MIONLÉIRMHEAS: Cuimhne na gcloch agus saotharlann an dúlra

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar saothair neamhghnácha. An babhta seo, grianghraif a lorgaíonn éirim aigne i nithe 'neamhbheo'

MIONLÉIRMHEAS: Cuimhne na gcloch agus saotharlann an dúlra

Creidim go n-inseodh sé a lán fút! Cén saghas duine thú? Duine a chreideann go bhfuil cuimhne ag na clocha? Duine NACH gcreideann go bhfuil cuimhne ag na clocha?

Glass Mountain

Grianghraif le Michael Lundgren
Stanley /Barker, Londain a d’fhoilsigh, 2025
120 lch
Toisí: 9½x11¾”
Luach:€64.95

Lorgaíonn Lundgren éirim aigne i nithe ‘neamhbheo’. Is iad na Meiriceána an tsaotharlann atá aige. Ná féach ar an dúlra mar rud daingean, ar seisean. Rud is ea é atá ag tarlú. I gcónaí. ‘Tráth den saol,’ arsa Lundgren, ‘ba mhapaí dúinn iad an ghrian, na réaltaí, an ghealach. Ba bhaile dúinn é an pláinéad seo . . .’

Sa Ghaineamhlach

Desert

Duaisleabhar le Raymond Depardon

Ní thuigim an éifeacht atá ag an ngaineamhlach orm. Aisteach go leor, bhí an gaineamhlach i nGleann na Ríthe róthe dom agus níor bhaineas sult in aon chor as na pirimidí ann. Ach an gaineamhlach trí lionsaí na máistirghrianghrafadóireachta, sin scéal eile ar fad agus cuireann sé draíocht orm!

Depardon

Seachas Depardon, bheadh orm Ron Rosenstock a lua a bhfuilim ag obair leis le cúpla scór bliain:

Ron Rosenstock

https://www.rosenstockandrosenstock.com/

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Cuimhne na gcloch agus saotharlann an dúlra'

  • Carraig

    A, a Ghabriel, braithfimíd uainn thú. Spirid a ghaibh an treo seo chugainn agus a bhronn péarlaí gaoise orainn ar feadh na slí.
    ‘Mairfidh an balla ach ní mhaireann an láimh a thóg.’
    Omnium non morior.