Moladh go mbeadh Gaeilge ag 20% de dhaoine ar bhoird stáit pléite sa Dáil

Bhí a n-ochtú seisiún tráthnóna ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun leasuithe ar an mBille Teanga a phlé

Moladh go mbeadh Gaeilge ag 20% de dhaoine ar bhoird stáit pléite sa Dáil

Ba chóir go mbeadh Gaeilge ag líon áirithe de na daoine a cheaptar ar bhoird stáit, a dúradh sa Dáil inniu.

Teachtaí Dála de chuid an Rialtais agus an fhreasúra araon a rinne an t-éileamh i leith ceapachán bord ag an ochtú seisiún a bhí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun leasuithe ar an mBille Teanga nua a phlé.

Nuair a chuirtear san áireamh leasuithe a bhí dícheadaithe agus leasuithe eile a bhí grúpáilte le chéile, tá plé déanta go dtí seo ar 181 den 308 leasú ar fad atá molta. Tá an plé críochnaithe i gcás 125 acusan.

Níor ghlac an tAire Stáit ach le leasú amháin go dtí seo ach tá geallta aige go dtiocfaidh sé ar ais ag an gcéad chéim eile den phróiseas, Céim na Tuarascála, lena chuid moltaí féin faoi 32 de na leasuithe.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh “ciall” leis an moladh gur cheart an Ghaeilge “a chur san áireamh mar scil” agus ceapacháin Bhoird á ndéanamh. Dúirt sé gurb é an tAire Caiteachais Phoiblí a bhí freagrach as na treoirlínte i leith ceapachán boird agus gheall sé go labhródh sé leis faoin scéal.

Sinn Féin a mhol na leasuithe ar an mBille faoi na ceapacháin bhoird ach labhair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív agus an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ar son an éilimh chomh maith.

Dúirt Jack Chambers go raibh “na treoirlínte níos tábhachtaí ná na leasuithe” sa chás seo agus go gcaithfeadh sé an scéal a phlé lena chomhghleacaí, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur rud “thar a bheith simplí a bheadh ann na treoirlínte a athrú”. Bealach “réasúnta agus praiticiúil” a bheadh ann cabhrú leis an nGaeilge a chur “i lár an aonaigh”.

Dá ndiúltófaí do na leasuithe, b’ionann é agus cur “le himeallú na Gaeilge”, a dúirt an Teachta Dála neamhspleách.

Dúirt sí gur léiriú eile a bhí i ndiúltú do na leasuithe go raibh an díospóireacht faoin mbille “ag tarlú i bhfolús”. B’amhlaidh an scéal mar nach bhfuil aon “aitheantas” á thabhairt dá thromchúisí is atá cás na teanga sa státchóras.

Dúirt Catherine Connolly go raibh ag méadú ar an “frustrachas” atá uirthi agus an tAire Stáit ag diúltú do rudaí chomh bunúsach leis an moladh faoi chás na Gaeilge ar na boird stáit.

“Is í teanga oifigiúil na tíre í,” arsa an Teachta Dála neamhspleách.

Maidir leis an moladh go gcinnteodh gach Aire Rialtais go mbeadh Gaeilge ag 20% ar a laghad de chomhaltaí gach bord Stáit, dúirt Éamon Ó Cuív go raibh “gá le gníomh faoi seo”.

Thacaigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go háirithe le leasú a d’fhágfadh go mbeadh Gaeilge ag comhalta de gach beirt ar Údarás RTÉ.

Is “go drogallach” a bhí RTÉ ag comhlíonadh a ndualgais reachtúil i leith TG4 agus táthar ag “fáisceadh” ar Raidió na Gaeltachta “an t-am ar fad”, a dúirt an t-iar-aire Gaeltachta.

D’iarr Ó Cuív ar an Aire Chambers a chuid moltaí féin faoi cheist na gceapachán bord a chur chun cinn ag an gcéad chéim eile den Bhille.

Ó tharla gurb é cuspóir an Bhille go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí, ba cheart ar a laghad an cuspóir céanna a bheith ann i gcás na mbord stáit, arsa Ó Cuív.

“Tá cothromas ag dul go dtí pobal na Gaeilge freisin,” a dúirt sé.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, a mhol na leasuithe, go mbeadh “dearcadh” eile ag na boird stáit ach a chinntiú go mbeadh Gaeilgeoirí orthu.

Chuirfeadh sé leis an éagsúlacht sa státchóras agus chuirfeadh sé beocht i gcur chuige na mbord, a dúirt Ó Snodaigh.

Mhol baill an choiste ag tús an chruinnithe inniu go ndéanfaí scóip an bhille a leathnú ach thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios nach mbeadh aon fháilte roimh an moladh sin.

Bhí sé níos tábhachtaí leanúint ar aghaidh le plé agus achtú an bhille, a dúirt sé.

Bhí cuid mhór de na leasuithe a pléadh inniu rialaithe as ord ag Oifig na mBillí toisc, a maíodh, go mbeadh costas ag baint leo nó nár bhain siad le forálacha an bhille.

Ar na leasuithe a rialaíodh as ord bhí moltaí i dtaobh cáipéisí dátheangacha agus leasú de chuid Aenguis Uí Shnodaigh, a d’fhágfadh go n-úsáidfí giorrúcháin Ghaeilge, amhail BÁC, ar chóid phoist agus ar uimhirphlátaí carranna. De réir leasú eile a mhol Sinn Féin ach a rialaíodh as ord, bheadh sé de cheart ag gach duine seirbhísí sláinte agus meabhairshláinte a fháil i nGaeilge dá mba mhian leo.

Moladh i leasú eile de chuid Shinn Féin, a dícheadaíodh, go mbeadh ceart ag gach duine faoin mbliain 2040 ar oideachas lán-Ghaeilge.

De réir sraith leasuithe eile ón bpáirtí, leagfaí dualgais bhreise ar chraoltóirí maidir le líon na n-uaireanta an chloig de chláir Ghaeilge a bhíonn acu agus i nGaeilge amháin a bheadh gach fógra a chraoltar ar TG4.

Fág freagra ar 'Moladh go mbeadh Gaeilge ag 20% de dhaoine ar bhoird stáit pléite sa Dáil'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá seo náireach! Caidé’n mhaith ag troid ar son cearta nuair nach bhfuil an rialtas seo sásta cosaint a thabhairt don Ghaeilg faoin dlí???!!! Tá rialtas Fhine Gael agus Fhianna Fáil ag marú na Gaeilge agus na Gaeltachta!!!!

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!