Mór is fiú nach bhfuil Stormont ag sodar i ndiaidh Shráid Downing

I bhfianaise nuachtócáid Dominic Cummings sa rósghairdín ag Uimhir 10 Sráid Downing, tá aontachtaithe fiú buíoch beannachtach anois nach bhfuil siad sáinnithe san nead sin

Mór is fiú nach bhfuil Stormont ag sodar i ndiaidh Shráid Downing

“Thiomáin mé tríocha míle chun mo shúile a thástáil.”

Bhainfeadh an líne gáire as an lucht éisteachta ag geamaireacht nó scigdhráma.

Ach is mar chuid de dhráma polaitiúil a dúirt Dominic Cummings, comhairleoir speisialta Phríomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, é. Agus níor chúis gháire é.

Ní foláir nó go raibh an nath polaitiúil ‘más ag míniú atá tú, tá ag teip ort’ ar intinn Cummings agus Johnson, is cuma cé chomh hábalta is atá siad mar bholscairí.

Bhí údar gearáin ag pobal Shasana roimhe sin faoin gcaoi a láimhseáil Johnson, faoi thionchar a chomhairleora Cummings, paindéim an chóróinvíris; dhiúltaigh siad treoracha an WHO a leanacht agus thóg sé rófhada orthu plean a chur i bhfeidhm. Nuair a tháinig sé chun solais gur thaistil Dominic Cummings agus a theaghlach ó Londain go Durham nuair a bhí gnáthdhaoine faoi dhianghlasáil baineadh croitheadh as tacaíocht an phobail do straitéis an rialtais.

Thairis sin cothaíodh ceisteanna faoi bhreithiúnas Boris Johnson a chosain iompar Cummings.

“Mór is fiú nach bhfuil sinne ag glacadh le treoir an dreama sin,” a dúirt aontachtach dílis liom. Vótóir agus ní polaiteoir é ach tá dlúthbhaint aige le Teachtaí Tionóil.

Bhí sé buartha nuair a bhris Stormont (agus Albain agus an Bhreatain Bheag) le ‘bí san airdeall’, polasaí sláinte poiblí doiléir Boris Johnson. Chinn an Chéad agus LeasChéad-Aire in Stormont, Arlene Foster agus Michelle O’Neill, go raibh cur chuige Johnson contúirteach agus chloígh siad leis an treoir do dhaoine fanacht sa bhaile.

Ag an am sin bhí imní ar aontachtaithe áirithe gur chontúirt do bhuanseasmhacht na Ríochta Aontaithe ab ea an difríocht idir cur chuige na Breataine (cur chuige Shasana i bhfírinne) agus leagan amach Stormont. I bhfianaise nuachtócáid Dominic Cummings sa rósghairdín ag Uimhir 10 Sráid Downing Dé Luain, agus cur chuige Boris Johnson roimhe agus ina diaidh, tá siad buíoch beannachtach anois nach bhfuil siad sáinnithe san nead sin.

Is ar iarratas an Phríomh-Aire Johnson a glacadh an chéim annamh go labhródh comhairleoir neamhthofa ag nuachtócáid oifigiúil Uimhir 10. Léiriú gur thuig Johnson gur theip go hiomlán ar a iarracht féin réiteach a fháil ar an gconspóid faoi Cummings agus a léamh áirid ar na rialacha dianghlasála.

Tugtar creidiúint do Cummings as feachtas an reifrinn faoin mBreatimeacht a bhuachan. Maítear freisin gurb é príomhúdar na caithréime a bhí ag Johnson agus na Tóraithe san olltoghchán i mí na Nollag. Áirítear gur máistircheardaí ar mhanaí feachtasaíochta é, sárbholscaire.

Ba bheag dá chosúlacht a bhí ar a nuachtócáid – cé is moite den chleas a chonacthas fadó in The West Wing nuair a freagraíodh ceisteanna ad nauseam chun a dhul i bhfad scéil le hábhar agus iriseoirí a thuirsiú.

Níor dhúirt sé go raibh brón air agus ní raibh aon chuimhneamh aige ar éirí as. Bhí sé suite de nach raibh an dara rogha aige ach taisteal 260 míle ó Londain go Durham lena mhac ceithre bliana d’aois agus a bhean a bhí breoite tráth a raibh comharthaí sóirt Covid-19 ag cur as dó féin. Bhí an turas riachtanach mar go dtabharfadh duine muinteartha aire don bpáiste dá mbeadh sé féin agus a bhean róthinn don chúram.

Agus é ag iarraidh an nimh a bhaint as an gcáineadh faoi shárú na rialacha dianghlasála bhain cuid de fhreagraí Cummings geit as daoine. Ní ciotach go dtí iad. Rinne sé turas tríocha míle slí ó theach a mhuintire in Durham go dtí baile oidhreachta Barnard Castle ar bhruach abhainn an Tees, é ag seiceáil go mbeadh a amharc sách maith i ndiaidh Covid-19 le tabhairt faoin aistear ar ais go Londain. Bheadh leathadh súl ar éinne faoi dhuine a bheith ag tiomáint chun a radharc a thástáil, ach baineadh siar ar fad as a éisteoirí nuair a dúirt Cummings go raibh a bhean agus a mhac ceithre bliana d’aois sa charr freisin le haghaidh an tástáil súl neamhchoitianta sin.

I bhfianaise an turais tástála radhairc b’argóint in aisce i súile a lán é maíomh Boris Johnson gur mar thuismitheoir freagrach, grámhar a rinne Cummings cinneadh an t-aistear fada a thabhairt air féin.

Bhí na sluaite ar buile, iad ag fiafraí arb é brí na cainte sin nár dhea-thuismitheoirí iadsan a thug aire do pháistí agus iad breoite, cuachta isteach in árasáin bheaga.

An é nach gcloiseann Johnson agus Cummings a bhfuil á rá acu?

Nó an é nach dtuigeann siad céard a chloiseann na daoine a chloígh leis na rialacha agus a rinne íobairtí móra? Na daoine nach raibh in ann freastal ar shochraidí a muintire nó a bhí ag aonrú agus a ngaolta ag saothrú an bháis ina n-aonar?

Bhí súil ag Boris Johnson agus Dominic Cummings oíche Dé Luain go raibh a ndóthain déanta acu chun an chonspóid a shuaimhniú. Bhí siad ag brath air gur chabhair í nach raibh an Pharlaimint ina suí an tseachtain seo agus go n-éireodh na meáin as an scéal faoi dheireadh na seachtaine.

Bhí iarracht ar siúl chun aird a dhíriú ar cheisteanna eile agus scoileanna agus siopaí le hoscailt an mhí seo chugainn.

Is deacair a rá.

Ar an ngnáthbhealach bheadh Cummings imithe, ach ní gnáthpholaitíocht atá i réim.

Fiú má choinníonn sé a phost tá claig curtha sa mhiotas faoi ardéirim agus cumhacht Cummings agus tá an chuma ar an bPríomh-Aire Johnson go bhfuil sé lag agus ag brath an iomarca ar chomhairleoir.

Ní minic a deirtear é ach tá crot níos fearr ar Stormont ná ar Shráid Downing. Bíonn cur agus cúiteamh sa bhFeidhmeannas in Stormont ach ba í an umhlaíocht d’Uimhir a 10 an cháilíocht do státrúnaíocht i gcomhaireacht Boris Johnson.

Tá botúin déanta abhus (sna hionaid chúraim, mar shampla) agus níl siad ach ag foghlaim conas gnó an Fheidhmeannais a dhéanamh, ach is faoiseamh do dhaoine é cur chuige díláraithe Stormont.

Fág freagra ar 'Mór is fiú nach bhfuil Stormont ag sodar i ndiaidh Shráid Downing'