Mo chéad turas ar an Rúis tríocha bliain ó shin, ba gheall le domhan eile ar fad é

Ní haon iontas é gur fháiltigh cuid mhór de mhuintir na Rúise roimh fheairín beag crua láidir a chuir slacht agus smacht ar riar na dúichí arís

Mo chéad turas ar an Rúis tríocha bliain ó shin, ba gheall le domhan eile ar fad é

Agus gleo Chorn Domhanda an tSacair ár mbodhrú, sinne gur lú ár spéis ann ná a bheith ag féachaint ar pheileadóirí Bhleá Cliath agus iad chun cinn i bpáirc an Chrócaigh mí Meán Fómhair, tagann an limistéar maorga mistéireach sin An Rúis chun cuimhne.

Ní maith iad formhór na scéalta ná na cuntais a fhaighimid as an Rúis anseo san Iarthar (más ann dá leithéid d’áit, arsa tusa).
Buail le haon duine ón Rúis, áfach, agus tugann roinnt mhaith acu turas orainn anseo i gCorca Dhuibhne, agus is daoine breátha suáilceacha iad a léiríonn spéis i gcultúr, i dteanga, i gcuideachta, i gceol is amhráin na muintire.

Tabhair turas ar an dtír ollmhór san acu agus beidh tú faoi dhraíocht ag áilleacht na tíre, na foirgnimh, na séipéil agus an teanga, gan trácht ar na daoine breátha suáilceacha a bhuailfidh leat.

Mo chéad turas ar an limistéar, agus iad fós faoi chuing an Chumannachais suas le tríocha bliain ó shin, ba gheall le domhan eile ar fad é. Ar Sverdlovsk, an chathair inar cuireadh an teaghlach Ríoga Romanov chun báis tús an chéid seo caite, a bhí mo thriall le scata iriseoirí Éireannacha a bhí chun seal malairte a dhéanamh le hiriseoirí Rúiseacha.

Oscailt súl ab ea na scuainí iomadúla a bhí ins gach aon áit, go háirithe áit ina raibh teacht ar thaoscán beag vodca.
Scuainí eile chun ceann breá cabáiste geal a cheannach agus a chur faoi d’ascaill abhaile.

Cathair dhúnta ab ea Sverdlovsk tráth, gach ní faoi cheilt ann mar gurbh ann a bhíodh ceanncheathrú rannóga rúnda riartha na tíre, a chualamar. Agus creideann iriseoirí gach aon ní a chloiseann siad…

Is cuimhin liom an boladh ait a bhí san aer sa chathair, boladh ceimiceach, mar go mbíodh truailliú an diabhail sa timpeallacht. Is cinnte nach raibh cuma na sláinte ar abhainn a bhí lámh leis an gcathair. Dath buí dubh uirthi is gan iasc ná feithid le feiscint.

Nuair a thug m’iriseoir Rúiseach-sa turas ar Chorca Dhuibhne ina dhiaidh san, ní meallta ag áilleacht na dúichí a bhí sé, an créatúr, ach ag an bhflúirse ar na seilfeanna in ollmhargadh Uí Ghairbhí.
Is cinnte gur beag a bhí ar sheilfeanna ollmhargaí ag baile aige ach iasc deataithe, arán agus uibheacha i bpicil i gcrócaí gloine.

Tháinig Yeltsin is Gorbachev agus chuir an domhan Rúiseach trína chéile in ainm na saoirse.
Do dhaoine a chleachtaigh Sáranna agus seirfeachas ba dheacair acu aon mheabhair a dhéanamh den bhréagshaoirse agus an bhréagchothromaíocht seo. George Orwell a dúirt go mbíonn níos mó den chothrom ag daoine thar a chéile. Tá a fhios agat.

Ní haon iontas é gur fháiltigh líon mór de mhuintir na Rúise roimh fheairín beag crua láidir a chuir slacht agus smacht ar riar na dúichí arís, fiú má líon sé a phócaí fhéin go béal ag an am céanna, más fíor tuairiscí.
Mianach, meon agus iompar an deachtóra go smior ann, a deirtear.

Ocht mbliana déag i réim anois ag Vladamir Putin agus is i dtreise agus i dtréine atá a ghreim de réir dealraimh. An freasúra ina dtost ar eagla a mbáis agus a gcur den saol.

Ní éireoidh mná amach ach chomh beag. Má tá aon chiall acu.

Féach an íde a cuireadh ar scata ógbhan Puncach, Pussy Riot cúpla bliain ó shin. Léirsiú in eaglais cheartchreidmheach a rinne siad. Rince ‘mínáireach’ ar altóir ‘bheannaithe’ in aghaidh dhaorsmacht cléir is stáit.
Mo ghraidhin go dóite iad.

Caite isteach i bpríosún gan trócaire, gulag anuas ar ghulag. Sclábhaíocht agus drochíde agus easpa ceart.

Diansmacht leanúnach toisc dúshlán rialtais is eaglais míChríostaí a thabhairt. Léirsiú idirnáisiúnta agus aird an domhain mhóir orthu sular scaoileadh saor iad. Náire shaolta, níl aon teora leis.

Ní tharlódh a leithéid i dtírín bheag bheannaithe shibhialta mar Éirinn. Ó mo chuimhne, tharla.

Ceiliúraimis, mná Éireannacha, ár laincisí a bheith scaoilte agus bímis buíoch deireadh a bheith le daorsmacht cléir is stáit.

Agus guím ádh mór ar na Rúisigh bhreátha ghnaíúla agus iad ag imirt chaide na laethanta seo. Maithfidh siad dom é muna bhféachfaidh mé cam orthu.

Fág freagra ar 'Mo chéad turas ar an Rúis tríocha bliain ó shin, ba gheall le domhan eile ar fad é'