Mick McCarthy rogha an FAI do phost an bhainisteora –tuairiscí

Tuairiscítear tráthnóna go mbeidh Mick McCarthy ag filleadh mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann

Mick McCarthy rogha an FAI do phost an bhainisteora –tuairiscí

Tuairiscítear go bhfuil Mick McCarthy le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann den dara huair.

De réir tuairisce ag RTÉ Sport tráthnóna, tiocfaidh McCarthy anall go dtí Baile Átha Cliath an deireadh seachtaine chun dul i mbun comhráite leis an FAI faoin bpost.

Tháinig deireadh le ré cúig bliana Martin O’Neill i gceannas ar an bhfoireann inné nuair a tháinig sé féin agus leasbhainisteoir Roy Keane ar shocrú leis an FAI go n-imeoidís.

Chaith McCarthy sé bliana i gceannas ar fhoireann na hÉireann cheana, idir 1996 agus 2002. Ba le linn Chorn an Domhain 2002 ba mhó a rinne sé gaisce nuair a chuaigh Éire chomh fada leis an dara babhta ach ba roimh an gcomórtas sin ba mhó a tharraing sé conspóid nuair d’éirigh idir é féin agus captaen na hÉireann Roy Keane i Saipan.

Ó d’fhág sé post na hÉireann mí na Samhna 2002, tá tréimhsí caite aige i gceannas ar roinnt foirne i Sasana. Bhain sé ardú céime go dtí an Phríomhroinn amach le Wolves agus arís le Sunderland. Tá sé díomhaoin mar bhainisteoir ó d’fhág sé Ipswich níos luaithe i mbliana agus sé bliana tugtha aige leo.

Tá sé ráite cheana aige go mbeadh suim aige filleadh ar phost na hÉireann agus an chuma ar an scéal anois go dtabharfar an deis sin dó.

Má éiríonn leis an idirbheartaíocht idir McCarthy agus an FAI, tá gach seans ann go mbeidh sé sa phost in am don tarraingt i mBaile Átha Cliath ar an 2 Nollaig do bhabhtaí cáilithe Euro 2020.

Fág freagra ar 'Mick McCarthy rogha an FAI do phost an bhainisteora –tuairiscí'