Muinín daoine an Ghaeilge a labhairt ag dul sa treis ó thuaidh ach ag lagú ó dheas

De réir torthaí pobalbhreith nua a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, tá muinín ag duine as gach cúigear ó dheas agus duine as gach ochtar ó thuaidh as a gcumas Gaeilge a labhairt 

Muinín daoine an Ghaeilge a labhairt ag dul sa treis ó thuaidh ach ag lagú ó dheas

Tá ardú mór tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaoine sa tuaisceart a deir go bhfuil siad “muiníneach” as a gcuid Gaeilge ach ag laghdú atá an mhuinín atá ag muintir an deiscirt i dtaobh labhairt na teanga.

De réir torthaí pobalbhreith nua, tá “muinín” ag duine as gach cúigear ó dheas agus duine as gach ochtar ó thuaidh as a gcumas Gaeilge a labhairt. Is ionann sin agus 20% den phobal ó dheas, agus 14% den phobal ó thuaidh.

In 2019, nuair a cuireadh an cheist chéanna, thug 30% de dhaoine ó dheas le fios go raibh siad muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha, rud a fhágann gur laghdú 33% a bhí i gceist idir 2019-2024.

Ó thuaidh, tá ardú 75% tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaoine a deir go bhfuil siad muiníneach as a gcuid Gaeilge.

8% de dhaoine a dúirt go raibh siad muiníneach as a gcumas an teanga a labhairt in 2019 agus 14% a dúirt amhlaidh i mbliana.

I nDaonáireamh 2022, cuireadh ceist ar dhaoine ó dheas den chéad uair faoina líofacht sa Ghaeilge agus 3.9% de dhaoine a dúirt go raibh Gaeilge an-mhaith acu agus 30% a dúirt go raibh Gaeilge mhaith acu.

Ach de réir thorthaí an tsuirbhé nua, d’fhéadfadh nach mbeadh muinín ag go leor de na daoine sin as a gcumas an Ghaeilge a labhairt.

Cuireadh ceist freisin ar dhaoine sa suirbhé, a rinne an comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, faoin mhuinín atá acu as an Ghaeilge a thuigbheáil.

35% den phobal ó dheas agus 19% den phobal ó thuaidh a dúirt go bhfuil siad muiníneach gur féidir leo an Ghaeilge a thuigbheáil.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “ábhar suntais” é go bhfuil 35% den daonra ó dheas agus an líon is mó daoine ó thuaidh ó 2015, nuair a reáchtáladh an suirbhé den chéad uair, sásta a rá go bhfuil muinín acu as an tuiscint atá acu ar an Ghaeilge.

“Má táimid chun ardú a bhaint amach ar na figiúirí seo sna blianta amach romhainn, áfach, beidh ardú suntasach ag teastáil ar uaillmhian ón stát, thuaidh agus theas, san obair ar son na Gaeltachta agus na teanga. Níl aon amhras ann ach go mbeidh ardú mór infheistíochta de dhíth chun sin a bhaint amach.

“Tá bealach chun tosaigh leagtha amach sa Phlean Fáis, a bhfuil tacaíocht faighte aige ó 138 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Táimid ag éileamh ar na húdaráis na moltaí seo a chur san áireamh láithreach agus iad a chur i bhfeidhm,” a dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Léiríonn torthaí na pobalbhreithe go bhfuil móramh ó dheas ar mian leo tuilleadh deiseanna a bheith acu an teanga a labhairt. Triúr as gach cúigear, 62% de dhaoine ó dheas, a dúirt gur bhreá leo go mbeadh tuilleadh deiseanna acu an teanga a labhairt. 45% de dhaoine ó thuaidh a dúirt sin.

Maidir leis an Ghaeilge a fhoghlaim, dúirt breis agus dhá thrian den phobal ó dheas gur mian leo tuilleadh deiseanna a bheith acu chun an Ghaeilge a fhoghlaim.

D’aontaigh 47% de dhaoine ó thuaidh gur mian leo tuilleadh deiseanna a bheith acu chun an teanga a fhoghlaim.

Dúirt Cassie Ní Chatháin, Feidhmeannach Taighde agus Anailíse le Conradh na Gaeilge, gur léiríonn torthaí na pobalbhreithe go bhfuil “sciar suntasach” den daonra, thuaidh agus theas, gur mian leo “cur lena gcuid Gaeilge” ach go bhfuil “gá le tuilleadh deiseanna chun í a chleachtadh agus a labhairt”.

“Tá spás ann le ranganna a chur ar fáil ar fud na tíre, dóibh siúd a stop leis an Ghaeilge i ndiaidh na scoile, dóibh siúd nach raibh deis acu í a fhoghlaim ar scoil agus dóibh siúd a bhog go hÉirinn le blianta beaga anuas.

“Tá spás ann le Lárionaid Ghaeilge a thógáil i mbailte nach ann dóibh agus le himeachtaí sóisialta a reáchtáil do phobail ar mian leo níos mó Gaeilge a úsáid,” a dúirt Ní Chatháin.

Foilseofar príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge mar shraith scéalta an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.

Rinneadh na hagallaimh ar líne don phobalbhreith i mí an Mheithimh, sa dá dhlínse, thuaidh agus theas.

Daoine a bhí 18 mbliana agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh ó thuaidh agus ó dheas. Rinneadh 1,759 agallamh ó dheas agus 1,051 agallamh ó thuaidh. Is é +/- 2.4% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.1% ó thuaidh.

Athraíodh modheolaíocht shuirbhéanna Chonradh na Gaeilge in 2020 de bharr phaindéim Covid-19. Chomh maith leis sin, Ireland Thinks a rinne an phobalbhreith in 2023 agus in 2024, in áit Kantar a rinne an obair idir 2015-2022.

De bharr na ndifríochtaí sin, deirtear gur cheart a bheith cáiréiseach faoi chomparáidí a dhéanamh idir torthaí na pobalbhreithe nua agus na cinn eile.

Fág freagra ar 'Muinín daoine an Ghaeilge a labhairt ag dul sa treis ó thuaidh ach ag lagú ó dheas'