Molta go dtabharfadh coiste nua de chuid Pharlaimint na hEorpa faoi cheist na tithíochta sa nGaeltacht

Dúirt an Feisire Eorpach Ciarán Mullooly gur fhág na deacrachtaí atá ag cainteoirí dúchais Gaeltachta tithe a fháil ina gceantar féin go raibh an Ghaeilge anois i mbaol

Molta go dtabharfadh coiste nua de chuid Pharlaimint na hEorpa faoi cheist na tithíochta sa nGaeltacht

Ardaíodh an ghéarchéim tithíochta sa nGaeltacht i bParlaimint na hEorpa an tseachtain seo agus an Feisire Eorpach Ciarán Mullooly ag iarraidh go mbreathnódh coiste nua de chuid na parlaiminte ar an gceist.

Dúirt Mullooly, feisire de chuid an pháirtí Éire Neamhspleách, gur fhág na deacrachtaí atá ag cainteoirí dúchais Gaeltachta tithe a fháil ina gceantar féin go raibh an Ghaeilge anois i mbaol in áiteanna amhail Gaillimh, Ciarraí agus Dún na Gall.

Agus é ag labhairt sa bParlaimint an tseachtain seo, dúirt Mullooly go raibh na ceantair Ghaeltachta ina gcuid thábhachtach d’oidhreacht na hÉireann agus gurb iad sin croílár na teanga.

“Mar a deir Breanndán Ó Beaglaoich: An teanga, sin í croí ár ndúchais,” a dúirt Mullooly.

Bhí Ó Beaglaoich i measc ionadaithe ó na ceantair Ghaeltachta a bhí sa mBruiséil an mhí caite agus a chas le feisirí.

Dúirt Mullooly gur fhág drochphleanáil agus ualach tithe saoire go raibh slua daoine gan aon Ghaeilge tar éis teacht isteach sa nGaeltacht agus go raibh tionchar suntasach aige sin ar chúrsaí teangeolaíochta.

“Má leantar ag tabhairt cead pleanála gan aon srianta agus mura ndéantar idirdhealú dearfach ar son cainteoirí Gaeilge, tá an-bhaol ann go dtiocfaidh deireadh leis an nGaeilge ar fad in áiteanna amhail Gaillimh, Ciarraí agus Dún na nGall.”

Dúirt Mullooly go gcaithfeadh coiste nua de chuid na Parlaiminte, An Coiste Speisialta um an Ghéarchéim Tithíochta san Aontas Eorpach, cás na Gaeltachta a phlé.

“Teastaíonn polasaithe dearfach pleanála uainn a thugann tús áite don phobal dúchais agus caithfimid a chinntiú nach ndíbreofar daoine óga a bhfuil scoth na Gaeilge acu amach as a bpobal féin mar nach acmhainn dóibh praghas na dtithe a sheasamh.  Mhair an Ghaeilge d’ainneoin cogaí, gorta, agus rabhartaí imirce. Tubaiste a bheadh dá mba iad na dlíthe pleanála a mharódh ar deireadh í.”

Fág freagra ar 'Molta go dtabharfadh coiste nua de chuid Pharlaimint na hEorpa faoi cheist na tithíochta sa nGaeltacht'

  • Nioclás Pól Caileán de Ghloucester

    Scríobh mise gan freagra don pholaiteoir seo ar na 31/05/2024; 14/06/2024; 29/09/2024; 18/11/2024; agus 13/02/2025.