Moill le bheith ar an gclár vacsaínithe de bharr cinneadh faoi AstraZeneca – Varadkar

Deir Aontas Cógaiseoirí na hÉireann go bhféadfaí dlús a chur leis an gclár vacsaínithe ach cead a thabhairt do phoitigéirí an tsnáthaid AstraZeneca/Oxford a thabhairt d’oibrithe leighis

Moill le bheith ar an gclár vacsaínithe de bharr cinneadh faoi AstraZeneca – Varadkar

An Tánaiste, Leo Varadkar. Pictiúr: Julien Behal Photography / RollingNews.ie

Fágann an socrú gan an vacsaín AstraZeneca/Oxford a thabhairt do dhaoine os cionn 70 bliain go mbeidh moill ar an bplean an tsnáthaid a thabhairt do dhaoine san aoisghrúpa sin, a deir An Tánaiste Leo Varadkar.

Deir Aontas Cógaiseoirí na hÉireann go bhféadfaí dlús a chur leis an gclár vacsaínithe ach cead a thabhairt do phoitigéirí an tsnáthaid AstraZeneca/Oxford a thabhairt d’oibrithe leighis.

Tá socruithe nua i dtaobh an chláir vacsaínithe le déanamh ag an tascfhórsa atá ag plé leis agus an HSE ó mhol an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, gurbh fhearr an vacsaín Pfizer nó Moderna a thabhairt do dhaoine os cionn 70. Dúirt an Dr Holohan gurb amhlaidh go raibh easpa sonraí ann faoin a éifeachtaí is atá an vacsaín AstraZeneca/Oxford san aoisghrúpa sin.

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt an Tánaiste Leo Vardakar gur fhág an cinneadh sin go bhfaigheadh oibrithe sláinte agus daoine eile an tsnáthaid níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.

Mhaígh urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty go raibh dúshláin mhóra le sárú anois ag dochtúirí i dtaobh dháileadh na vacsaíní ar dhaoine atá níos sine.

Mhaígh Doherty nach raibh aon phlean soiléir ag an Rialtas agus nárbh léir cén fhad a thógfadh sé an tsnáthaid a thabhairt do gach duine os cionn 70 atá á lorg.

Mhaígh Leo Varadkar nach mbeadh de mhoill ar dháileadh na vacsaíní ach pé moill a bheadh ar a soláthar. Bhí an stát i measc na gceithre tír is fearr ó thaobh dháileadh na vacsaíní, a dúirt Varadkar.

Táthar ag súil 400,000 dáileog den vacsaín Oxford/AstraZeneca a fháil faoi dheireadh mhí an Mhárta

Na buntáistí is mó a bhaineann leis an tsnáthaid áirithe sin ná go bhfuil sé níos saoire ná na cinn eile agus go bhfuil sé níos fusa í a stóráil agus í a chur ar fáil in áiteanna éagsúla.

Bhíothas ag súil an vacsaín Oxford/AstraZeneca a thabhairt don uile dhuine atá os cionn 70 a luaithe agus is féidir, ag tosú i lár na míosa seo leis an dream atá 85 nó níos sine.

Caithfear socruithe a dhéanamh anois chun go mbeidh ar chumas dochtúirí teaghlaigh an tsnáthaid Pfizer-BioNtech agus Moderna a thabhairt don dream atá os cionn 70. Beidh cinneadh le déanamh freisin faoi cén grúpa a dtabharfar na vacsaín Oxford/AstraZeneca dóibh ó tharla nach bhfuil sí le tabhairt do dhaoine atá amach san aois.

Fág freagra ar 'Moill le bheith ar an gclár vacsaínithe de bharr cinneadh faoi AstraZeneca – Varadkar'