‘Mise Éire’ le taispeáint sa Taibhdhearc inniu

RÉAMHRÁ: Cuirfear tús inniu le 100 Bliain den Chineama Éireannach i gCathair na Gaillimhe

George Morrison, Stiúrthóir 'Mise Eire'
George Morrison, Stiúrthóir ‘Mise Eire’

Cuirfear tús inniu le ‘100 Bliain den Chineama Éireannach’ i gCathair na Gaillimhe. Is cuid de Chomóradh an Chéid 1916-2016 atá ann faoi scáth Cheantar Scannán UNESCO na Gaillimhe. Beidh taispeántas scannáin, díospóireachtaí agus plé ar fhorbairt na féiniúlachta náisiúnta in Éirinn agus forbairt na scannán náisiúnta le céad bliain anuas.

Is i dTaibhdhearc na Gaillimhe a bheidh an taispeántas ar siúl agus beidh na scannáin Man of Aran (1934) agus Mise Éire (1959) á dtaispeáint ag 12i.n. agus 2i.n. faoi seach. Cuirfidh aoi-stiúrthóir faoi leith gach ócáid i láthair agus is é Gar O’Brien, Stiúrthóir Cláir le Fleadh Scannán na Gaillimhe a chuirfidh ócáid an lae inniu i láthair.

Eisíodh Mise Éire den chéad uair i mí Eanáir na bliana 1960 agus ba é an chéad scannán Gaeilge a raibh fuaimrian ceolfhoirne leis – fuaimrian a chum Seán Ó Riada. Bhí cáil ar an scannán freisin mar gheall ar an gcaoi a cuireadh le chéile é. Ní dhearnadh aon taifeadadh nua don scannán agus is ábhar cartlainne amháin, ón tréimhse 1896 go 1918, atá sa scannán – ábhar nuachta ó Éirí Amach na Cásca féin san áireamh.

Taispeánfar Curious Journey – The 1916 Rising (1973) i ndiaidh Mise Éire agus beidh díospóireacht ar siúl ina dhiaidh sin arís leis an Ollamh Kevin Rockett ó Choláiste na Tríonóide agus an Dochtúir Conn Holohan ó Scoil Scannán Huston ar an téama ‘Éirí Amach na Cásca sna Scannáin’.

Leanfaidh 100 Bliain den Chineama Éireannach ar aghaidh i gcaitheamh na bliana agus tá lucht a eagraithe ag súil go mbeidh taispeántas ar siúl uair sa mhí.

Ar an Satharn a bheidh na taispeántais agus díospóireachtaí ar siúl agus beidh téama difriúil ann gach mí. Beidh trí scannán, ar an meán, á dtaispeáint gach mí agus beidh costas €5.50 ar gach scannán nó €15 don lá ar fad.

Is é Ryan’s Daughter scannán deireanach an lae inniu, a thaispeánfar ag 7i.n.

Fág freagra ar '‘Mise Éire’ le taispeáint sa Taibhdhearc inniu'