Míshástacht faoi damáiste a rinne cuadrothair ar chosán siúlóide poiblí i nGaeltacht Thír Chonaill

Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil eolas faighte acu faoi chuadrothair a ndeachaigh ar ‘Shiúlóid an tSeanbhóthair Iarainn’

Míshástacht faoi damáiste a rinne cuadrothair ar chosán siúlóide poiblí i nGaeltacht Thír Chonaill

Tá díomá ar fheirmeoir Gaeltachta i dTír Chonaill mar gheall ar an damáiste a rinneadh do gheata a tógadh ar a chuid talún mar chuid de ‘Shiúlóid an tSeanbhóthair Iarainn’.

Dúirt Seán Ó Baoill, as Maigh Ráithe i nGaeltacht Thír Chonaill, le Tuairisc.ie go raibh sé míshásta gur briseadh an geata a tógadh ar an seanbhealach traenach ar an Fhál Carrach.

“Tá an Chomhairle Contae ag cóiriú an iarnróid anois le tamall. Tá siad ag déanamh an phíosa ón cheantar seo go ceantar Ailt an Chorráin, agus rinne siad an obair ar an líne ar an talamh s’agamsa. Rinne siad jab iontach maith faoi choinne daoine a bhíonn amuigh ag siúl agus ag rothaíocht, ach chuir mé ceist orthu an gcuirfeadh siad suas geataí le hinsint do dhaoine gur talamh phríobháideach é, agus rinne siad jab iontach.

“Ach ag an deireadh seachtaine rinneadh damáiste don gheata nua. Níl a fhios agam ar leaids óga amuigh ar quads a bhí ann nó duine sa cheantar a bhfuil fadhb acu gur tógadh an geata, ach tá díomá orm go bhfuil sé briste,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Dúirt Ó Baoill go raibh “sásta leis an dóigh a raibh rudaí ag dul” agus é ag tagairt don éileamh a bhí ar an gcosán nua siúlóide agus rothaíochta atá ag dul trína chuid talún.

Tógadh Ó Baoill i dteach an stáisiúin ar an líne traenach ó Leitir Ceanainn go hAilt an Chorráin, áit a mbíodh a sheanathair ina mháistir stáisiúin. Cheannaigh a mhuintir an talamh ar thaobh amháin den ráille agus is é an talamh sin atá athchóirithe ag an gComhairle Contae don chosán nua.

“Tá an chuid eile den líne [níos faide soir] rud beag garbh, níl na clocha a cuireadh síos go deas le siúl nó le rothaíocht orthu, ach rinne siad jab iontach maith anseo agus tá na radhairc amach ar Thoraigh ar dóigh. Tá achan nduine iontach sásta leis an bpíosa seo den chosán agus tá díomá orm gur tharla seo,” a dúirt sé.

I ráiteas a thug Comhairle Contae Dhún na nGall do Tuairisc.ie, dúradh go bhfuil fianaise ar an láthair gur bhuail cuadrothar an geata.

“Táimid ar an eolas faoi eachtraí ina ndeachaigh cuadrothair ar an mbealach seo agus tá monatóireacht á déanamh anois ar an scéal i gcomhar le grúpaí pobail agus siúlóirí aonair sa cheantar. Tá comharthaí crochta againn agus súil againn go laghdófar ar an mí-iompar seo de réir mar a bhíonn an cosán in úsáid ag níos mó daoine, mar a tharla in áiteanna eile.

“Tá sé i gceist ag an gComhairle geata nua a chur ann agus an píosa seo den chosán a oscailt don phobal sna seachtainí amach romhainn,” a dúradh.

Tá iarrtha ag an nGarda Síochána ar an bpobal aon eolas maidir leis an damáiste a rinneadh a thabhairt dóibh.

Fág freagra ar 'Míshástacht faoi damáiste a rinne cuadrothair ar chosán siúlóide poiblí i nGaeltacht Thír Chonaill'

  • cliodhna

    Gaigí, bligeaird, cladhairí agus pastairí. Cuirtear ag smiotadh carraigeacha iad le ceapord agus bainfear an teaspach díobh.