Mórléarscáil nua d’fhiadhúlra na hÉireann ar fáil i nGaeilge

Idir éin, mhamaigh, fheithidí, éisc agus phéisteanna, tá breis agus 200 ainmhí le feiceáil ar léarscáil nua d’fhiadhúlra na hÉireann, a tharraing maisitheoir as Doire de láimh

Mórléarscáil nua d’fhiadhúlra na hÉireann ar fáil i nGaeilge

Tá mórléarscáil d’fhiadhúlra na hÉireann curtha ar fáil i nGaeilge ag maisitheoir óg as Doire.

Idir éanacha, mhamaigh, fheithidí, éisc agus phéisteanna, tá breis agus 200 ainmhí le feiceáil ar léarscáil nua d’fhiadhúlra na hÉireann, a tharraing John Rooney as Doire.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an maisitheoir John Rooney, a tharraing gach cuid den léarscáil de láimh, go raibh sé “an-sásta” go raibh a léarscáil ar fáil i nGaeilge.

“Chuir mé an léarscáil amach chuig scoileanna éagsúla mar gur shíl mé go mbeadh sí ina háis iontach foghlama ag daoine óga agus tháinig go leor scoileanna ar ais chugam ag iarraidh fáil amach an raibh leagan Gaeilge den léarscáil agam,” a dúirt sé.

Is é Neil Ó Tarráin, iarphríomhoide Ghaelscoil Uí Fhiaich i gContae na Mí, ba mhó a ghríosaigh  Rooney le leagan Gaeilge a dhéanamh den léarscáil agus chuaigh sé i dteagmháil leis an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a d’aistrigh an léarscáil go Gaeilge agus a d’fhoilsigh roinnt cóipeanna den phóstaer le dáileadh ar scoileanna. 

Dúirt Rooney, a bhain céim amach sa Chumarsáid Físe in Ollscoil Uladh, Béal Feirste, gur fhoghlaim sé “an t-uafás” faoi na cineálacha éagsúla ainmhithe in Éirinn agus é i mbun an tionscadail.

“Bhí an t-ádh orm cuidiú a fháil ó Geraldine Breen, cara liom ar míoleolaí í, a chuir comhairle leanúnach orm maidir leis na hainmhithe ba cheart a bheith san áireamh,” a dúirt sé. 

Dúirt Rooney gur “údar iontais” dó nach raibh a leithéid de léarscáil ar fáil cheana “a thug léargas cuimsitheach” ar fhiadhúlra na hÉireann.

“Iarracht atá sa léarscáil an oiread is mó ainmhithe a d’fhéadfainnse a tharraingt a chur san áireamh san aon phictiúr amháin.

“Tá na mílte cineálacha feithidí in Éirinn mar shampla, ach ceal spáis níor éirigh liom ach na príomhfheithidí a léiriú,” a dúirt sé.

Thug Rooney le fios go bhfuil sé ag obair ar léarscáil d’fhiadhúlra na Breataine faoi láthair agus go bhfuil tús curtha aige le léarscáil d’fhiadhúlra Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tionscadal “is uaillmhianaí” aige go dtí seo.

Is iondúil go mbíonn na hainmhithe atá in Éirinn ar fáil sa tír go léir ach tá roinnt speiceas ann nach bhfuil ar fáil ach in áiteanna áirithe agus tugtar aitheantas dó sin sa léarscáil nua. Tá an Drúchtín Ballach, seilide atá le fáil i gCiarraí amháin, le feiceáil sa chontae sin sa léarscáil, mar shampla.

Tá an léarscáil le díol ar an suíomh etsy.com agus €42.50 atá faoi láthair uirthi.

 

Fág freagra ar 'Mórléarscáil nua d’fhiadhúlra na hÉireann ar fáil i nGaeilge'

  • Máire

    Tionscadal iontach. Maith thú, John Rooney agus go raibh maith agat Méabh Ní Thuathaláin as an scéal. Ba mhian linn cóip a cheannach do An Lon Dubh, Caife intí Raidió Fáilte i mBéal Feirste.

  • Séamas

    Níl ag éirí liom teacht air ar etsy. An miste leat nasc díreach chuige a chur suas?

  • Cait