear chéile Seán Ó Conghaola bás agus Aingeal ina páiste an-óg.  Fuair a deirfiúr Marion bás anuraidh agus bhásaigh a deartháir Páraic i dtús na bliana 2016. Maireann a deirfiúr Seosaimhín, a gaolta eile agus a cairde go léir.

Tá Aingeal á tórramh ina teach cónaithe ar an mBaile Dóite, Maigh Cuilinn, inniu ón 1.00pm ar aghaidh. Amárach Dé hAoine, an 26 Eanáir, beidh Aifreann a sochraide á cheiliúradh i Maigh Cuilinn ag meán lae agus créamfar a corp go príobháideach ina dhiaidh sin i gCréamatóiriam na Sionainne.

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal. 

Fág freagra ar 'Múinteoir agus sárghníomhaí pobail agus teanga ar lár agus Aingeal Ní Chonghaola ar shlí na fírinne'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Sheas sí an fód go dílis i gcónaí.

  • Mairéad Seóige

    Tá cur síos álainn déanta agat air saol Aingeal. Aireoidh muid uilig uainn í. Beannacht Dé lena
    h-anam agus sé’n trua gur imigh sí uainn i bhfad roimh an am.