Ar nós chuile dhuine a tháinig ar an saol san Ísiltír le 70 bliain anuas, d’fhás mé aníos ag éisteacht le scéalta Nijntje, coinín neamhurchóideach (ar an gcéad radharc) a bhfuil cónaí uirthi i ndomhan de línte simplí agus dathanna láidre ach suaimhneacha, domhan a chum an t-údar agus an t-ealaíontóir grafach as Utrecht, Dick Bruna.
Is beag a thuig mé, go dtí gur tháinig cara as Meiriceá ar cuairt an tseachtain seo caite, gur paindéim idirnáisiúnta atá sa choinín céanna, saghas coinínvíreas nach bhfuil ach cuspóir amháin aici: an domhan a chur faoi chois faoin ainm Miffy (nó Míofaí, mar a bhaist Gabriel Rosenstock uirthi ina aistriúchán do Dalen Éireann ar roinnt de na leabhair as an tsraith.)
Bean 45 bliain d’aois í mo chara, ach níor luaithe in Utrecht muid nó bhí orainn tabhairt faoi ‘Thuras Míofaí’ timpeall na cathrach (stadanna éigeantacha ag Cearnóg Mhíofaí agus ag Soilse Tráchta Míofaí – soilse tráchta ar a n-iompaíonn coinín ó dhearg go glas.)
Ina dhiaidh sin bhí orainn dhá uair an chloig a chaitheamh i Músaem Míofaí – áit, gan dabht, a bhí lán go doras le tachráin a bhí ag dul as a gcranna cumhachta le ródháileog Mhíofaí. Go deimhin bhí ‘cúinne ciúin’ ar gach urlár a bhféadfaí páistí a bhí ina ghátar a chur isteach i bpluais dhorcha (‘spás neamhspreagthach’ an sofhriotal ceart), agus ag pointe amháin bhí orm mo chara 45 bliain d’aois a chur isteach i gceann acu sin.
Níor chuir an cúinne ciúin sin stop léi áfach agus i ndiaidh dúinn teacht amach as Músaem Míofaí bhí orainn cuairt a thabhairt ar bhreis agus dosaen siopaí bronntanais agus cuimhneacháin ar thóir earraí Míofaí. Ní ag insint bréige atá mé má deirim gur féidir le bean fhásta luach €130 a chaitheamh ar thruflais Mhíofaí-bhunaithe.
Bhí fáinne eochrach Míofaí (€4.50) i measc na rudaí a cheannaigh sí ach lá i ndiaidh di é a bhronnadh ar mo chara, fear bhun an bhóthair, thit aghaidh chruachláir Mhíofaí den fháinne.
Bhí díomá ar fhear bhun an bhóthair ach fearg a bhí ormsa. Agus tubaiste aeráide ag bagairt orainn, an rud deiridh atá uainn ná fáinní eochrach bunaithe ar fhocain coinín – truflais a dhéantar sa tSín, a chaithfear a thabhairt chun na hEorpa ar long lastais nó eitleán truaillitheach, agus a thiteann as a chéile laistigh de 24 uair an chloig.
Bhí spionn aisteach orm nuair a tháinig muid abhaile ó chathair Utrecht an lá sin, ródháileog Mhíofaí orm féin, agus níor luaithe sa bhaile muid nó d’aimsigh mé peann agus páipéar agus rinne sraith léaráidí de mo chuid féin.
Sa chéad cheann, baineadh an cloigeann de Mhíofaí le claíomh.
Sa dara ceann, thug mé croiméal scuab fiacla do Mhíofaí agus gruaig ghearr dhubh, a chíor mé go taobh amháin.
Bhain an toradh an anáil díom: dhá stríoca pinn, agus ba dheachtóir aitheanta ón nGearmáin a bhí i Míofaí.
Chuimhnigh mé láithreach ar an mana iomráiteach sin le Hannah Arendt, the banality of evil – leimhe an oilc, ceal aistriúchán níos cumasaí.
Dar leis na saineolaithe, an príomhfháth go meallann Míofaí na mílte milliún páistí ar fud na cruinne ná go bhfuil na léaráidí chomh simplí sin – chomh simplí, go deimhin, nach mbíonn mothúchán ar bith le sonrú ar a haghaidh.
Ach is é an dreach sárneodrach sin go díreach an rud a chuireann scéin ionamsa. Ní bheadh a fhios agat céard atá á bheartú taobh thiar den dá spota dubha sin de shúile agus an béilín cúisiúil, ceartaiseach sin i bhfoirm croise. An té a choinníonn a bhéal dúnta ar fhaitíos go gcuirfí isteach ar éinne, creach fhurasta é d’fhórsaí an oilc.
Mar a léirigh mé féin i ndrochjóc, is leor dhá stríoca pinn.
Tá mé cinnte nach dtaitneodh sé le Dick Bruna, nach maireann, go gcuirfí croiméal scuab fiacla ar Mhíofaí agus scoilt ghruaige sho-aitheanta; go ndéanfaí comparáid idir coinín neamhurchóideach agus víreas atá ag iarraidh an domhan a chur faoi chois.
Ach nílim cinnte ach oiread an dtaitneodh sé leis go bhfuil na mílte milliún tonaí de thruflais ag cur leis an truailliú.
Marcas
Bheadh gruaig bhuí agus craiceann oráiste níos tráthúla ar an ‘fhocain choinín’ sin a dhear tú.
Marcas
Bheadh an ‘focain choinín’ úd a dhear tú níos tráthúla dá mbeadh dos gruaige buí agus leicne flannbhuí air.
Marcas
Bheadh caipín MAGA agus leicne flannbhuí ar an ‘fhocain choinín’ sin a dhear tú níos tráthúla.