Moill trí bliana le foilsiú leagan clóite de foclóir.ie

Deir Foras na Gaeilge anois gur i lár na bliana 2020 a fhoilseofar an leagan clóite de foclóir.ie agus tá cúiseanna éagsúla á lua leis an moill

Moill trí bliana le foilsiú leagan clóite de foclóir.ie

Beidh moill trí bliana ar fhoilsiú an leagain chlóite den fhoclóir nua Béarla/Gaeilge.

Bhí an foclóir nua, atá ar líne cheana féin, le foilsiú i bhfoirm leabhair i bhfómhar na bliana seo, sprioc a raibh glactha leis ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Tugadh cead ina dhiaidh foilsiú an leagain chlóite a chur siar go dtí fómhar na bliana seo chugainn, 2018, ach deir Foras na Gaeilge anois gur i lár na bliana 2020 a fhoilseofar an leagan clóite de foclóir.ie.

Thug bainisteoir an tionscadail, Cathal Convery, le fios do Nuacht TG4 tráthnóna go raibh trí chúis éagsúla leis an moill: tá i bhfad níos mó ábhair ann ná mar a bhí beartaithe nuair a cuireadh tús le tionscadal an fhoclóra; a laghad foirne atá ag obair ar an dtogra; agus an dúshlán a bhaineann le foclóir ar phár a dhéanamh d’fhoclóir leictreonach, beart nár deineadh riamh cheana, a mhaítear.

Ba i dtús na bliana 2013 a sheol Foras na Gaeilge foclóir.ie agus táthar ag cur i gcónaí leis an timpeall 140,000 agus 60,000 comhad fuaime atá ar fáil sa bhfoclóir ar líne.  Tá aip an fhoclóra ar fáil ó 2015.  

Os cionn milliún duine a thug cuairt ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, foclóir.ie, in 2016— méadú 82% ar líon na gcuairteoirí in 2015.

€6.1 milliún euro an costas atá luaite leis an togra, agus deir Foras na Gaeilge go gcuirfear an obair i gcrích taobh istigh den bhuiséad sin.

Idir an dá linn, tá Foras na Gaeilge agus foireann an fhoclóra ag obair ar fhoclóirí nua Gaeilge-Béarla agus Gaeilge-Gaeilge, a mbeifear á bhforbairt as seo go ceann seacht mbliana.

Fág freagra ar 'Moill trí bliana le foilsiú leagan clóite de foclóir.ie'

  • Stilla

    Tá sár-obair déanta ag lucht foilsithe an fhoclóra agus an-mholadh tuillte acu. Táimse buíoch díobh. Tá éacht déanta acu.