MO ROGHA BIA… le Eoghan Ó Loideáin

An tseachtain seo ceistíonn Tuairisc.ie Eoghan Ó Loideáin faoin mbéile is ansa leis

Eoghan Ó Loideáin

Don tsraith seo ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo Eoghan Ó Loideáin, láithreoir Dochreidte Gan Dabht gach Céadaoin ag 5.25i.n. ar TG4.

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann?

B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo roinneann Eoghan Ó Loideáin, láithreoir Dochreidte Gan Dabht  a scéal linn.

Bridget Bhreathnach: Cén béile speisialta atá agat?

Eoghan Ó Loideáin: Píotsa le bun ros lín! (flaxseed/linseed)

BB: Cén fáth a dtaitníonn an béile seo leat?

Eoghan: Le cúpla bliain anuas tá mé ag baint triail as roghanna gnáthbhia áirithe a mhalartú le roghanna níos sláintiúla. Is é an fáth leis seo ná go raibh orm roghannna níos fearr a phiocadh le cinntiú nach mbeadh mo ghoile ag troid liom go laethúil! Dá réir seo, tá aiste bia an céiliach á leanúint agam le tuairim is dhá bhliain.

Chuir sé sin ar an mbóthar seo mé. Ag triail teacht ar an mbealach cócaireachta is folláine agus is féidir liom, faoi thrí sa ló, nó do leaid óg cósúil liomsa atá fós ag fás, faoi chúig ar a laghad!

Bíonn drogall ar dhaoine tabhairt faoi aiste bia mar seo ag ceapadh go bhfuil sé ródheacair. Aontaím leo ar bhealach; níl sé easca, ach nuair a théann tú i gcleachtadh air, ar nós rud ar bith eile, gheobhaidh tú an ceann is fearr air.

Chomh maith leis sin, glacfaidh do chorp buíochas leat gach uile lá as ucht an athrú súntasach.

Tá an píotsa seo thíos saor ó ghlútan, cruithneacht agus ó dhéirí na mba, comhábhair nach n-aontaíonn le cuid mhór dhaoine, ach is BREÁ liomsa é!

BB: Cén deoch a chuirfeá leis?

Eoghan:

Chianti deas…, nó uisce!

BB: Céard iad na comhábhair?

Eoghan: Níl ach trí cinn de chomhábhair sa mbun – breá éasca:

Dhá chúpán ros lín mínmheilte, dhá ubh, agus 50g cáis feta (is féidir leat céadar a úsáid más fearr leat ach ní bheidh sé saor ó déirí na mba ansin.)

Cuir pé rud is mian leat ar a bharr, roghanna sláintiúla ar ndóigh! Fan glan ar an bpiobarónaí, srl!

BB: Cén modh déantacháin atá leis? – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriáil sa mbaile!

Eoghan:

Beidh ort an ros lín a chur sa gcumascóir chun é a dhéanamh mín, noiméad nó dhó ar a mhéad.

Caith i mbabhla é agus measc isteach an dá ubh ansin an cháis feta, triomóidh sé le meascadh LÁIDIR.

Faigh stán cáca cáise (8-10cm) agus cuir an méid atá measctha agat ann.

Faigh gloine láidir le bun leathan ar agus dóthain páipéar bácála a chlúdóidh an bhun.

Anois, brúigh síos an meascán sa stán go dtí go mbeidh sé cothrom uile timpeall.

Caith san oighean é ar 160 céim Celsius ar feadh 8 noiméad, ansin tóg amach é chun na barráin a chur air.

Molaim féin tuilleadh cáis feta (bí cúramach, tá go leor ann cheana féin!)

Cuimil ar a bharr é ar nós mar a dhéanfá le im ar arán rósta.

Faigh crúsca trataí griantriomaithe agus doirt cuid den ola ina gcoinnítear iad ar a bharr, ach ná báigh leis é!

Gearr cúpla tráta silín suas agus caith air iad.

Os a chionn sin, bíonn duillí ruacháin go hálainn.

Le críochnú, sicín maranáidithe san anlann ar fearr leat.

Tá an bun chomh deas sin nach bhfuil tú ag iarraidh é a chur faoi cheilt leis an iomarca ar a bharr. Is leor an méid thuas.

 Bhain Eoghan Ó Loideáin, as an gCeathrú Rua ó dhúchas, céim cumarsáide amach ó Acadamh na hOllscolaíochta, Gaeilge i 2011. Cuireann sé an clár ‘Dochreidte Gan Dabht’ i láthair.  Clár é seo ina bhfuil na curiarrachtaí Guinness is casta agus is craiceáilte le feiceáil. Is féidir é a fheiceáil gach Céadaoin ag 5.25 i.n. agus athchraoladh gach Satharn ag 10:30 r.n. ar TG4.

Fág freagra ar 'MO ROGHA BIA… le Eoghan Ó Loideáin'