Michéal D Ó hUigínn le filleadh ar an Áras agus Peter Casey sa dara háit – pobalbhreitheanna iarvótála

De réir pobalbhreitheanna a rinneadh i measc daoine a bhí díreach tar éis vótáil i dtoghchán na huachtaránachta inniu, os cionn 55% a thug vóta céadrogha don Uachtarán agus fuair an fear gnó conspóideach Peter Casey 21%

Michéal D Ó hUigínn le filleadh ar an Áras agus Peter Casey sa dara háit – pobalbhreitheanna iarvótála

Vótáil móramh inniu ar son an dara téarma mar uachtarán a thabhairt do Mhicheál D Ó hUigínn, de réir pobalbhreitheanna a rinneadh i measc daoine a bhí díreach tar éis vótáil.

De réir na bpobalbhreitheanna, Peter Casey a thiocfaidh sa dara háit sa toghchán agus 21% aige, toradh dochreidte d’iarrthóir nach raibh ach 1-2% aige sna pobalbhreitheanna a rinneadh le linn an fheachtais ach de réir na bpobalbhreitheanna iarvótála beidh thart ar an gcéatadán céanna vótaí céadrogha aige is a bheidh ag an gceathrar eile de na seisear iarrthóirí le chéile.

Liadh Ní Riada, an t-iarrthóir Gaeltachta de chuid Shinn Féin, a thiocfaidh sa triú háit ar éigean, de réir na bpobalbhreitheanna.

56% a vótáil ar son Uí Uigínn, de réir an tsuirbhé iarvótála a rinne Ipsos/MRBI don Irish Times. 58% a vótáil ar son an Uachtaráin, de réir an tsuirbhé iarvótála a rinne Red C do RTÉ.

39.6% de vótaí céadrogha a bhí ag Micheál D Ó hUigínn i dtoghchán 2011 nuair a toghadh ar an gceathrú comhaireamh é, ach d’fhéadfadh an céatadán is airde riamh de vótaí céadrogha i dtoghchán uachtaránachta a bheith aige an turas seo.

Agus an chuma ar an scéal le fada go mbeadh an lá leis an Uachtarán, is cinnte gurb é an díol suntais is mó a bhaineann leis na torthaí ná an tacaíocht mhór a léiríodh do Peter Casey sna pobalbhreitheanna iarvótála. 1-2% a bhí ag Casey sna pobalbhreitheanna a deineadh le linn an fheachtais, ach deineadh na pobalbhreitheanna sin go léir sula ndearna sé a ráitis chonspóideacha faoin lucht siúil agus faoin gcóras leasa sóisialaigh, ráitis a thuill go leor cáineadh dó.

Is cinnte go ndéanfar plé mór anois faoin tionchar a bhí ag na ráitis sin ar an toradh agus faoin méid a léiríonn scéal Casey faoi dhearcadh an phobail i leith an lucht siúil agus is cinnte go ndéanfar scagadh freisin ar an rath bhí ar a chur chuige toghchánaíochta conspóideach neamhghnách.

7% a fuair Liadh Ní Riada i bpobalbhreith RTÉ, agus 8% a bhí aici i bpobalbhreith an Irish Times.

Údar díoma a bheadh i dtoradh dá leithéíd do Shinn Féin agus é i bhfad níos ísle ná leibhéal tacaíochta an pháirtí go náisiúnta agus an 13.7% a fuair Martin McGuinness i dtoghchán 2011.

7% a fuair Seán Gallagher i bpobalbhreith an Irish Times, agus 6% a bhí aige i bpobalbhreith RTÉ. 28.5% de vótaí céadrogha a bhí ag Gallagher in 2011. Fuair Joan Freeman 6% sa dá phobalbhreith agus 2% a bhí ag Gavin Duffy sa dá cheann.

Bhí líon na ndaoine a vótáil i dtoghchán na huachtaránachta, an 14ú toghchán uachtaránachta, íseal go maith de réir na dtuairiscí ó na toghcheanatair i gcaitheamh an lae.

56.11% de na daoine a bhí cláraithe chun vóta a chaitheamh a rinne amhlaidh i dtoghchán na huachtaránachta in 2011 nuair toghadh Micheál D Ó hUigínn mar an naoú hUachtarán ar Éirinn. 47.6% de na daoine a bhí cláraithe chun vóta a chaitheamh a rinne amhlaidh i dtoghchán 1997 nuair a toghadh Mary McAleese, an céatadán  is lú daoine riamh a chaith vóta i dtoghchán uachtaránachta roimhe seo.

65.1% a chaith vóta san olltoghchán deireanach in 2016 agus 64.1% a chaith vóta sa reifreann faoi aisghairm an Ochtú Leasú mí Bealtaine.

Ipsos/MRBI a rinne suirbhé iarvótála an Irish Times i ngach toghcheantar agus 4,500 duine ag 160 stáisiún vótála a bhí i gceist.

De réir na bpobalbhreitheanna go léir a rinneadh ó thús an fheachtais, bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn i bhfad chun tosaigh ar an gcúigear eile sa toghchán.

Measadh nach raibh oiread sin anam ná beocht san fheachtas agus go bhféadfadh nach mbeadh an tinreamh vótála chomh hard sin inniu dá bharr.

Seo an chéad uair ó 1966 ar tugadh dúshlán i dtoghchán d’uachtarán a bhí ag iarraidh an dara téarma oifige.

Ag a 9am amárach, Dé Sathairn, a chuirfear tús le comhaireamh na vótaí agus meastar go bhféadfadh torthaí an chéad chomhairimh a bheith ar fáil tráthnóna amárach.

Má éiríonn le haon iarrthóir os cionn 50% den vóta a fháil sula mbeidh an comhaireamh déanta ar na vótaí go léir fógrófar tofa é nó í.

Déanfar an chéad uachtarán eile a insealbhú ar an 11 Samhain.

Caitheadh vóta chomh maith inniu i reifreann maidir leis an bhfocal ‘diamhaslach’ a bhaint as Bunreacht na hÉireann, rud a cheadódh don Oireachtas an dlí a leasú ionas nach cion a bheadh níos mó sa diamhasla. 71.1% a vótáil ar son fáil réidh leis an bhfocal ‘diamhaslach’, de réir na pobalbhreithe iarvótála ag RTÉ agus 69% a bhí i gceist i bpobalbhreith an Irish Times.

 

 

 

Fág freagra ar 'Michéal D Ó hUigínn le filleadh ar an Áras agus Peter Casey sa dara háit – pobalbhreitheanna iarvótála'

  • Adam Lawson

    Ní mór dom a rá, bhí uafás orm agus mé ag breathnú inné ar dhíospóireacht na seachtaine seo caite, agus ag éisteacht lena raibh Casey ag rá. Bhí sé ag gearán go mbeadh an lucht siúilte ag éileamh níos mó airgid phoiblí, ach ní raibh guth duine den lucht féin ar bith sa chomhrá. Ní saineolaí mé, ach de réir an chuma a bhí ar an scéal a d’inis sé faoi na tithe i dTiobráid Árainn, ní hé go raibh níos mó airgid ag taisteal óna daoine a bhí i gceist – ba mhian leo go mbeadh stablesanna acu IN ÁIT na bpainéal gréine agus na fancy rudaí eile nach raibh, tá mé ag tomhas, chomh tábhachtach dóibh mar na stables (is an lucht siúile atá iontu; ní féidir ionadh a bheith orainn gur ceann de na priorities is mó acu ná stables!). Is féidir nach bhfuil níos mó airgid ag taisteal óna comhphobail seo, ach níos mó smachta ar a shaolta féin – ceart a gcuid socruithe pleanáilte féin a dhéanamh, mar shampla, ionas go mbeadh siad in ann an t-airgead poiblí atá acu a úsáid ar an dóigh is gá leo. Ní duine den lucht siúilte mé, áfach – beidh fios fearr acusan ná agamsa!